+TREOIR (AE) 2018/1972 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+CUID I CREAT (RIALACHA GINEARÁLTA EAGRÚCHÁIN NA hEARNÁLA)
------+TEIDEAL I RAON FEIDHME, AIDHM AGUS CUSPÓIRÍ, SAINMHÍNITHE
---------+CAIBIDIL I Ábhar, aidhm agus sainmhínithe
------------+Airteagal 1 Ábhar, raon feidhme agus aidhmeanna
---------------+Airteagal 1 1.
---------------+Airteagal 1 2.
---------------+Airteagal 1 3.
---------------+Airteagal 1 4.
------------+Airteagal 2 Sainmhínithe
---------+CAIBIDIL II Cuspóirí
------------+Airteagal 3 Cuspóirí ginearálta
---------------+Airteagal 3 1.
---------------+Airteagal 3 2.
---------------+Airteagal 3 3.
---------------+Airteagal 3 4.
------------+Airteagal 4 Pleanáil straitéiseach agus comhordú beartais an speictrim raidió
---------------+Airteagal 4 1.
---------------+Airteagal 4 2.
---------------+Airteagal 4 3.
---------------+Airteagal 4 4.
------+TEIDEAL II LEAGAN AMACH INSTITIÚIDEACH AGUS RIALACHAS
---------+CAIBIDIL I Údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile
------------+Airteagal 5 Údaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile
---------------+Airteagal 5 1.
---------------+Airteagal 5 2.
---------------+Airteagal 5 3.
---------------+Airteagal 5 4.
------------+Airteagal 6 Neamhspleáchas údarás rialála náisiúnta agus údarás inniúil eile
---------------+Airteagal 6 1.
---------------+Airteagal 6 2.
------------+Airteagal 7 Comhaltaí de chuid na n-údarás rialála náisiúnta a cheapadh nó a bhriseadh as a bpost
---------------+Airteagal 7 1.
---------------+Airteagal 7 2.
---------------+Airteagal 7 3.
------------+Airteagal 8 Neamhspleáchas polaitiúil agus cuntasacht na n-údarás rialála náisiúnta
---------------+Airteagal 8 1.
---------------+Airteagal 8 2.
------------+Airteagal 9 Inniúlacht rialála na n-údarás rialála náisiúnta
---------------+Airteagal 9 1.
---------------+Airteagal 9 2.
---------------+Airteagal 9 3.
------------+Airteagal 10 Rannpháirtíocht na n-údarás rialála náisiúnta in BEREC
---------------+Airteagal 10 1.
---------------+Airteagal 10 2.
------------+Airteagal 11 Comhar leis na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha
---------+CAIBIDIL II Oibleagáidí ginearálta
------------+Roinn 1 An chuid ghinearálta
---------------+Airteagal 12 Údarú ginearálta líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí
------------------+Airteagal 12 1.
------------------+Airteagal 12 2.
------------------+Airteagal 12 3.
------------------+Airteagal 12 4.
---------------+Airteagal 13 Coinníollacha a bhaineann leis an údarú ginearálta agus leis na cearta úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe, agus oibleagáidí sainiúla
------------------+Airteagal 13 1.
------------------+Airteagal 13 2.
------------------+Airteagal 13 3.
------------------+Airteagal 13 4.
---------------+Airteagal 14 Dearbhuithe lena n-éascaítear feidhmiú na gceart chun saoráidí a shuiteáil agus feidhmiú na gceart idirnaisc
------------+Roinn 2 Cearta agus oibleagáidí a bhaineann leis an údarú ginearálta
---------------+Airteagal 15 Liosta de na cearta íosta ón údarú ginearálta
------------------+Airteagal 15 1.
------------------+Airteagal 15 2.
---------------+Airteagal 16 Muirir riaracháin
------------------+Airteagal 16 1.
------------------+Airteagal 16 2.
---------------+Airteagal 17 Deighilt cuntasaíochta agus tuarascálacha airgeadais
------------------+Airteagal 17 1.
------------------+Airteagal 17 2.
------------+Roinn 3 Leasú agus tarraingt siar
---------------+Airteagal 18 Cearta agus oibleagáidí a leasú
------------------+Airteagal 18 1.
------------------+Airteagal 18 2.
---------------+Airteagal 19 Cearta a shrianadh nó a tharraingt siar
------------------+Airteagal 19 1.
------------------+Airteagal 19 2.
------------------+Airteagal 19 3.
------------------+Airteagal 19 4.
---------+CAIBIDIL III Faisnéis, suirbhéanna agus an sásra comhairliúcháin a sholáthar
------------+Airteagal 20 Iarraidh ar fhaisnéis chuig gnóthais
---------------+Airteagal 20 1.
---------------+Airteagal 20 2.
---------------+Airteagal 20 3.
---------------+Airteagal 20 4.
---------------+Airteagal 20 5.
------------+Airteagal 21 Faisnéis a cheanglaítear maidir leis an údarú ginearálta, cearta úsáide agus oibleagáidí sainiúla
---------------+Airteagal 21 1.
---------------+Airteagal 21 2.
---------------+Airteagal 21 3.
---------------+Airteagal 21 4.
------------+Airteagal 22 Suirbhéanna geografacha ar chur in úsáid líonraí
---------------+Airteagal 22 1.
---------------+Airteagal 22 2.
---------------+Airteagal 22 3.
---------------+Airteagal 22 4.
---------------+Airteagal 22 5.
---------------+Airteagal 22 6.
---------------+Airteagal 22 7.
------------+Airteagal 23 Sásra comhairliúcháin agus trédhearcachta
---------------+Airteagal 23 1.
---------------+Airteagal 23 2.
---------------+Airteagal 23 3.
---------------+Airteagal 23 4.
------------+Airteagal 24 Comhairliúchán le páirtithe leasmhara
---------------+Airteagal 24 1.
---------------+Airteagal 24 2.
---------------+Airteagal 24 3.
------------+Airteagal 25 Réiteach díospóide lasmuigh den chúirt
---------------+Airteagal 25 1.
---------------+Airteagal 25 2.
------------+Airteagal 26 Réiteach díospóide idir gnóthais
---------------+Airteagal 26 1.
---------------+Airteagal 26 2.
---------------+Airteagal 26 3.
---------------+Airteagal 26 4.
---------------+Airteagal 26 5.
------------+Airteagal 27 Díospóidí trasteorann a réiteach
---------------+Airteagal 27 1.
---------------+Airteagal 27 2.
---------------+Airteagal 27 3.
---------------+Airteagal 27 4.
---------------+Airteagal 27 5.
---------------+Airteagal 27 6.
------------+Airteagal 28 Comhordú Speictrim Raidió idir Ballstáit
---------------+Airteagal 28 1.
---------------+Airteagal 28 2.
---------------+Airteagal 28 3.
---------------+Airteagal 28 4.
---------------+Airteagal 28 5.
------+TITLE III IMPLEMENTATION
---------+Airteagal 29 Pionóis
------------+Airteagal 29 1.
------------+Airteagal 29 2.
---------+Airteagal 30 Coinníollacha an údaraithe ghinearálta nó na gceart úsáide do speictream raidió agus d'acmhainní uimhrithe agus na n-oibleagáidí sainiúla a bheith á gcomhlíonadh
------------+Airteagal 30 1.
------------+Airteagal 30 2.
------------+Airteagal 30 3.
------------+Airteagal 30 4.
------------+Airteagal 30 5.
------------+Airteagal 30 6.
------------+Airteagal 30 7.
---------+Airteagal 31 Ceart achomhairc
------------+Airteagal 31 1.
------------+Airteagal 31 2.
------------+Airteagal 31 3.
------+TEIDEAL IV NÓSANNA IMEACHTA DON MHARGADH INMHEÁNACH
---------+CAIBIDIL I
------------+Airteagal 32 Margadh inmheánach na cumarsáide leictreonaí a chomhdhlúthú
---------------+Airteagal 32 1.
---------------+Airteagal 32 2.
---------------+Airteagal 32 3.
---------------+Airteagal 32 4.
---------------+Airteagal 32 5.
---------------+Airteagal 32 6.
---------------+Airteagal 32 7.
---------------+Airteagal 32 8.
---------------+Airteagal 32 9.
---------------+Airteagal 32 10.
---------------+Airteagal 32 11.
------------+Airteagal 33 Nós imeachta maidir le leigheasanna a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach
---------------+Airteagal 33 1.
---------------+Airteagal 33 2.
---------------+Airteagal 33 3.
---------------+Airteagal 33 4.
---------------+Airteagal 33 5.
---------------+Airteagal 33 6.
---------------+Airteagal 33 7.
---------------+Airteagal 33 8.
------------+Airteagal 34 Bearta cur chun feidhme
---------+CAIBIDIL II Sannadh comhsheasmhach speictrim raidió
------------+Airteagal 35 Próiseas an athbhreithnithe piaraí
---------------+Airteagal 35 1.
---------------+Airteagal 35 2.
---------------+Airteagal 35 3.
---------------+Airteagal 35 4.
---------------+Airteagal 35 5.
---------------+Airteagal 35 6.
---------------+Airteagal 35 7.
---------------+Airteagal 35 8.
---------------+Airteagal 35 9.
------------+Airteagal 36 Sannadh comhchuibhithe speictrim raidió
------------+Airteagal 37 Próiseas údaraithe chomhpháirtigh chun cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú
---------+CAIBIDIL III Nósanna imeachta um chomhchuibhiú
------------+Airteagal 38 Nósanna imeachta um chomhchuibhiú
---------------+Airteagal 38 1.
---------------+Airteagal 38 2.
---------------+Airteagal 38 3.
