+Airteagal 40 Toirmeasc ar onnmhairí dramhaíola neamhghuaisí
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.
|
Airteagal 40 Toirmeasc ar onnmhairí dramhaíola neamhghuaisí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 40 1.
|
Beidh toirmeasc ar onnmhairí na ndramhaíolacha seo a leanas ón Aontas atá beartaithe lena n-aisghabháil i dtíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo:
(a)
dramhaíolacha neamhghuaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III nó Iarscríbhinn IIIB agus meascáin de dhramhaíolacha neamhghuaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn IIIA;
(b)
dramhaíolacha neamhghuaiseach agus meascáin de dhramhaíolacha neamhghuaiseacha a áirítear sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE, i gcás nach liostaítear cheana í in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA ná Iarscríbhinn IIIB;
(c)
dramhaíolacha neamhghuaiseacha agus meascáin de dhramhaíolacha neamhghuaiseacha nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA nó Iarscríbhinn IIIB ná sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(d)
dramhaíolacha neamhghuaiseacha a aicmítear faoi iontráil AB130, AC250, AC260 nó AC270.
|
|
Airteagal 40 2.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le honnmhairí dramhaíolacha nó meascáin dramhaíolacha atá beartaithe lena haisghabháil chuig tír atá san áireamh sa liosta tíortha a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 41 i gcás na ndramhaíolacha neamhghuaiseacha agus na meascán de dhramhaíolacha neamhghuaiseacha a shonraítear sa liosta sin. Ní fhéadfar an t-onnmhairiú sin a dhéanamh ach amháin ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas faoin dramhaíl:
(a)
tá sí beartaithe le haghaidh saoráid atá ceadúnaithe faoi reachtaíocht intíre na tíre lena mbaineann chun tabhairt faoi oibríochtaí aisghabhála don dramhaíl sin;
(b)
níl sí beartaithe le haghaidh oibríochtaí eatramhacha, ach amháin más rud é go ndéanfaí gach oibríocht aisghabhála neamheatramhaí nó eatramhaí ina dhiaidh sin sa tír chinn scríbe chéanna nó i dtíortha eile a bhfuil an dramhaíl ghaolmhar san áireamh ina leith sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 41.
|
|
Airteagal 40 3.
|
I gcás onnmhairí a cheadaítear i gcomhréir le mír 2:
(a)
maidir le dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel seachas iad siúd a aicmítear faoi iontráil B3011, beidh sí faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar síos in Airteagal 18 nó, i gcás ina léiríonn an tír lena mbaineann amhlaidh san iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 42, an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn;
(b)
maidir le dramhaíl a aicmítear faoi iontráil B3011, beidh sí faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn;
(c)
maidir le dramhaíolacha neamhghuaiseacha agus meascáin de dhramhaíolacha neamhghuaiseacha nach liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, beidh siad faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn.
|
|
Airteagal 40 4.
|
I gcás onnmhairí i gcomhréir le mír 2, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Theideal II. I gcás ina bhfuil onnmhairí den sórt sin faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar síos in Airteagal 18, áiritheoidh an duine a shocraíonn an loingsiú go ndéanfar an fhaisnéis atá le soláthar ag an tsaoráid de bhun Airteagal 18(8) agus (9) a chur isteach trí chóras dá dtagraítear in Airteagal 27, ach amháin má tá an tsaoráid nasctha le córas dá dtagraítear in Airteagal 27. I gcás ina bhfuil onnmhairiú den sórt sin faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 38 leis na hoiriúnuithe seo a leanas:
(a)
ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(5) agus ag Airteagal 14:
(b)
nuair a bheidh baint tíre nó dramhaíolacha áirithe nó meascáin áirithe de dhramhaíolacha den liosta dá dtagraítear in Airteagal 41 tagtha i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás inniúil seolta a thoiliú i scríbhinn a tharraingt siar le haghaidh aon fhógra a bhaineann leis an tír sin nó leis na dramhaíolacha sin nó meascáin de dhramhaíolacha sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|