2. Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach ná comhlachtaí de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí chun cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais. Leis an gCaibidil seo, ní dhéantar difear do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó maidir le pionóis choiriúla nó riaracháin a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais.