3. I gcás seirbhísí próiseála sonraí seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí comhoiriúnacht le sonraíochtaí coiteanna bunaithe ar shonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte nó caighdeáin chomhchuibhithe don idir-inoibritheacht 12 mhí ar a laghad tar éis na tagairtí do na sonraíochtaí coiteanna nó do na caighdeáin chomhchuibhithe sin maidir le hidir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí sin a fhoilsiú i lárstóras um chaighdeáin an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí tar éis fhoilsiú na ngníomhartha cur chun feidhme bunúsacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 35(7).