4. Faoin 10 Iúil 2026, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin lena nglacadh iad. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin sonrófar na híoscheanglais a bhaineann le beartais uileghrúpa, nósanna imeachta agus rialuithe, lena n-áirítear íoschaighdeáin don chomhroinnt faisnéise laistigh den ghrúpa, na critéir lena sainaithnítear an máthairghnóthas sna cásanna a chumhdaítear le hAirteagal 2(1), pointe (42)(b), agus na coinníollacha faoina bhfuil feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir leis na heintitis atá i struchtúir ag a bhfuil úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann nó rialú coiteann maidir le comhlíonadh, lena n-áirítear gréasán nó comhpháirtíochtaí, chomh maith leis na critéir lena sainaithnítear an máthairghnóthais san Aontas sna cásanna sin.