---------------+Airteagal 38 4.
---------------+Airteagal 38 5.
---------------+Airteagal 38 6.
------------+Airteagal 39 Caighdeánú
---------------+Airteagal 39 1.
---------------+Airteagal 39 2.
---------------+Airteagal 39 3.
---------------+Airteagal 39 4.
---------------+Airteagal 39 5.
---------------+Airteagal 39 6.
---------------+Airteagal 39 7.
---------------+Airteagal 39 8.
------+TEIDEAL V SLÁNDÁIL
---+CUID II LÍONRAÍ
------+TEIDEAL I IONTRÁIL SA MHARGADH AGUS IMSCARADH
---------+CAIBIDIL I Táillí
------------+Airteagal 42 Táillí le haghaidh cearta úsáide do speictream raidió agus cearta chun saoráidí a shuiteáil
---------------+Airteagal 42 1.
---------------+Airteagal 42 2.
---------+CAIBIDIL II Rochtain ar thalamh
------------+Airteagal 43 Cearta slí
---------------+Airteagal 43 1.
---------------+Airteagal 43 2.
------------+Airteagal 44 Comhshuí agus comhroinnt eilimintí líonra agus saoráidí gaolmhara do sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí
---------------+Airteagal 44 1.
---------------+Airteagal 44 2.
---------+CAIBIDIL III Rochtain ar speictream raidió
------------+Roinn 1 Údaruithe
---------------+Airteagal 45 Speictream raidió a bhainistiú
------------------+Airteagal 45 1.
------------------+Airteagal 45 2.
------------------+Airteagal 45 3.
------------------+Airteagal 45 4.
------------------+Airteagal 45 5.
------------------+Airteagal 45 6.
------------------+Airteagal 45 7.
---------------+Airteagal 46 Úsáid speictrim raidió a údarú
------------------+Airteagal 46 1.
------------------+Airteagal 46 2.
---------------+Airteagal 47 Na coinníollacha a bhaineann le cearta úsáide aonair do speictream raidió
------------------+Airteagal 47 1.
------------------+Airteagal 47 2.
------------+Roinn 2 Cearta úsáide
---------------+Airteagal 48 Cearta úsáide aonair do speictream raidió a dheonú
------------------+Airteagal 48 1.
------------------+Airteagal 48 2.
------------------+Airteagal 48 3.
------------------+Airteagal 48 4.
------------------+Airteagal 48 5.
------------------+Airteagal 48 6.
---------------+Airteagal 49 Fad na gceart
------------------+Airteagal 49 1.
------------------+Airteagal 49 2.
------------------+Airteagal 49 3.
------------------+Airteagal 49 4.
---------------+Airteagal 50 Athnuachan ceart úsáide aonair maidir le speictrim raidió comhchuibhithe
------------------+Airteagal 50 1.
------------------+Airteagal 50 2.
------------------+Airteagal 50 3.
------------------+Airteagal 50 4.
---------------+Airteagal 51 Cearta úsáide aonair do speictream raidió a aistriú nó a léasú
------------------+Airteagal 51 1.
------------------+Airteagal 51 2.
------------------+Airteagal 51 3.
---------------+Airteagal 52 Iomaíocht
------------------+Airteagal 52 1.
------------------+Airteagal 52 2.
------------------+Airteagal 52 3.
------------+Roinn 3 Nósanna imeachta
---------------+Airteagal 53 Uainiú comhordaithe do shannuithe
------------------+Airteagal 53 1.
------------------+Airteagal 53 2.
------------------+Airteagal 53 3.
------------------+Airteagal 53 4.
------------------+Airteagal 53 5.
---------------+Airteagal 54 Uainiú comhordaithe do shannuithe i gcás bandaí sonracha 5G
------------------+Airteagal 54 1.
------------------+Airteagal 54 2.
------------------+Airteagal 54 3.
---------------+Airteagal 55 Nós imeachta maidir le teorainn a chur le líon na gceart úsáide do speictream raidió atá le deonú
------------------+Airteagal 55 1.
------------------+Airteagal 55 2.
------------------+Airteagal 55 3.
------------------+Airteagal 55 4.
------------------+Airteagal 55 5.
------------------+Airteagal 55 6.
------------------+Airteagal 55 7.
------------------+Airteagal 55 8.
---------+CAIBIDIL IV Imscaradh agus úsáid trealaimh líonra gan sreang
------------+Airteagal 56 Rochtain ar líonraí achair logánta raidió
---------------+Airteagal 56 1.
---------------+Airteagal 56 2.
---------------+Airteagal 56 3.
---------------+Airteagal 56 4.
---------------+Airteagal 56 5.
---------------+Airteagal 56 6.
------------+Airteagal 57 Úsáid agus oibriú pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu
---------------+Airteagal 57 1.
---------------+Airteagal 57 2.
---------------+Airteagal 57 3.
---------------+Airteagal 57 4.
---------------+Airteagal 57 5.
------------+Airteagal 58 Rialacháin theicniúla maidir le réimsí leictreamaighnéadacha
------+TEIDEAL II ROCHTAIN
---------+CAIBIDIL I Forálacha ginearálta, prionsabail rochtana
------------+Airteagal 59 Creat ginearálta le haghaidh rochtana agus idirnascadh
---------------+Airteagal 59 1.
---------------+Airteagal 59 2.
------------+Airteagal 60 Cearta agus oibleagáidí gnóthas
---------------+Airteagal 60 1.
---------------+Airteagal 60 2.
---------------+Airteagal 60 3.
---------+CAIBIDIL II Rochtain agus idirnascadh
------------+Airteagal 61 Cumhachtaí agus freagrachtaí na n-údarás náisiúnta rialála agus údarás inniúil eile maidir le rochtain agus idirnascacht
---------------+Airteagal 61 1.
---------------+Airteagal 61 2.
---------------+Airteagal 61 3.
---------------+Airteagal 61 4.
---------------+Airteagal 61 5.
---------------+Airteagal 61 6.
---------------+Airteagal 61 7.
------------+Airteagal 62 Córais rochtana coinníollaí agus saoráidí eile
---------------+Airteagal 62 1.
---------------+Airteagal 62 2.
---------------+Airteagal 62 3.
---------------+Airteagal 62 4.
---------+CAIBIDIL III Anailís mhargaidh agus cumhacht shuntasach sa mhargadh
------------+Airteagal 63 Gnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh acu
---------------+Airteagal 63 1.
---------------+Airteagal 63 2.
---------------+Airteagal 63 3.
------------+Airteagal 64 Nós imeachta chun margaí a shainaithint agus a shainiú
---------------+Airteagal 64 1.
---------------+Airteagal 64 2.
---------------+Airteagal 64 3.
------------+Airteagal 65 Nós imeachta chun margaí trasnáisiúnta a shainaithint
---------------+Airteagal 65 1.
---------------+Airteagal 65 2.
------------+Airteagal 66 Nós imeachta chun éileamh trasnáisiúnta a shainaithint
---------------+Airteagal 66 1.
---------------+Airteagal 66 2.
------------+Airteagal 67 An nós imeachta um anailís mhargaidh
---------------+Airteagal 67 1.
---------------+Airteagal 67 2.
---------------+Airteagal 67 3.
---------------+Airteagal 67 4.
---------------+Airteagal 67 5.
---------------+Airteagal 67 6.
---------+CAIBIDIL IV Leigheasanna rochtana a fhorchuirtear ar ghnóthais le cumhacht shuntasach sa mhargadh
------------+Airteagal 68 Forchur, leasú nó tarraingt siar oibleagáidí
---------------+Airteagal 68 1.
---------------+Airteagal 68 2.
---------------+Airteagal 68 3.
---------------+Airteagal 68 4.
---------------+Airteagal 68 5.
---------------+Airteagal 68 6.
------------+Airteagal 69 Oibleagáidí na trédhearcachta
---------------+Airteagal 69 1.
---------------+Airteagal 69 2.
---------------+Airteagal 69 3.
---------------+Airteagal 69 4.
------------+Airteagal 70 Oibleagáidí maidir le neamh-idirdhealú
---------------+Airteagal 70 1.
---------------+Airteagal 70 2.
------------+Airteagal 71 Oibleagáid um dheighilt cuntasaíochta
---------------+Airteagal 71 1.
---------------+Airteagal 71 2.
------------+Airteagal 72 Rochtain ar innealtóireacht shibhialta
---------------+Airteagal 72 1.
---------------+Airteagal 72 2.
------------+Airteagal 73 Oibleagáidí rochtana ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus a n-úsáid
---------------+Airteagal 73 1.
---------------+Airteagal 73 2.
---------------+Airteagal 73 3.
------------+Airteagal 74 Rialú praghsanna agus oibleagáidí cuntasaíochta costála
---------------+Airteagal 74 1.
---------------+Airteagal 74 2.
---------------+Airteagal 74 3.
---------------+Airteagal 74 4.
------------+Airteagal 75 Rátaí foirceanta
---------------+Airteagal 75 1.
---------------+Airteagal 75 2.
---------------+Airteagal 75 3.
------------+Airteagal 76 Láimhseáil rialála eilimintí nua líonra fíor-ardacmhainne
---------------+Airteagal 76 1.
---------------+Airteagal 76 2.
---------------+Airteagal 76 3.
---------------+Airteagal 76 4.
------------+Airteagal 77 Deighilt fheidhmiúil
---------------+Airteagal 77 1.
---------------+Airteagal 77 2.
---------------+Airteagal 77 3.
---------------+Airteagal 77 4.
------------+Airteagal 78 Deighilt dheonach arna déanamh ag gnóthas atá comhtháite go hingearach
---------------+Airteagal 78 1.
---------------+Airteagal 78 2.
