4. I gcás nach soláthrófar ina n-iomláine na leabhair nó na taifid eile a éilítear a bhaineann le soláthar na seirbhíse lena mbaineann nó i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna arna gcur faoi mhír 2 den Airteagal seo mícheart, neamhiomlán nó míthreorach, déanfaidh na hoifigigh agus na daoine tionlacain eile arna n-údarú ag an gCoimisiún chun cigireacht a dhéanamh a gcumhachtaí a fheidhmiú tar éis dóibh údarú i scríbhinn a sholáthar ina sonrófar ábhar agus cuspóir na cigireachta agus na pionóis dá bhforáiltear in Airteagail 74 agus 76. In am trátha roimh an gcigireacht, déanfaidh an Coimisiún Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit a bhfuil an chigireacht le déanamh ina chríoch a chur ar an eolas faoi.