|
+Airteagal 57 Idirthuras tríd an Aontas maidir le dramhaíl atá beartaithe lena diúscairt |
Airteagal 57 Idirthuras tríd an Aontas maidir le dramhaíl atá beartaithe lena diúscairtAirteagal 57 Idirthuras tríd an Aontas maidir le dramhaíl atá beartaithe lena diúscairt I gcás ina ndéantar dramhaíl atá beartaithe lena diúscairt a loingsiú trí na Ballstáit ó thríú tíortha agus chuig tríú tíortha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 51, lena ngabhann na hoiriúnuithe agus na forálacha breise seo a leanas:
(a)
déanfaidh an chéad údarás inniúil idirthurais agus an t-údarás inniúil deireanach idirthurais san Aontas, i gcás inarb iomchuí, an oifig custam iontrála agus an oifig custam imeachta a chur ar an eolas faoina gcinntí faoi seach chun toiliú leis an loingsiú nó, má thug siad toiliú intuigthe, maidir leis an admháil i gcomhréir le hAirteagal 51(3), pointe (b);
(b)
déanfaidh an oifig custam imeachta, a luaithe a fhágann an dramhaíl an tAontas, an t-údarás inniúil/na húdaráis inniúla idirthurais san Aontais a chur ar an eolas gur fhág an dramhaíl an tAontas;
(c)
féadfaidh údarás inniúil idirthurais san Aontas, más gá, ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach, nó ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach sa bhreis a cheangal, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid cumhdaigh aon ráthaíochta airgeadais nó árachais choibhéisigh a dhéanann an fógróir a bhunú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|