+Airteagal 43 Measúnú na hiarrata ar a bheith san áireamh ar an liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 2.
---+Airteagal 43 3.
---+Airteagal 43 4.
|
Airteagal 43 Measúnú na hiarrata ar a bheith san áireamh ar an liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 42, measúnú gan mhoill ar na hiarrataí a chuirtear isteach agus, má tá sé sásta go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin, áireoidh sé an tír a bhfuil an iarraidh á déanamh aici ar an liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu. Beidh an measúnú bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar an bhfianaise thacaíochta arna soláthar ag an tír a bhfuil an iarraidh á déanamh aici, chomh maith le faisnéis ábhartha eile, agus cinnfidh sé sin an gcomhlíonann an tír atá ag déanamh na hiarrata na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42, lena n-áirítear an bhfuil na bearta uile is gá curtha i bhfeidhm agus á gcur chun feidhme aici chun a áirithiú go ndéanfar na dramhaíolacha agus na meascáin de dhramhaíolacha lena mbaineann a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59, agus nach bhfuil aon éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar bhainistiú dramhaíola intíre sa tír lena mbaineann mar thoradh ar an dramhaíl a onnmhairítear ón Aontas. Chun an measúnú sin a dhéanamh, úsáidfidh an Coimisiún, mar phointí tagartha, na forálacha ábhartha sa reachtaíocht agus sa treoraíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX.
|
|
Airteagal 43 2.
|
Más rud é, le linn don mheasúnú a bheith á dhéanamh aige, go measann an Coimisiún go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ag an tír a bhfuil an iarraidh á déanamh aici neamhiomlán nó nach leor í lena léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42 á gcomhlíonadh, tabharfaidh sé an fhéidearthacht don tír sin faisnéis bhreise a sholáthar laistigh de thréimhse 3 mhí ar a mhéad. Féadfar tréimhse bhreise 3 mhí a chur leis an tréimhse sin i gcás ina ndéanann an tír lena mbaineann iarraidh réasúnaithe ar an síneadh sin.
|
|
Airteagal 43 3.
|
I gcás nach soláthraíonn an tír a bhfuil an iarraidh á déanamh aici an fhaisnéis bhreise laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, nó i gcás ina meastar fós go bhfuil an fhaisnéis bhreise arna soláthar neamhiomlán nó nach leor í lena léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42 á gcomhlíonadh, cuirfidh an Coimisiún an tír a bhfuil an iarraidh á déanamh aici ar an eolas gan moill mhíchuí nach féidir leis an tír sin a bheith san áireamh ar an liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu agus nach bpróiseálfar a hiarraidh a thuilleadh. I gcás den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún an tír bhfuil an iarraidh á déanamh aici ar an eolas freisin faoi na cúiseanna atá leis an gconclúid sin. Féadfaidh an tír atá ag déanamh na hiarrata iarraidh nua a thíolacadh de bhun Airteagal 42.
|
|
Airteagal 43 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 42(4), measúnú gan moill mhíchuí ar na hiarrataí a chuirtear isteach agus, má tá sé sásta go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42(3) agus (4), tugtar de chumhacht dó gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an tír atá ag déanamh na hiarrata a áireamh ar an liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu. Chun an measúnú sin a dhéanamh, úsáidfidh an Coimisiún, mar phointí tagartha, na forálacha ábhartha sa reachtaíocht agus sa treoraíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|