---------------+Airteagal 78 3.
---------------+Airteagal 78 4.
------------+Airteagal 79 Nós imeachta maidir le gealltanais
---------------+Airteagal 79 1.
---------------+Airteagal 79 2.
---------------+Airteagal 79 3.
---------------+Airteagal 79 4.
------------+Airteagal 80 Gnóthais mhórdhíola amháin
---------------+Airteagal 80 1.
---------------+Airteagal 80 2.
---------------+Airteagal 80 3.
---------------+Airteagal 80 4.
---------------+Airteagal 80 5.
------------+Airteagal 81 Ascnamh ó bhonneagar leagáide
---------------+Airteagal 81 1.
---------------+Airteagal 81 2.
---------------+Airteagal 81 3.
------------+Airteagal 82 Treoirlínte BEREC maidir le líonraí fíor-ardacmhainne
---------+CAIBIDIL V Rialuithe rialála maidir le seirbhísí miondíola
------------+Airteagal 83 Rialú rialála maidir le seirbhísí miondíola
---------------+Airteagal 83 1.
---------------+Airteagal 83 2.
---------------+Airteagal 83 3.
---------------+Airteagal 83 4.
---+CUID III SEIRBHÍSÍ
------+TEIDEAL I OIBLEAGÁID SEIRBHÍSE UILÍCHE
---------+Airteagal 84 Seirbhís uilíoch inacmhainne
------------+Airteagal 84 1.
------------+Airteagal 84 2.
------------+Airteagal 84 3.
------------+Airteagal 84 4.
------------+Airteagal 84 5.
---------+Airteagal 85 Seirbhís uilíoch inacmhainne a sholáthar
------------+Airteagal 85 1.
------------+Airteagal 85 2.
------------+Airteagal 85 3.
------------+Airteagal 85 4.
------------+Airteagal 85 5.
------------+Airteagal 85 6.
---------+Airteagal 86 Infhaighteacht seirbhíse uilíoch
------------+Airteagal 86 1.
------------+Airteagal 86 2.
------------+Airteagal 86 3.
------------+Airteagal 86 4.
------------+Airteagal 86 5.
---------+Airteagal 87 Stádas na seirbhíse uilíoch atá ann cheana
---------+Airteagal 88 Rialú caiteachais
------------+Airteagal 88 1.
------------+Airteagal 88 2.
------------+Airteagal 88 3.
---------+Airteagal 89 Costas oibleagáidí seirbhíse uilíche
------------+Airteagal 89 1.
------------+Airteagal 89 2.
---------+Airteagal 90 Maoiniú oibleagáidí seirbhíse uilíche
------------+Airteagal 90 1.
------------+Airteagal 90 2.
---------+Airteagal 91 Trédhearcacht
------------+Airteagal 91 1.
------------+Airteagal 91 2.
---------+Airteagal 92 Seirbhísí éigeantacha breise
------+TEIDEAL II ACMHAINNÍ UIMHRITHE
---------+Airteagal 93 Acmhainní uimhrithe
------------+Airteagal 93 1.
------------+Airteagal 93 2.
------------+Airteagal 93 3.
------------+Airteagal 93 4.
------------+Airteagal 93 5.
------------+Airteagal 93 6.
------------+Airteagal 93 7.
------------+Airteagal 93 8.
---------+Airteagal 94 Nós imeachta maidir le cearta úsáide a dheonú i dtaca le hacmhainní uimhrithe
------------+Airteagal 94 1.
------------+Airteagal 94 2.
------------+Airteagal 94 3.
------------+Airteagal 94 4.
------------+Airteagal 94 5.
------------+Airteagal 94 6.
------------+Airteagal 94 7.
---------+Airteagal 95 Táillí le haghaidh cearta úsáide d'acmhainní uimhrithe
---------+Airteagal 96 Beolínte maidir le leanaí atá ar iarraidh agus agus uimhir chabhrach do leanaí
------------+Airteagal 96 1.
------------+Airteagal 96 2.
------------+Airteagal 96 3.
------------+Airteagal 96 4.
---------+Airteagal 97 Rochtain ar uimhreacha agus ar sheirbhísí
------------+Airteagal 97 1.
------------+Airteagal 97 2.
------+TEIDEAL III CEARTA AN ÚSÁIDEORA DEIRIDH
---------+Airteagal 98 Micrifhiontair áirithe a dhíolmhú
---------+Airteagal 99 Neamh-idirdhealú
---------+Airteagal 100 Cosaint maidir le cearta bunúsacha
------------+Airteagal 100 1.
------------+Airteagal 100 2.
---------+Airteagal 101 Leibhéal an chomhchuibhithe
------------+Airteagal 101 1.
------------+Airteagal 101 2.
---------+Airteagal 102 Ceanglais faisnéise maidir le conarthaí
------------+Airteagal 102 1.
------------+Airteagal 102 2.
------------+Airteagal 102 3.
------------+Airteagal 102 4.
------------+Airteagal 102 5.
------------+Airteagal 102 6.
------------+Airteagal 102 7.
---------+Airteagal 103 Trédhearcacht, comparáid idir tairiscintí agus foilsiú faisnéise
------------+Airteagal 103 1.
------------+Airteagal 103 2.
------------+Airteagal 103 3.
------------+Airteagal 103 4.
---------+Airteagal 104 Cáilíocht seirbhíse maidir le seirbhísí rochtana idirlín agus le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí
------------+Airteagal 104 1.
------------+Airteagal 104 2.
---------+Airteagal 105 Ré agus foirceannadh conartha
------------+Airteagal 105 1.
------------+Airteagal 105 2.
------------+Airteagal 105 3.
------------+Airteagal 105 4.
------------+Airteagal 105 5.
------------+Airteagal 105 6.
------------+Airteagal 105 7.
---------+Airteagal 106 An soláthraí a mhalartú agus inaistritheacht uimhreacha
------------+Airteagal 106 1.
------------+Airteagal 106 2.
------------+Airteagal 106 3.
------------+Airteagal 106 4.
------------+Airteagal 106 5.
------------+Airteagal 106 6.
------------+Airteagal 106 7.
------------+Airteagal 106 8.
------------+Airteagal 106 9.
---------+Airteagal 107 Tairiscintí cuachta
------------+Airteagal 107 1.
------------+Airteagal 107 2.
------------+Airteagal 107 3.
------------+Airteagal 107 4.
------------+Airteagal 107 5.
---------+Airteagal 108 Infhaighteacht seirbhísí
---------+Airteagal 109 Cumarsáid éigeandála agus an uimhir éigeandála aonair Eorpach
------------+Airteagal 109 1.
------------+Airteagal 109 2.
------------+Airteagal 109 3.
------------+Airteagal 109 4.
------------+Airteagal 109 5.
------------+Airteagal 109 6.
------------+Airteagal 109 7.
------------+Airteagal 109 8.
---------+Airteagal 110 Córas rabhaidh poiblí
------------+Airteagal 110 1.
------------+Airteagal 110 2.
---------+Airteagal 111 Rochtain agus rogha choibhéiseach d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas
------------+Airteagal 111 1.
------------+Airteagal 111 2.
---------+Airteagal 112 Seirbhísí eolaí teileafóin
------------+Airteagal 112 1.
------------+Airteagal 112 2.
------------+Airteagal 112 3.
------------+Airteagal 112 4.
---------+Airteagal 113 Idir-inoibritheacht ghlacadóirí raidió cairr agus raidió agus an trealaimh teilifíse dhigitigh do thomhaltóirí
------------+Airteagal 113 1.
------------+Airteagal 113 2.
------------+Airteagal 113 3.
---------+Airteagal 114 Oibleagáidí 'iompair éigeantaigh'
------------+Airteagal 114 1.
------------+Airteagal 114 2.
------------+Airteagal 114 3.
---------+Airteagal 115 Saoráidí breise a chur ar fáil
------------+Airteagal 115 1.
------------+Airteagal 115 2.
------------+Airteagal 115 3.
---------+Airteagal 116 Na hIarscríbhinní a oiriúnú
---+CUID IV FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 117 An tarmligean a fheidhmiú
---------+Airteagal 117 1.
---------+Airteagal 117 2.
---------+Airteagal 117 3.
---------+Airteagal 117 4.
---------+Airteagal 117 5.
---------+Airteagal 117 6.
------+Airteagal 118 An coiste
---------+Airteagal 118 1.
---------+Airteagal 118 2.
---------+Airteagal 118 3.
---------+Airteagal 118 4.
------+Airteagal 119 Malartú faisnéise
---------+Airteagal 119 1.
---------+Airteagal 119 2.
------+Airteagal 120 Foilsiú faisnéise
---------+Airteagal 120 1.
---------+Airteagal 120 2.
---------+Airteagal 120 3.
---------+Airteagal 120 4.
---------+Airteagal 120 5.
---------+Airteagal 120 6.
------+Airteagal 121 Fógra agus faireachán
---------+Airteagal 121 1.
---------+Airteagal 121 2.
------+Airteagal 122 Nós imeachta athbhreithniúcháin
---------+Airteagal 122 1.
---------+Airteagal 122 2.
---------+Airteagal 122 3.
------+Airteagal 123 Nós imeachta sonrach maidir le cearta na n-úsáideoirí deiridh
---------+Airteagal 123 1.
---------+Airteagal 123 2.
------+Airteagal 124 Trasuí
---------+Airteagal 124 1.
---------+Airteagal 124 2.
---------+Airteagal 124 3.
