+Airteagal 17 Athruithe tar éis toiliú a fháil
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
|
Airteagal 17 Athruithe tar éis toiliú a fháil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
Má dhéantar aon athrú bunriachtanach ar shonraithe nó coinníollacha an toilithe, cuirfidh an fógróir na húdaráis inniúla lena mbaineann agus an coinsíní ar an eolas láithreach agus, i gcás inar féidir, sula dtosóidh loingsiú. Measfar gur athruithe bunriachtanacha iad, inter alia, athruithe i gcomparáid leo sin a luaitear san fhógra, maidir le cainníocht na dramhaíola, sa ródú, lena n-áirítear bealaí malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann, dáta nó dátaí an loingsithe nó an t-iompróir nó na hiompróirí, nó athruithe ar fhad an loingsithe, i ngeall ar imthosca gan choinne arb ann dóibh tar éis thús an loingsithe, a mbeidh sé mar thoradh orthu go rachaidh loingsiú thar a thréimhse bhailíochta.
|
|
Airteagal 17 2.
|
I gcás athrú bunriachtanach dá dtagraítear i mír 1, cuirfear fógra nua isteach, mura rud é go measann na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann nach bhfuil gá le fógra nua agus cuirfidh siad an fógróir ar an eolas faoi sin. Cuirfidh na húdaráis inniúla an fógróir ar an eolas faoin méid sin a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dóibh an fhaisnéis a fháil de bhun mhír 1. Ní dhéanfar loingsiú dramhaíola a bhí pleanáilte go dtí go gcuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an fógróir ar an eolas faoi. I gcás ina bhfuil loingsiú tosaithe cheana, áiritheoidh an fógróir go gcuirfear stop leis an gcoinsíneacht a luaithe is indéanta go dtí go gcuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an fógróir ar an eolas i dtaobh an bhfuil gá le fógra nua.
|
|
Airteagal 17 3.
|
I gcás ina mbeidh údaráis inniúla seachas na húdaráis inniúla lena mbaineann páirteach sna hathruithe bunriachtanacha dá dtagraítear i mír 1, cuirfear fógra nua isteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|