+IARSCRÍBHINN XXVII TREORACHA TUAIRISCITHE CHUN G-SIInna A SHAINAITHINT AGUS RÁTAÍ MAOLÁNACHA G-SII A SHANNADH
|
IARSCRÍBHINN XXVII TREORACHA TUAIRISCITHE CHUN G-SIInna A SHAINAITHINT AGUS RÁTAÍ MAOLÁNACHA G-SII A SHANNADH
IARSCRÍBHINN XXVII
TREORACHA TUAIRISCITHE CHUN G-SIInna A SHAINAITHINT AGUS RÁTAÍ MAOLÁNACHA G-SII A SHANNADH
|
Clár Ábhar
|
|
|
CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA
|
|
1.
|
STRUCHTÚR AGUS GNÁSANNA
|
|
1.1.
|
STRUCHTÚR
|
|
1.2.
|
GNÁS UIMHRIÚCHÁIN
|
|
1.3.
|
GNÁS MAIDIR LE COMHARTHAÍ
|
|
|
CUID II: TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID
|
|
1.
|
BARÚLACHA GINEARÁLTA
|
|
2.
|
TREORACHA A BHAINEANN LE SUÍOMHANNA SONRACHA
|
CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA
1. Struchtúr agus gnásanna
1.1. Struchtúr
1. Is éard atá sna ceanglais tuairiscithe seo a bhfuil sé d’aidhm acu tacú le hinstitiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo (G-SIIanna) a shainaithint agus lena sanntar rátaí maolánacha G-SII comhfhreagracha, teimpléad amháin lena léirítear faisnéis faoi tháscairí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo agus míreanna áirithe is gá chun modheolaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm chun G-SIInna a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII comhfhreagracha a shannadh.
1.2. Gnás uimhriúcháin
2. Cloítear sa doiciméad leis an ngnás lipéadaithe mar a leagtar amach i bpointí 3 go 5 i gcás ina dtagraítear do cholúin, rónna agus cealla na dteimpléad. Úsáidtear na cóid uimhriúla sin go forleathan sna rialacha bailíochtaithe.
3. Cloítear leis an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha: {Teimpléad; Ró; Colún}.
4. I gcás tagairtí a dhéantar laistigh de theimpléad, agus nach n-úsáidtear ach pointí sonraí an teimpléid sin dá bhrí sin, ní áirítear teimpléad leis an nodaireacht: {Ró; Colún}. I gcás teimpléid nach bhfuil ach aon cholún amháin iontu, ní thagraítear ach do rónna {Teimpléad; Ró}.
5. Úsáidtear réiltín le léiriú go ndéanann an tagairt na rónna nó na colúin a shonraítear roimhe a ghabháil.
1.3. Gnás maidir le comharthaí
6. Déanfar aon mhéid lena méadaítear luach an táscaire, na sócmhainní, na ndliteanas nó na risíochtaí a thuairisciú mar fhigiúr deimhneach. Déanfar aon mhéid lena laghdaítear luach an táscaire, na sócmhainní, na ndliteanas nó na risíochtaí a thuairisciú mar fhigiúr diúltach. I gcás ina bhfuil comhartha diúltach (-) roimh lipéad ítime, níltear ag súil go dtuairiscítear aon fhigiúr deimhneach don ítim sin.
CUID II: TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID
1. Barúlacha ginearálta
8. Tá an teimpléad roinnte ina dhá roinn. Tá san áireamh leis an roinn uachtarach faoi tháscairí G-SII na táscairí chun institiúidí domhanda a bhfuil tábhacht shistéamach leo a aithint mar a shainmhínítear sa mhodheolaíocht a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht. Sa roinn íochtarach, tá líon míreanna is gá chun na táscairí ábhartha a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht mar a shainmhínítear ar bhonn Airteagal 131(18) de Threoir 2013/36/AE (
21
).
9. I gcás inarb ábhartha, beidh an fhaisnéis a sholáthraítear sa teimpléad seo comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a sholáthraítear d’údaráis ábhartha chun críocha bhailiú na luachanna táscaire ag údaráis ábhartha mar a leagtar amach in Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún (
22
).
2. Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010 – 0130
|
Táscairí G-SII
Beidh an míniú a thugtar ar na táscairí mar an gcéanna leis an míniú a cuireadh i bhfeidhm chun críocha an fhaisnéis a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1222/2014 ón gCoimisiún a chinneadh.
I gcás ina mbeidh athruithe ar na sainmhínithe sa mhodheolaíocht sin, is iad na sainmhínithe leasaithe sin sa mhodheolaíocht atá infheidhme maidir le luachanna na dtáscairí a chinneadh ag deireadh na bliana airgeadais (“modheolaíocht deireadh bliana”) a úsáidfear chun faisnéis a thuairisciú ag deireadh na chéad cheathrún, na dara ceathrún agus na tríú ceathrún den bhliain airgeadais chéanna. I gcás ina mbíonn an teimpléad d’Iarscríbhinn XXVI faoi réir leasuithe i gcaitheamh na bliana airgeadais i gceist, cuirfear an mhodheolaíocht deireadh bliana i bhfeidhm ó na chéad dátaí tagartha is infheidhme tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh.
Maidir le táscairí ar bearta sreafa iad, déanfar iad a thuairisciú ar bhonn carnach ó thús na bliana féilire nó na bliana airgeadais, de réir mar is infheidhme.
|
|
0010
|
Neamhchosaintí iomlána, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais
|
|
0020
|
Sócmhainní inchórais airgeadais, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais
|
|
0030
|
Dliteanais inchórais airgeadais, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais
|
|
0040
|
Urrúis gan íoc, lena n-áirítear urrúis arna n-eisiúint ag fochuideachtaí árachais
|
|
0050
|
Gníomhaíocht íocaíochtaí
|
|
0060
|
Sócmhainní faoi chumhdach
|
|
0070
|
Gníomhaíocht frithgheallta
|
|
0081
|
Méid trádála – ioncam seasta
|
|
0085
|
Méid trádála – cothromais agus urrúis eile
|
|
0090
|
Méid barúlach díorthach OTC, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais
|
|
0100
|
Urrúis trádála agus AFS
|
|
0110
|
Sócmhainní Leibhéal 3, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais
|
|
0120
|
Éilimh thrasdlínse
|
|
0130
|
Dliteanais trasdlínse
|
|
0140 – 0160
|
Ítimí a láimhseálann an tAontas Baincéireachta Eorpach (EBU) mar dhlínse aonair
Chun críocha na hítimí a shonraítear thíos a chinneadh agus in éagmais sonraíochtaí sna treoracha thíos, déanfar na sainmhínithe agus na coincheapa a chuirtear i bhfeidhm a ailíniú, a mhéid is féidir, leis na sainmhínithe agus na coincheapa a shainmhínítear sna Treoirlínte maidir le staitisticí baincéireachta idirnáisiúnta BIS a thuairisciú.
De mhaolú air sin, maidir le gníomhaíochtaí na n-eintiteas tuairiscithe sna Ballstáit rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), déanfar iad a eisiamh, i.e. measfar gur aon dlínse amháin iad na Ballstáit rannpháirteacha.
|
|
0140
|
Éilimh eachtracha iomlána ar bhonn priacal deiridh
Is éard a bheidh sna héilimh eachtracha iomlána suim na n-éileamh trasteorann agus éilimh áitiúla cleamhnaithe eachtracha san airgeadra áitiúil nó seachtrach. Eisiafar éilimh ó shuímh i gconarthaí díorthach. Maidir le “éilimh”, “éilimh thrasteorann”, “éilimh áitiúla cleamhnaithe eachtracha san airgeadra áitiúil agus seachtrach”, beidh an bhrí chéanna leo agus a shainmhínítear sna Treoirlínte maidir le staitisticí baincéireachta idirnáisiúnta BIS a thuairisciú.