------+Airteagal 125 Aisghairm
------+Airteagal 126 Teacht i bhfeidhm
------+Airteagal 127 Seolaithe
---+IARSCRÍBHINN I LIOSTA COINNÍOLLACHA A D'FHÉADFADH A BHEITH CEANGAILTE LE hÚDARUITHE GINEARÁLTA, LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID SPEICTRIM RAIDIÓ AGUS LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID ACHMAINNÍ UIMHRITHE
---+IARSCRÍBHINN II COINNÍOLLACHA MAIDIR LE ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ DIGITEACHA TEILIFÍSE AGUS RAIDIÓ A CHRAOLTAR CHUIG LUCHT FÉACHANA AGUS LUCHT ÉISTEACHTA SAN AONTAS
---+IARSCRÍBHINN III CRITÉIR MAIDIR LE CINNEADH FAOI RÁTAÍ MÓRDHÍOLA DO FHOIRCEANNADH GUTHGHLAONNA
---+IARSCRÍBHINN IV CRITÉIR MAIDIR LE MEASÚNÚ AR THAIRISCINTÍ COMHINFHEISTÍOCHTA
---+IARSCRÍBHINN V ÍOSTACAR NA SEIRBHÍSÍ A mBEIDH AN tSEIRBHÍS LEORDHÓTHANACH ROCHTANA IDIRLÍN LEATHANBHANDA I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 84(3) IN ANN A IOMPAR
---+IARSCRÍBHINN VI CUR SÍOS AR NA SAORÁIDÍ AGUS NA SEIRBHÍSÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 88 (RIALÚ CAITEACHAIS), AIRTEAGAL 115 (SAORÁIDÍ BREISE) AGUS AIRTEAGAL 106 (MALARTÚ SOLÁTHRAÍ AGUS INAISTRITHEACHT UIMHREACHA)
---+IARSCRÍBHINN VII GLANCHOSTAS, MÁS ANN DÓ, NA nOIBLEAGÁIDÍ SEIRBHÍSE UILÍCHE A RÍOMH, AGUS BUNÚ AON CHÚITEAMH NÓ AON SÁSRA GNÓTHÚCHÁIN NÓ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 89 AGUS AIRTEAGAL 90
---+IARSCRÍBHINN VIII CEANGLAIS FAISNÉISE LE SOLÁTHAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 102 (CEANGLAIS FAISNÉISE DO CHONARTHAÍ)
---+IARSCRÍBHINN IX FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 103 (TRÉDHEARCACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE)
---+IARSCRÍBHINN X PARAIMÉADAIR I LEITH CÁILÍOCHT SEIRBHÍSE
---+IARSCRÍBHINN XI IDIR-INOIBRITHEACHT GHLACADÓIRÍ RAIDIÓ CAIRR AGUS TREALAMH TEILIFÍSE DIGITÍ DO THOMHALTÓIRÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 113
---+IARSCRÍBHINN XII
---+IARSCRÍBHINN XIII TÁBLA COMHGHAOIL
|
English -
European Union -
ICT -
TREOIR (AE) 2018/1972 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (Athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TREOIR (AE) 2018/1972 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Nollaig 2018
lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach
(Athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
CUID I CREAT (RIALACHA GINEARÁLTA EAGRÚCHÁIN NA hEARNÁLA)
|
CUID I CREAT (RIALACHA GINEARÁLTA EAGRÚCHÁIN NA hEARNÁLA)
|
|
CUID II LÍONRAÍ
|
CUID II LÍONRAÍ
|
|
CUID III SEIRBHÍSÍ
|
CUID III SEIRBHÍSÍ
|
|
CUID IV FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
CUID IV FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
|
IARSCRÍBHINN I LIOSTA COINNÍOLLACHA A D'FHÉADFADH A BHEITH CEANGAILTE LE hÚDARUITHE GINEARÁLTA, LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID SPEICTRIM RAIDIÓ AGUS LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID ACHMAINNÍ UIMHRITHE
|
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA COINNÍOLLACHA A D'FHÉADFADH A BHEITH CEANGAILTE LE hÚDARUITHE GINEARÁLTA, LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID SPEICTRIM RAIDIÓ AGUS LE CEARTA MAIDIR LE hÚSÁID ACHMAINNÍ UIMHRITHE
Soláthraítear san Iarscríbhinn seo, an liosta uasta coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdaruithe ginearálta do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, (Cuid A), líonraí cumarsáide leictreonaí (Cuid B), seirbhísí cumarsáide leictreonaí, seachas seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe, (Cuid C) cearta speictrim raidió a úsáid (Cuid D) agus cearta acmhainní uimhrithe a úsáid (Cuid E)
A Coinníollacha ginearálta a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta
1.
Muirir riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 16.
2.
Cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais a bhaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE
3.
Faisnéis atá le soláthar faoi réir nós imeachta fógartha i gcomhréir le hAirteagal 12 agus chun críoch eile mar a áirítear in Airteagal 21.
4.
Cumasú idircheapadh dlíthiúil ó údaráis náisiúnta inniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE.
5.
Téarmaí úsáide maidir le cumarsáid ó na húdaráis phoiblí chuig an bpobal go ginearálta chun rabhadh a thabhairt don phobal faoi gharbhagairtí agus chun iarmhairtí mórthubaistí a mhaolú.
6.
Téarmaí úsáide le linn mórthubaistí nó éigeandálacha náisiúnta chun cumarsáid idir na seirbhísí éigeandála agus na húdaráis a áirithiú.
7.
Oibleagáidí rochtana seachas iad sin dá bhforáiltear in Airteagal 13 maidir le gnóthais a sholáthraíonn seirbhísí nó líonraí cumarsáide leictreonaí.
8.
Bearta a dheartar chun comhlíonadh na gcaighdeán nó na sonraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 39 a áirithiú.
9.
Oibleagáidí trédhearcachta ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a sholáthraíonn seirbhísí cumarsáide leictreonaí, atá ar fáil don phobal, chun go n-áiritheofaí nascacht ó inn go hinn, i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3 agus, i gcás inar gá agus ar bhealach comhréireach, rochtain do na húdaráis inniúla náisiúnta ar an bhfaisnéis sin a theastaíonn chun cruinneas nochtadh den sórt sin a fhíorú.
B. coinníollacha sonracha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta do sholáthar líonraí cumarsáide leictreonaí
1.
Ceanglais inaistritheachta uimhreacha i gcomhréir leis an Treoir seo.
2.
Oibleagáidí 'iompair éigeantaigh' i gcomhréir leis an Treoir seo.
3.
Bearta chun sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha arna gcruthú ag líonraí cumarsáide leictreonaí, i gcomhréir le dlí an Aontais, agus aird iomlán á tabhairt ar Mholadh Uimh. 1999/519/CE.
4.
Cothabháil ar shláine líonraí poiblí cumarsáide leictreonaí i gcomhréir leis an Treoir seo lena n-áirítear trí choinníollacha chun trasnaíocht leictreamaighnéadach idir líonraí agus/nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chosc i gcomhréir le Treoir 2014/30/AE.
5.
Slándáil líonraí poiblí i gcoinne rochtain neamhúdaraithe i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE.
6.
Coinníollacha maidir le húsáid speictrim raidió, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Threoir 2014/53/AE, i gcás nach gcuirtear an úsáid sin faoi réir deonú ceart úsáide aonair i gcomhréir le hAirteagal 46(1) agus Airteagal 48 den Treoir seo.
C. coinníollacha sonracha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le húdarú ginearálta chun seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar, ach amháin seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhreacha
1.
Idir-inoibritheacht seirbhísí i gcomhréir leis an Treoir seo.
2.
Inrochtaineacht úsáideoirí deiridh ar uimhreacha ón bplean uimhrithe náisiúnta, uimhreacha ó UIFN agus, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch, ó phleananna uimhrithe Ballstát eile, agus coinníollacha i gcomhréir leis an Treoir seo.
3.
Rialacha cosanta tomhaltóirí a bhaineann go sonrach leis an earnáil cumarsáide leictreonaí.
4.
Srianta maidir le tarchur ábhar neamhdhleathach i gcomhréir le Treoir 2000/31/CE agus srianta maidir le tarchur ábhar díobhálach i gcomhréir le Treoir 2010/13/AE.
D. Coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta úsáide speictrim raidió
1.
Oibleagáid seirbhís a sholáthar nó cineál ar leith teicneolaíochta a úsáid laistigh de theorainneacha Airteagal 45, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, ceanglais chumhdaigh agus caighdeáin seirbhíse.
2.
Úsáid éifeachtach agus éifeachtúil speictrim raidió i gcomhréir leis an Treoir seo.
3.
Coinníollacha teicniúla agus oibríochtúla is gá chun trasnaíocht dhíobhálach a sheachaint agus chun sláinte phoiblí a chosaint ar réimsí leictreamaighnéadacha, agus aird iomlán á tabhairt ar Mholadh 1999/519/CE i gcás ina bhfuil na coinníollacha sin difriúil ó na coinníollacha a áirítear san údarú ginearálta.
4.
Tréimhse uasta i gcomhréir le hAirteagal 94, faoi réir aon athruithe sa Phlean Náisiúnta um Leithdháileadh Minicíochtaí.
5.
Aistriú nó léasú ceart, ar thionscnamh an tsealbhóra cirt agus coinníollacha maidir le haistriú den sórt sin i gcomhréir leis an Treoir seo.
6.
Táillí le haghaidh cearta úsáide i gcomhréir le hAirteagal 42.
7.
Aon ghealltanais a thug an gnóthas atá ag fáil an ceart úsáide, faoi chuimsiú údaraithe nó faoi phróiseas athnuachana údaraithe sular deonaíodh an t-údarú nó, i gcás inarb infheidhme, sular tugadh an cuireadh ar iarratas le haghaidh cearta úsáide.
