+Airteagal 35 (b)
|
Airteagal 35 (b)
frithbhearta atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le tríú tíortha ardriosca agus, i gcás inarb iomchuí, tíortha eile lena mbaineann riosca do chóras airgeadais an Aontais, atá comhdhéanta díobh seo a leanas:
|
(i)
|
diúltú fochuideachtaí nó brainsí nó oifigí ionadaíocha eintiteas faoi oibleagáid ón tír lena mbaineann a bhunú, nó a chur san áireamh ar shlí eile gur as tríú tír nach bhfuil córais leormhaithe AML/CFT aici an t-eintiteas ábhartha faoi oibleagáid;
|
|
(ii)
|
toirmeasc a chur ar eintitis faoi oibleagáid brainsí nó oifigí ionadaíocha a bhunú sa tríú tír lena mbaineann, nó a chur san áireamh ar shlí eile gur i dtríú tír nach bhfuil córais leormhaithe AML/CFT aici a bheadh an brainse ábhartha nó an oifig ionadaíoch;
|
|
(iii)
|
scrúdú maoirseachta méadaithe nó ceanglais iniúchóireachta sheachtracha mhéadaithe a cheangal do bhrainsí agus d’fhochuideachtaí eintiteas faoi oibleagáid atá lonnaithe sa tríú tír lena mbaineann;
|
|
(iv)
|
ceanglais iniúchóireachta sheachtracha mhéadaithe a cheangal do ghrúpaí airgeadais maidir le haon cheann dá gcuid brainsí nó fochuideachtaí atá lonnaithe sa tríú tír lena mbaineann;
|
|
(v)
|
a cheangal ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar ghaolmhaireachtaí comhfhreagracha le hinstitiúidí is freagróirí sa tríú tír lena mbaineann, nó más gá sin, iad a fhoirceannadh.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|