+Airteagal 3 Socruithe rialachais
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
---+Airteagal 3 4
---+Airteagal 3 5
---+Airteagal 3 6
---+Airteagal 3 7
---+Airteagal 3 8
|
Airteagal 3 Socruithe rialachais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Déanfaidh an comhlacht bainistíochta athbhreithniú ar an mbeartas uair sa bhliain ar a laghad agus tabharfaidh sé é cothrom le dáta i gcás inar gá. Cuirfear athruithe arna ndéanamh ar an mbeartas chun feidhme go tráthúil agus a luaithe is féidir é laistigh de na socruithe conarthacha ábhartha. Déanfaidh an t-eintiteas airgeadais an amlíne phleanáilte don chur chun feidhme a dhoiciméadú.
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Bunófar leis an mbeartas modheolaíocht chun a chinneadh cé na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, nó déanfar tagairt don mhodheolaíocht sin. Sa bheartas sin sonrófar freisin cathain a bheidh an measúnú sin le déanamh agus cathain a bheidh athbhreithniú le déanamh air.
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Sannfar go soiléir sa bheartas na freagrachtaí inmheánacha i ndáil le formheas, bainistíocht, rialú, agus doiciméadú socruithe conarthacha ábhartha agus áiritheofar leis go gcoinnítear na scileanna, an taithí agus an t-eolas is iomchuí laistigh den eintiteas airgeadais chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na socruithe conarthacha ábhartha, lena n-áirítear na seirbhísí TFC a sholáthraítear faoi na socruithe sin.
|
|
Airteagal 3 4
|
4. Gan dochar do fhreagracht deiridh an eintitis airgeadais chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar shocruithe conarthacha ábhartha, ceanglófar sa bheartas go bhfuil measúnú déanta ar an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí agus go bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun a áirithiú go gcomhlíonann an t-eintiteas airgeadais na ceanglais uile dlí agus rialála maidir leis na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraítear.
|
|
Airteagal 3 5
|
5. Sainaithneofar go soiléir sa bheartas an ról nó an comhalta den bhainistíocht shinsearach atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar na socruithe conarthacha ábhartha. Sonrófar sa bheartas an chaoi a rachaidh an ról nó an comhalta sin den bhainistíocht shinsearach i gcomhar leis feidhmeanna rialúcháin, seachas i gcás ina bhfuil sé ina chuid díobh, agus leagfar amach leis na línte tuairiscithe don chomhlacht bainistíochta, lena n-áirítear cineál na faisnéise atá le tuairisciú agus na doiciméid atá le soláthar. Leagfar amach leis freisin minicíocht an tuairiscithe sin.
|
|
Airteagal 3 6
|
6. Áiritheofar leis an mbeartas go bhfuil na socruithe conarthacha i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an creat bainistíochta riosca TFC dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
(b)
|
an beartas slándála faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 9(4) de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
(c)
|
an beartas um leanúnachas gnó TFC dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
(d)
|
na ceanglais maidir le tuairisciú teagmhas a leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2022/2554.
|
|
|
Airteagal 3 7
|
7. Ceanglófar leis an mbeartas go mbeidh seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí faoi réir athbhreithniú neamhspleách agus go n-áireofar iad sa phlean iniúchta.
|
|
Airteagal 3 8
|
8. Sonrófar go sainráite sa bheartas an méid seo a leanas maidir leis na socruithe conarthacha:
|
(a)
|
ní scaoilfidh siad am t-eintiteas airgeadais ná a chomhlacht bainistíochta óna oibleagáidí rialála agus a fhreagrachtaí dá chliaint;
|
|
(b)
|
níor cheart dóibh maoirseacht éifeachtach ar eintiteas airgeadais a chosc agus níor cheart dóibh aon srian maoirseachta ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí a shárú;
|
|
(c)
|
ní mór a cheangal leo go gcomhoibreoidh soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí leis na húdaráis inniúla;
|
|
(d)
|
ní mór a cheangal leo go bhfuil rochtain éifeachtach ag an eintiteas airgeadais, a iniúchóirí agus na húdaráis inniúla ar shonraí agus áitribh a bhaineann le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|