8.
Oibleagáidí maidir le comhthiomsú nó roinnt a dhéanamh ar speictream raidió nó rochtain ar speictream raidió a thabhairt d'úsáideoirí eile i réigiúin ar leith nó ar an leibhéal náisiúnta.
9.
Oibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le húsáid bandaí speictrim raidió.
10.
Oibleagáidí a bhaineann go sonrach le húsáid thurgnamhach bandaí speictrim raidió.
E. Coinníollacha a d'fhéadfadh a bheith ceangailte le cearta úsáide achmainní uimhrithe
1.
Ainmniú na seirbhíse a n-úsáidfear an uimhir di, lena n-áirítear aon cheanglais atá nasctha le soláthar na seirbhíse sin agus, chun amhras a sheachaint, prionsabail tharaife agus uasphraghasanna ar féidir feidhm a bheith acu sa raon áirithe uimhreacha chun cosaint do thomhaltóirí a áirithiú i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 3(2).
2.
Úsáid éifeachtach agus éifeachtúil achmainní uimhrithe i gcomhréir leis an Treoir seo.
3.
Ceanglais inaistritheachta uimhreacha i gcomhréir leis an Treoir seo.
4.
Oibleagáid chun faisnéis eolaire phoiblí úsáideora deiridh a sholáthar chun críocha Airteagal 112.
5.
Tréimhse uasta i gcomhréir le hAirteagal 94, faoi réir aon athruithe sa phlean uimhrithe náisiúnta.
6.
Aistriú ceart, ar thionscnamh an tsealbhóra cirt, agus coinníollacha an aistrithe sin i gcomhréir leis an Treoir seo, lena n-áirítear go mbeadh pé coinníollacha a ghabhann le ceart úsáide uimhreach ina gceangal freisin ar na gnóthais sin chuig a n-aistrítear na cearta.
7.
Táillí le haghaidh cearta úsáide i gcomhréir le hAirteagal 95.
8.
Aon ghealltanais a thug an gnóthas atá ag fáil an chirt úsáide, le linn nós imeachta roghnúcháin iomaíoch nó comparáideach.
9.
Na hoibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le húsáid uimhreacha.
10.
Na hoibleagáidí maidir le húsáid sheach-chríochach uimhreacha laistigh den Aontas chun comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí agus rialacha eile a bhaineann le huimhreacha a áirithiú i mBallstáit eile seachas an Ballstát sin lena mbaineann an cód tíre.
|
|
IARSCRÍBHINN II COINNÍOLLACHA MAIDIR LE ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ DIGITEACHA TEILIFÍSE AGUS RAIDIÓ A CHRAOLTAR CHUIG LUCHT FÉACHANA AGUS LUCHT ÉISTEACHTA SAN AONTAS
|
IARSCRÍBHINN II
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ DIGITEACHA TEILIFÍSE AGUS RAIDIÓ A CHRAOLTAR CHUIG LUCHT FÉACHANA AGUS LUCHT ÉISTEACHTA SAN AONTAS
Cuid I:
Coinníollacha do chórais rochtana coinníollaí a bheidh le cur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 62(1)
Maidir le rochtain choinníollach ar sheirbhísí digiteacha teilifíse agus raidió a chraoltar chuig lucht féachana agus lucht éisteachta san Aontas, beag beann ar na meáin tarchuir, déanfaidh Ballstáit a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 go mbeidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gach gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí rochtana coinníollaí, beag beann ar na meáin tarchuir, a sholáthraíonn seirbhísí rochtana ar sheirbhísí digiteacha teilifíse agus raidió, agus a bhfuil craoltóirí ag brath ar a seirbhísí rochtana chun teacht ar aon ghrúpa féideartha lucht féachana agus lucht éisteachta, ní mór dóibh:
—
seirbhísí teicniúla a thairiscint do gach craoltóir, ar bhonn cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach i gcomhréir le dlí iomaíochta an Aontais, lena gcuirtear ar chumas lucht féachana nó lucht éisteachta atá údaruithe trí dhíchódóirí, arna riar ag na hoibreoirí seirbhíse, seirbhísí na gcraoltóirí a tharchuirtear go digiteach a fháil, agus dlí iomaíochta an Aontais a chomhlíonadh,
—
cuntais airgeadais ar leithligh a choinneáil maidir lena ngníomhaíocht mar sholáthraithe rochtana coinníollaí.
(b)
agus ceadúnais á ndeonú acu do mhonaróirí trealaimh tomhaltóirí, ní mór do shealbhóirí ceart maoine tionsclaíochta i leith táirgí nó córais rochtana coinníollaí, a áirithiú go ndéanfar sin ar bhealach atá bunaithe ar théarmaí atá cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach. Agus fachtóirí teicniúla agus tráchtála á gcur san áireamh, ní chuirfidh sealbhóirí cirt deonú ceadúnas faoi réir coinníollacha a dhéanfaidh cuimsiú na rudaí seo a leanas sa táirge céanna a thoirmeasc, a chosc nó a dhíspreagadh:
—
comhéadan coiteann trínar féidir ceangal a dhéanamh le roinnt córas rochtana eile, nó
—
modhanna a bhaineann go sonrach le córas rochtana eile, ar choinníoll go gcomhlíonann an ceadúnaí na coinníollacha ábhartha agus réasúnacha, ag áirithiú, a mhéid is a bhaineann leis féin, slándáil idirbheart oibreoirí córais rochtana coinníollaí.
Cuid II:
Saoráidí eile a bhféadfar coinníollacha a chur i bhfeidhm orthu faoi phointe (D) D'Airteagal 61(2)
(a)
Rochtain ar chomhéadain feidhmchláir (APIs);
(b)
Rochtain ar eolairí leictreonacha clár (EPGanna).
|
|
IARSCRÍBHINN III CRITÉIR MAIDIR LE CINNEADH FAOI RÁTAÍ MÓRDHÍOLA DO FHOIRCEANNADH GUTHGHLAONNA
|
IARSCRÍBHINN III
CRITÉIR MAIDIR LE CINNEADH FAOI RÁTAÍ MÓRDHÍOLA DO FHOIRCEANNADH GUTHGHLAONNA
Prionsabail, critéir agus paraiméadair maidir le cinneadh faoi na rátaí mórdhíola d'fhoirceannadh guthghlaonna ar mhargaí fosaithe agus móibíleacha, dá dtagraítear in Airteagal 75(1):
(a)
bunaithe ar ghnóthú na gcostas sin arna dtabhú ag oibreoir éifeachtach a bheidh na rátaí; beidh measúnú costais éifeachtúla bunaithe ar luachanna costais reatha; bunaithe ar chur chuige samhaltúcháin ón mbun aníos, a bhainfidh úsáid as costais atá gaolta le trácht incriminteach fadtréimhseach seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola a sholáthar do thríú páirtithe, a bheidh an mhodheolaíocht chostais lena ríomhtar na costais éifeachtacha;
(b)
déanfar na costais incriminteacha ábhartha a bhaineann le seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola a chinneadh tríd an difríocht idir na costais fhadtréimhseacha iomlána ar oibreoir atá ag soláthar a raon iomlán seirbhísí agus na costais fhadtréimhseacha iomlána a bheadh i gceist mura soláthródh an t-oibreoir sin seirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola do thríú páirtithe;
(c)
is iad na costais sin a bhaineann le trácht, a ndéanfaí iad a sheachaint in éagmais seirbhís foirceanta glao gutha a bheith á soláthar, a leithdháilfear chuig an incrimint foirceanta ábhartha, agus iad sin amháin;
(d)
ní áireofar costais a bhaineann le hacmhainneacht bhreise líonra ach amháin a mhéid atá siad bunaithe ar an riachtanas méadú a dhéanamh ar acmhainneacht chun críche trácht críochnaithe glao gutha mórdhíola breise a iompar;
(e)
eisiafar táillí speictrim raidió ón incrimint foirceanta guthghlaonna mhóibíleach;
(f)
áireofar na costais tráchtála mhórdhíola a bhfuil baint dhíreach acu le soláthar sheirbhís foirceanta glao gutha mórdhíola do thríú páirtithe, agus iad sin amháin;
(g)
measfar go soláthróidh gach oibreoir líonra fosaithe seirbhísí foirceanta glao gutha de réir na gcostas aonaid céanna leis an oibreoir éifeachtúil, beag beann ar cé chomh mór is atá an t-oibreoir sin;
(h)
d'oibreoirí líonraí móibíleacha, socrófar an t-íos-scála éifeachtúil ag sciar den mhargadh nach lú ná 20 %;
(i)
is é an cur chuige ábhartha a bheidh ann do dhímheas sócmhainní ná an dímheas eacnamaíoch; agus
(j)
beidh rogha teicneolaíochta na líonraí atá á samhlú réamhbhreathnaitheach, bunaithe ar chroí-líonra IP, ag cur san áireamh na teicneolaíochtaí éagsúla ar dócha go mbainfear úsáid astu ar feadh thréimhse bhailíochta an uasráta; i gcás líonraí fosaithe, measfar gur paicéadlasctha go heisiach a bheidh glaonna.
|
|
IARSCRÍBHINN IV CRITÉIR MAIDIR LE MEASÚNÚ AR THAIRISCINTÍ COMHINFHEISTÍOCHTA
|
IARSCRÍBHINN IV
CRITÉIR MAIDIR LE MEASÚNÚ AR THAIRISCINTÍ COMHINFHEISTÍOCHTA
Agus measúnú á dhéanamh acu ar thairiscint chomhinfheistíochta de bhun Airteagal 76(1), déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta a fhíorú ar comhlíonadh, den chuid is lú, na critéir seo a leanas. Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta breithniú a dhéanamh ar na critéir bhreise a mhéid is gá chun a áirithiú go mbeidh fáil ar infheisteoirí féideartha na comhinfheistíochta, i bhfianaise coinníollacha sonracha áitiúla, agus struchtúr an mhargaidh:
(a)
Beidh an tairiscint chomhinfheistíochta oscailte d'aon ghnóthas thar shaolré an líonra a tógadh faoi thairiscint chomhinfheistíochta ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Féadfaidh an gnóthas a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige coinníollacha réasúnacha a chur san áireamh sa tairiscint maidir le hacmhainneacht airgeadais aon ghnóthais, sa chaoi mar shampla, gur gá go léireodh comhinfheisteoirí féideartha a gcumas íocaíochtaí céimnithe a sheachadadh ar an mbonn a bhfuil an t-imscaradh pleanáilte ina leith, plean straitéiseach a ghlacadh ar an mbonn a bhfuil na pleananna imscartha meántéarma ullmhaithe ina leith, agus mar sin de.
(b)
Beidh an tairiscint comhinfheistíochta trédhearcach:
—
beidh an tairiscint ar fáil agus éasca le sainaithint ar shuíomh gréasáin an ghnóthais a bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh aige;
—
cuirfear téarmaí mionsonraithe iomlána ar fáil gan moill mhíchuí d'aon tairgeoir féideartha a léirigh suim, lena n-áirítear foirm dhlíthiúil an chomhaontaithe comhinfheistíochta agus – i gcás inarb ábhartha – príomhthéarmaí rialacha rialachais na feithicle comhinfheistíochta; agus
—
Leagfar an próiseas, cosúil leis an treochlár do bhunú agus d'fhorbairt an tionscadail chomhinfheistíochta, amach roimh ré, míneofar go soiléir i scríbhinn é d'aon chomhinfheisteoir féideartha, agus cuirfear na garspriocanna suntasacha ar fad in iúl do gach gnóthas gan aon idirdhealú.
(c)
Áireofar téarmaí a chuireann iomaíocht níos inbhuanaithe chun cinn san fhadtéarma sa tairiscint chomhinfheistíochta do chomhinfheisteoirí féideartha, go háirithe:
—
Tairgfear téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha do gach gnóthas maidir le rannpháirtíocht sa chomhaontú comhinfheistíochta i ndáil leis an tréimhse a nglacann siad páirt, lena n-áirítear i dtéarmaí an bhreithnithe airgeadais is gá chun cearta sonracha a ghnóthú, i dtéarmaí na cosanta a dhámhtar ar na comhinfheisteoirí leis na cearta sin, i rith chéim na tógála agus i rith chéim an tsaothraithe araon, mar shampla trí chearta úsáide dochloíte (IRUanna) a dheonú do ré feidhme ionchasach an líonra comhinfheistithe, agus i dtéarmaí na gcoinníollacha a bhaineann le dul isteach sa chomhaontú comhinfheistíochta agus b'fhéidir é a fhoirceannadh. Sa chomhthéacs seo, níl sé i gceist le téarmaí neamh-idirdhealaitheacha go dtairgeofar na téarmaí céanna, lena n-áirítear téarmaí airgeadais do gach comhinfheisteoir féideartha, ach go ndlisteanófar gach éagsúlacht sna téarmaí a thairgtear ar bhonn na gcritéar oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus intuartha céanna amhail líon na línte úsáideoirí deiridh a bhfuil gealltanas tugtha ina leith.
—
Beidh solúbthacht sa tairiscint i dtéarmaí luach agus uainiú an ghealltanais arna sholáthar ag gach comhinfheisteoir, mar shampla trí chéatadán aontaithe agus a d'fhéadfadh méadú a dhéanamh ar líon iomlán línte úsáideoirí deiridh i limistéar ar leith, a mbeadh féidearthacht ag comhinfheisteoirí gabháil dóibh de réir a chéile agus a bheidh socraithe ar leibhéal aonaid a chuirfidh ar chumas na gcomhinfheisteoirí sin atá níos lú, atá ar bheagán acmhainní a bheith páirteach sa chomhinfheistíocht ar íos-scála réasúnach go maith, a rannpháirtíocht a mhéadú de réir a chéile le linn dóibh leibhéil leormhaithe gealltanais tosaigh a áirithiú. Ní mór go léireofar sa chinnidh maidir leis an mbreithniú airgeadais a bheidh le soláthar ag gach comhinfheisteoir go nglacann infheisteoirí luatha rioscaí níos mó agus go gcuireann siad isteach caipiteal níos túisce.
—
Measfar go bhfuil préimh a mhéadaíonn le himeacht ama dlisteanaithe i gcás gealltanais a rinneadh ag céimeanna níos déanaí agus i gcás comhinfheisteoirí nua atá ag déanamh na comhinfheistíochta tar éis thús an tionscadail, chun léiriú a thabhairt ar an laghdú sna rioscaí agus chun cur i gcoinne aon dreasacht maidir le caipiteal a choinneáil siar sna céimeanna tosaigh.
—
Ceadófar leis an gcomhaontú comhinfheistíochta go mbeidh comhinfheisteoirí in ann na cearta atá faighte acu a shannadh do chomhinfheisteoirí eile, nó do thríú páirtithe atá toilteanach gabháil don chomhaontú comhinfheistíochta faoi réir oibleagáid a bheith ar an ngnóthas aistrí na hoibleagáidí bunaigh uile atá ar an aistreoir faoin gcomhaontú comhinfheistíochta a chomhlíonadh.
—
Déanfaidh comhinfheisteoirí cearta cómhalartacha dá chéile a dheonú ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha chun rochtain a fháil ar an mbonneagar comhinfheistithe chun seirbhísí a sholáthar go hiartheachtach, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh, i gcomhreir le coinníollacha trédhearcacha atá le déanamh trédhearcach sa tairiscint chomhinfheistíochta agus sa chomhaontú ina dhiaidh sin, go háirithe sa chás go bhfuil freagracht aonair agus ar leithligh ar chomhinfheisteoirí maidir le himscaradh codanna sonracha den líonra. Má chruthaítear feithicil chomhinfheistíochta, soláthrófar léi rochtain ar an líonra a sholáthar do na comhinfheisteoirí ar fad, go díreach nó go hindíreach, ar bhonn choibhéis na n-ionchur agus i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnacha, lena n-áirítear coinníollacha airgeadais a léiríonn na leibhéil éagsúla riosca a ghlacann comhinfheisteoirí aonair.
(d)
Áireofar sa tairiscint chomhinfheistíochta, infheistíocht inbhuanaithe ar dócha go gcomhlíonfaidh sí riachtanais a bheidh ann sa todhchaí, tríd eilimintí líonra nua a imscaradh a chuireann go mór le himscaradh líonraí fíor-ardacmhainne.
|
|
IARSCRÍBHINN V ÍOSTACAR NA SEIRBHÍSÍ A mBEIDH AN tSEIRBHÍS LEORDHÓTHANACH ROCHTANA IDIRLÍN LEATHANBHANDA I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 84(3) IN ANN A IOMPAR
|
IARSCRÍBHINN V
ÍOSTACAR NA SEIRBHÍSÍ A mBEIDH AN tSEIRBHÍS LEORDHÓTHANACH ROCHTANA IDIRLÍN LEATHANBHANDA I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 84(3) IN ANN A IOMPAR
(2)
innill chuardaigh lenar féidir gach cineál faisnéise a chuardach agus a aimsiú
(3)
uirlisí bunúsacha oiliúna agus oideachais ar líne
(4)
nuachtáin ar líne nó nuacht
(5)
ag ceannach nó ag ordú earraí nó seirbhísí ar líne
(6)
cuardach poist agus uirlisí cuardaigh poist
(9)
úsáid seirbhíse ríomh-Rialtais
(10)
meáin shóisialta agus cur teachtaireachtaí meandracha
(11)
glaonna agus físghlaonna (cáilíocht chaighdeánach)
|
|
IARSCRÍBHINN VI CUR SÍOS AR NA SAORÁIDÍ AGUS NA SEIRBHÍSÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 88 (RIALÚ CAITEACHAIS), AIRTEAGAL 115 (SAORÁIDÍ BREISE) AGUS AIRTEAGAL 106 (MALARTÚ SOLÁTHRAÍ AGUS INAISTRITHEACHT UIMHREACHA)
|
IARSCRÍBHINN VI
CUR SÍOS AR NA SAORÁIDÍ AGUS NA SEIRBHÍSÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 88 (RIALÚ CAITEACHAIS), AIRTEAGAL 115 (SAORÁIDÍ BREISE) AGUS AIRTEAGAL 106 (MALARTÚ SOLÁTHRAÍ AGUS INAISTRITHEACHT UIMHREACHA)
Cuid A:
Saoráidí agus seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 88 agus 115
Is infheidhme Cuid A do thomhaltóirí nuair is ar bhun Airteagal 88 a chuirtear i bhfeidhm í, agus do chatagóirí eile d'úsáideoirí deiridh i gcás inar chuir na Ballstáit síneadh le líon na dtairbhithe atá in Airteagtal 88(2).
Nuair is ar bhun Airteagal 115 a chuirtear i bhfeidhm í, is infheidhme Cuid A do chatagóirí na n-úsáideoirí deiridh sin a chinnfidh na Ballstáit, ach amháin i gcás phointí (c), (d) agus (g) den Chuid seo, nach bhfuil infheidhme ach do thomhaltóirí.
(a)
Billeáil mhiondealaithe
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go leagfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta síos, faoi réir cheanglais reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, an bunleibhéal de bhillí mionsonraithe atá le tairiscint saor in aisce ag soláthraithe d'úsáideoirí deiridh chun gur féidir leo:
(i)
fíorú agus rialú a cheadú ar na muirir arna dtabhú in úsáid na seirbhísí rochtana idirlín nó na seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115; agus
(ii)
faireachán leormhaith a dhéanamh ar a n-úsáid agus a gcaiteachas agus leis sin gur féidir leo leibhéal réasúnach rialaithe a choinneáil ar a mbillí.
Nuair is iomchuí, d'fhéadfaí leibhéil bhreise mionsonraí a thairiscint d'úsáideoirí deiridh ar tharaifí réasúnacha nó saor in aisce.
I dtaca le huimhreacha ardráta, luafar go sainráite ar bhillí miondealaithe den sórt sin céannacht an tsoláthróra agus fad na seirbhísí sin a ngearrtar táille ina leith murab é go n-iarrann an t-úsáideoir deiridh nach ndéanfaí amhlaidh.
Ní gá glaonna atá saor in aise do na húsáideoirí deiridh atá ag glaoch, lena n-áirítear glaonna chuig línte cabhrach, ní gá iad a shainaithint i mbille mionsonraithe an úsáideora deiridh atá ag glaoch.
Beidh sé de chead ag na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí 'sainaithint líne an ghlaoiteora' a chur ar fáil in aisce.
(b)
Urchosc roghnach ar ghlaonna amach nó SMS nó MMS préimhe, nó i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, cineálacha eile d'fheidhmchláir chomhchosúla, saor in aisce
eadhon an tsaoráid lenar féidir le húsáideoirí deiridh, ar iarratas chuig
soláthraithe
seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115, glaonna amach, nó SMS nó MMS préimhe, nó cineálacha eile feidhmchláir comhchosúla uimhreacha arna sainiú nó chuig uimhreacha arna sainiú, a urchosc saor in aisce.
(c)
Córais réamhíocaíochta
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis na húdaráis inniúla, i gcomhordú, nuair is ábhartha, leis na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar sholáthraithe go ndéanfaidh siad caoi a sholáthar do thomhaltóirí chun íoc, ar théarmaí réamhíoctha, as rochtain ar an líonra cumarsáide leictreonaí poiblí agus as seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí rochtain idirlín, nó as seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115.
(d)
Íocaíocht chéimnithe táillí ceangail
Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú le húdaráis rialála náisiúnta a cheangal ar sholáthraithe a cheadú do thomhaltóirí íoc as ceangal chuig an líonra cumarsáide leictreonaí poiblí ar bhonn íocaíochtaí a dhéanfar go céimniúil thar thréimhse ama.
(e)
Neamhíoc billí
Déanfaidh na Ballstáit bearta sonraithe a údarú, a bheidh comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus foilsithe, chun neamhíoc billí a eisíonn soláthraithe a chlúdach. Déantar na bearta seo chun a áirithiú go dtugtar rabhadh cuí roimh ré d'úsáideoirí deiridh maidir le haon chliseadh nó aon dícheangal sa tseirbhís. Ach amháin i gcásanna calaoise, íocaíocht dhéanach leanúnach, nó neamhíocaíochta, déantar na bearta sin chun a áirithiú, a mhéid atá sé indéanta go teicniúil, go ndéanfar aon chliseadh sa tseirbhís a theorannú don tseirbhís lena mbaineann. Is tar éis rabhadh cuí a thabhairt d'úsáideoirí deiridh a dhéanfaí dícheangal mar gheall ar neamhíoc billí agus sa chás sin amháin. Féadfaidh na Ballstáit tréimhse seirbhíse teoranta a cheadú roimh dhícheangal iomlán, nach gceadófar lena linn ach glaonna nach dtarraingíonn aon mhuirear ar na húsáideoirí deiridh (mar shampla glaonna chuig an uimhir “112”) agus íosleibhéal seirbhíse rochtana idirlín, arna shainiú ag na Ballstáit de réir na gcoinníollacha náisiúnta.
(f)
Comhairle taraife
eadhon an tsaoráid trínar féidir le húsáideoirí deiridh iarraidh ar an soláthraí faisnéis a thairiscint maidir le taraifí ar chostas níos ísle, má tá siad ar fáil.
(g)
Rialú costais
eadhon an tsaoráid trína dtairgeann soláthraithe, má mheasann na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta é a bheith iomchuí, modhanna eile chun rialú a dhéanamh ar na costais a bhaineann le seirbhísí cumarsáide gutha, nó seirbhísí rochtana idirlín, nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe i gcás Airteagal 115, lena n-áirítear foláirimh saor in aisce chuig tomhaltóirí i gcás patrúin tomhaltais atá neamhghnách nó iomarcach.
(h)
saoráid díghníomhachtaithe billeála tríú páirtí
i.e. saoráid lenar féidir le húsáideoirí deiridh díghníomhachtú a dhéanamh ar an gcumas atá ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí úsáid a bhaint as bille de chuid soláthraí seirbhíse rochtana idirlín nó bille de chuid soláthraí seirbhíse cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí chun muirear a thabhú i gcomhair a gcuid táirgí nó seirbhísí.
Cuid B:
Saoráidí dá dtagraítear in Airteagal 115
(a)
Sainaithint líne an ghlaoiteora
eadhon léirítear uimhir an té atá ag glaoch don té atá ag fáil an ghlao sula gceanglaítear an glao.
Déanfar an tsaoráid sin a sholáthair i gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, go háirithe Treoir 2002/58/CE.
A mhéid atá sé indéanta go teicniúil, déanfaidh oibreoirí sonraí agus comharthaí a sholáthar chun éascú a dhéanamh ar thairiscint aitheantas na líne glao agus diailiú tóin thar theorainneacha na mBallstát.
(b)
Ríomhphoist a sheoladh ar aghaidh nó rochtain a thabhairt orthu tar éis fhoirceannadh an chonartha le soláthraí seirbhíse rochtana idirlín.
Tríd an tsaoráid seo atá ar fáil arna iarriadh agus saor in aisce, cuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh a fhoirceannann a gconradh le soláthraí seirbhíse rochtana idirlín, rochtain a fháil, arna iarraidh sin dóibh, ar na ríomphoist a fuarthas ag an seoladh (nó seoltaí) ríomhphoist atá bunaithe ar ainm tráchtála nó trádmharc an tsoláthraí a bhí aige roimhe sin, le linn pé tréimhse a mheasann an t-údarás rialála náisiúnta a bheith riachtanach agus comhréireach, nó trínar féidir leo ríomhphost a seoladh chuig an seoladh (nó seoltaí) sin le linn na tréimhse céanna sin a aistriú chuig seoladh ríomhphoist nua arna shonrú ag an úsáideoir deiridh.
Cuid C:
Cur chun feidhme na bhforálacha inaistritheachta uimhreacha dá dtagraítear in Airteagal 106
Beidh feidhm ag an gceanglas gur féidir le húsáideoirí deiridh a bhfuil a n-uimhreacha sa phlean uimhrithe náisiúnta, a iarrann amhlaidh a n-uimhreacha a choinneáil neamhspleách ar an ngnóthas atá ag soláthar na seirbhíse sna cásanna seo:
(a)
i gcás uimhreacha geografacha, ag suíomh ar leith; agus
(b)
i gcás uimhreacha neamhgheografacha, ag aon suíomh.
Níl feidhm ag an gCuid seo maidir le haistriú uimhreacha idir líonraí a chuireann seirbhísí ar fáil in ionad seasta, agus maidir le líonraí móibíleacha.
|
|
IARSCRÍBHINN VII GLANCHOSTAS, MÁS ANN DÓ, NA nOIBLEAGÁIDÍ SEIRBHÍSE UILÍCHE A RÍOMH, AGUS BUNÚ AON CHÚITEAMH NÓ AON SÁSRA GNÓTHÚCHÁIN NÓ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 89 AGUS AIRTEAGAL 90
|
IARSCRÍBHINN VII
GLANCHOSTAS, MÁS ANN DÓ, NA nOIBLEAGÁIDÍ SEIRBHÍSE UILÍCHE A RÍOMH, AGUS BUNÚ AON CHÚITEAMH NÓ AON SÁSRA GNÓTHÚCHÁIN NÓ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 89 AGUS AIRTEAGAL 90
Cuid A
Ríomh an ghlanchostais
Tagraíonn oibleagáidí seirbhíse uilíche do na hoibleagáidí sin a chuireann Ballstát ar ghnóthas agus a bhaineann le soláthar seirbhíse uilíche mar a leagtar amach in Airteagal 84 go hAirteagal 87.
Déanfaidh údaráis náisiúnta rialála gach modh a bhreithniú chun dreasachtaí iomchuí a áirithiú do ghnóthais (bídís ainmnithe nó ná bíodh) le hoibleagáidí seirbhíse uilíche a sholáthar go cost-éifeachtúil. Agus beart ríomha á dhéanamh, déanfar glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a ríomh mar an difríocht idir an glanchostas ar aon ghnóthas oibriú leis na hoibleagáidí seirbhísí uilíocha nó oibriú d'uireasa na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche. Beidh aird chuí le tabhairt ar mheasúnú cruinn a dhéanamh ar na costais a d'fhéadfadh gnóthas a sheachaint dá mba rud é nach raibh aon oibleagáid seirbhíse uilíche ann. Leis na glanchostais, déanfar measúnú ar na sochair, lena n-áirítear sochair dholáimhsithe, don soláthraí seirbhíse uilíche.
Tá an ríomh le bheith bunaithe ar chostais inchurtha i leith na nithe seo a leanas:
(i)
eilimintí de na seirbhísí sainaitheanta nach féidir a sholáthar ach amháin trí chaillteanas a dhéanamh nó ar ghlanchostas atá lasmuigh de ghnáthchaighdeáin tráchtála.
