5. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag comhlacht earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach nó ag comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra gan mhoill mhíchuí don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí, agus luafaidh sé céannacht agus sonraí teagmhála na heagraíochta nó an duine aonair a fhaigheann na sonraí, an cuspóir atá leis na sonraí a tharchur nó a chur ar fáil, an tréimhse ar lena linn a bheidh na sonraí le húsáid agus na bearta teicniúla cosanta agus eagraíochtúla a rinneadh, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh sonraí pearsanta nó rúin trádála i gceist. I gcás nach n-aontaíonn an sealbhóir sonraí le tarchur nó le cur ar fáil sonraí, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.