7. Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an deimhniú sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh. Sula ndéanfar an deimhniú sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don chomhlacht sin freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún deimhniú an chomhlachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chúlghairm.