Ciallóidh “ar bhonn priacal deiridh”, chun críocha a chinneadh cibé acu an éileamh trasteorann nó áitiúil an t-éileamh i gceist, go sannfar an suíomh do thríú páirtí atá ar conradh chun fiachais nó oibleagáidí an chontrapháirtí phríomha a ghlacadh má theipeann ar an gcontrapháirtí sin feidhmiú, i gcás inarb ann do thríú páirtí den sórt sin. Déanfar an sannadh sin i gcomhréir leis na forálacha maidir le haistrithe priacal dá bhforáiltear sna Treoirlínte maidir le staitisticí baincéireachta idirnáisiúnta BIS a thuairisciú.
|
|
0150
|
Éilimh díorthach eachtracha ar bhonn priacal deiridh
Luach cóir deimhneach na n-éileamh díorthach ar éilimh thrasteorann nó éilimh áitiúla cleamhnaithe eachtracha san airgeadra áitiúil nó seachtrach iad.
Díorthaigh lena n-áirítear réamhchonarthaí, babhtálacha, agus roghanna a bhaineann le hionstraimí malairte eachtraí, ráta úis, cothromais, tráchtearraí agus creidmheasa. Áirítear leis sin díorthaigh chreidmheasa a ceannaíodh lena bhfálaítear nó lena ndéantar cosaint creidmheasa a dhíoltar a fhritháireamh nó díorthaigh chreidmheasa arna sealbhú le trádáil.
I gcás díorthaigh chreidmheasa den sórt sin a ceannaíodh, ní dhéanfar luach an díorthaigh a uasteorannú ag luach an éilimh láithrigh dar ceannaíodh é lena ráthú.
Ní fhéadfaí luachanna córa deimhneacha conarthaí díorthach a fhritháireamh in aghaidh luachanna córa diúltacha ach amháin i gcás ina ndearnadh na suímh a fhorghníomhú leis an gcontrapháirtí céanna faoi chomhaontú glanluachála is infheidhme le dlí. Ní áireofar san ítim seo ach tacair ghlanluachála a bhfuil luach deimhneach acu.
Déanfar na héilimh díorthach a thuairisciú glan ar aon chomhthaobhacht airgid.
Chun críocha faisnéis a thuairisciú ar bhonn priacal deiridh, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
a) I gcás ina mbainfidh an priacal deiridh leis an gcontrapháirtí, meastar go bhfuil díorthach ina dhíorthach eachtrach mura bhfuil an contrapháirtí i ndlínse baile na n-eintiteas tuairiscithe.
b) I gcás ina mbainfidh an priacal deiridh leis an ráthóir, meastar go bhfuil díorthach ina dhíorthach eachtrach mura bhfuil an ráthóir i ndlínse baile na n-eintiteas tuairiscithe.
|
|
0160
|
Dliteanais eachtracha ar bhonn priacal láithreach, lena n-áirítear díorthaigh
Is éard a bheidh i gceist le dliteanais eachtracha, lena n-áirítear díorthaigh, suim na ndliteanas eachtrach agus na ndliteanas eachtrach a thagann de dhíorthaigh. Eisiafar ón ítim seo dliteanais urrús ar sócmhainní airgeadais intrádála iad a eisíonn an institiúid tuairiscithe.
Beidh an míniú ar dhíorthaigh mar an gcéanna leis an míniú a cuireadh i bhfeidhm i ró 0150.
Ní fhéadfar luachanna córa diúltacha conarthaí díorthach a fhritháireamh in aghaidh luachanna córa deimhneacha ach amháin i gcás ina ndearnadh na suíomhanna a fhorghníomhú leis an gcontrapháirtí céanna faoi chomhaontú glanluachála is infheidhme le dlí. Déanfar na dliteanais díorthach a thuairisciú glan ar aon chomhthaobhacht (airgid agus neamhairgid).
‘Ciallóidh “ar bhonn priacal deiridh”, chun críocha a chinneadh cibé acu an éileamh trasteorann nó áitiúil an t-éileamh i gceist, go sannfar an suíomh do chontrapháirtí díreach an chonartha.
|
(1)
Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_DE -
EULAW_DE
|