3. I gcás díospóidí a tharchuirtear chuig comhlacht um réiteach díospóidí de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12), i gcás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an úsáideora nó an fhaighteora sonraí, is faoin sealbhóir sonraí a bheidh sé na táillí uile a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí a íoc agus is faoisean a bheidh sé aon chostais réasúnacha a thabhaigh sé i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc leis an úsáideoir nó an faighteoir sonraí sin. I gcás ina chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an tsealbhóra sonraí, ní bheidh de cheangal ar an úsáideoir ná ar an bhfaighteoir sonraí aon táille ná costas a d’íoc an sealbhóir sonraí ná atá le híoc aige nó aici i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc, cé is moite de chás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí gur go follasach a ghníomhaigh an t-úsáideoir nó an faighteoir sonraí de mheon mímhacánta.