D'fhéadfadh sé go n-áireofaí sa chatagóir sin gnéithe seirbhíse amhail rochtain ar sheirbhísí teileafóin éigeandála, soláthar teileafón poiblí áirithe, soláthar seirbhísí nó trealaimh áirithe d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas, agus mar sin de;
(ii)
maidir le húsáideoirí deiridh nó grúpaí úsáideoirí deiridh sonracha, ag cur san áireamh an costas a bhaineann leis an líonra agus an tseirbhís shonrach a sholáthar, an t-ioncam a ghintear agus aon mheánú geografach ar phraghsanna arna bhforchur ag an mBallstát, nach féidir freastal orthu ach amháin trí chaillteanas a dhéanamh nó ar ghlanchostas atá lasmuigh de ghnáthchaighdeáin tráchtála.
Áirítear sa chatagóir seo na húsáideoirí deiridh nó grúpaí úsáideoirí deiridh sin nach ndéanfadh soláthraí tráchtála nach raibh oibleagáid air seirbhís uilíoch a sholáthar freastal orthu.
Beidh ríomh an ghlanchostais a bhaineann le gnéithe sonracha d'oibleagáidí seirbhíse uilíche le déanamh ar leithligh chun comhaireamh dúbailte ar aon sochair agus costais dhíreacha nó indíreacha a sheachaint. Déanfar glanchostas iomlán na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche ar aon ghnóthas a ríomh mar shuim na nglanchostas a eascraíonn as comhpháirteanna sonracha oibleagáidí seirbhíse uilíche, ag cur aon sochair dholáimhsithe san áireamh. Tá an fhreagracht maidir le fíorú an ghlanchostais ar an údarás rialála náisiúnta.
Cuid B:
Cúiteamh na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a aisghabháil
Má fhéachtar le glanchostais na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a aisghabháil nó a mhaoiniú, tharlódh go gcaithfí gnóthais ar a bhfuil oibleagáidí seirbhíse uilíche a chúiteamh as na seirbhísí a sholáthraíonn siad faoi choinníollacha neamhthráchtála. Ó tharla go mbíonn aistrithe airgeadais i gceist leis an gcúiteamh sin, ní mór do na Ballstáit a áirithiú gur go hoibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, agus comhréireach a dhéantar iad. Ciallaíonn sin nach bhfágfaidh na haistrithe sin ach an saobhadh is lú ar chúrsaí iomaíochta agus ar éileamh lucht úsáide.
I gcomhréir le hAirteagal 90(3), i dtaca le sásra um chomhroinnt arna bhunú ar chiste, is ceart dó modh trédhearcach agus neodrach a úsáid chun na ranníocaíochtaí a bhailiú agus an baol a sheachaint go bhforchuirfí na ranníocaíochtaí sin faoi dhó, ar aschur agus ionchur na ngnóthas.
Is é an comhlacht neamhspleách a riarfaidh an ciste a bheidh freagrach as na ranníocaíochtaí sin a bhailiú ó na gnóthais a meastar iad a bheith faoi dhliteanas rannchuidiú le glanchostas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche sa Bhallstát, agus is é a mhaoirseoidh aistriú na suimeanna is dlite nó na n-íocaíochtaí riaracháin chuig na gnóthais sin atá i dteideal íocaíochta as an gciste.
|
|
IARSCRÍBHINN VIII CEANGLAIS FAISNÉISE LE SOLÁTHAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 102 (CEANGLAIS FAISNÉISE DO CHONARTHAÍ)
|
IARSCRÍBHINN VIII
CEANGLAIS FAISNÉISE LE SOLÁTHAR I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 102 (CEANGLAIS FAISNÉISE DO CHONARTHAÍ)
A.
ceanglais faisnéise do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar.
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí seachas seirbhísí tarchuir arna n-úsáid chun seirbhísí meaisín le meaisín a sholáthar, déanfaidh siad an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:
(1)
mar chuid de phríomhghnéithe gach seirbhíse a chuirtear ar fáil, aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse a mhéid is a thairgtear iad sin, agus i gcás seirbhísí seachas seirbhísí rochtana idirlín, na paraiméadair cháilíochta shonracha a áiritheofar.
I gcás nach dtairgtear aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse, déanfar ráiteas gurb amhlaidh atá.
(2)
mar chuid den fhaisnéis faoin bpraghas, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is infheidhme, na praghsanna faoi seach le haghaidh an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus le haghaidh aon mhuirir athfhillteacha nó aon mhuirir a bhaineann le tomhaltas,
(3)
mar chuid den fhaisnéis ar ré an chonartha agus na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh, lena n-áirítear táillí ionchasacha scortha, a mhéid a bheidh na coinníollacha sin infheidhme:
(i)
aon íosúsáid nó íostréimhse is gá chun tairbhe a bhaint as na téarmaí réamhfhógrán,
(ii)
aon mhuirir a bhaineann le malartú, le cúiteamh, agus na socruithe aisíocaíochta i gcás mhoill nó mhí-úsáid an mhalartaithe, chomh maith le faisnéis faoi na nósanna imeachta faoi seach,
(iii)
faisnéis maidir le ceart na dtomhaltóirí a úsáideann seirbhísí réamhíoctha chun aisíocaíochta, arna iarraidh sin, ar aon chreidmheas atá fanta i gcás ina n-imíonn siad ó sholáthraí amháin chuig soláthraí eile, mar a leagtar amach in Airteagal 106(6).
(iv)
aon táillí is dlite ar luathfhoirceannadh an chonartha, lena n-áirítear faisnéis faoi dhíghlasáil an trealaimh teirminéil agus aon chostas aisghnóthaithe maidir le trealamh teirminéil,
(4)
aon chúiteamh agus aon socruithe aisíocaíochta, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tagairt shainráite do chearta tomhaltóirí, a bheidh infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cháilíochta seirbhíse atá sa chonradh nó mura bhfreagraíonn an soláthraí go leormhaith do theagmhas slándála nó do bhagairt nó leochaileacht slándála;
(5)
an cineál gníomhaíochta a d'fhéadfadh an soláthraí a dhéanamh agus é ag freagairt d'eachtraí nó bagairtí slándála nó leochaileachtaí.
B.
ceanglais faisnéise ar sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín, agus seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí
I.
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A, déanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín, agus soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil:
(1)
mar chuid den na príomhghnéithe de gach seirbhís a chuirtear ar fáil:
(i)
aon íosleibhéil cháilíochta seirbhíse a mhéid a thairgtear iad, agus lánaird á tabhairt ar threoirlínte BEREC a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 104(2) maidir le:
—
i gcás seirbhísí rochtana idirlín: aga folaigh, giodam, caillteanas paicéid ar a laghad;
—
do sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, i gcás ina ndéanann rialú ar eilimintí áirithe den líonra ar a laghad nó a rinne comhaontú ar leibhéal seirbhíse chuige sin le gnóthais a thugann rochtain ar an líonra: an t-am don cheangal tosaigh, dóchúlacht teipe, moill i nglao-chomharthaí ar a laghad, i gcomhréir le hIarscríbhinn X; agus
(ii)
gan dochar don cheart atá ag úsáideoirí deiridh trealamh teirminéil is rogha leo féin a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán 2015/2120/CE, aon choinníollacha, táillí san áireamh, arna bhforchur ag an soláthraí ar úsáid an trealaimh teirminéil a sholáthraítear;
(2)
mar chuid den fhaisnéis faoin bpraghas, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is infheidhme, na praghsanna faoi seach le haghaidh an tseirbhís cumarsáide leictreonaí a ghníomhachtú agus le haghaidh aon mhuirir athfhillteacha nó le haghaidh aon mhuirir a bhaineann le tomhaltas:
(i)
sonraí de phlean sonrach nó de phleananna sonracha taraife faoin gconradh agus, i gcás gach plean taraife na cineálacha seirbhíse a thairgtear, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, na méideanna cumarsáide (MB, nóiméid, teachtaireachtaí) curtha san áireamh i ngach tréimhse bhilleála, agus an praghas d'aonaid chumarsáide bhreise,
(ii)
i gcás plean nó pleananna taraife a ngabhann méid réamhshocraithe cumarsáide leis nó leo, an deis do thomhaltóirí aon mhéid nár úsáideadh ón tréimhse bhilleála roimhe sin a chur ar aghaidh go dtí an tréimhse bhilleála ina dhiaidh sin, i gcás ina n-áirítear an rogha sin sa chonradh,
(iii)
saoráidí chun trédhearcacht billí a chosaint agus faireachán a dhéanamh ar an leibhéal tomhaltais,
(iv)
faisnéis faoi tharaifí maidir le haon uimhreacha nó seirbhísí atá faoi réir coinníollacha praghsála ar leith; maidir le catagóirí seirbhísí aonair, féadfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta a cheangal freisin go soláthrófaí an fhaisnéis sin sula nasctar an glao nó sula nasctar le soláthraí na seirbhíse,
(v)
do sheirbhísí cuachta agus do chuacha lena n-áirítear seirbhísí agus trealamh teirminéil praghas eilimintí aonair na cuaiche a mhéid a dhéantar iad a mhargú ar leithligh ó chéile freisin,
(vi)
mionsonraí agus coinníollacha, lena n-áirítear táillí, i leith aon seirbhís iardhíola, chothabhála agus cúnaimh do chustaiméirí, agus
(vii)
an bealach inar féidir faisnéis atá cothrom le dáta faoi gach taraif agus táille chothabhála is infheidhme a fháil;
(3)
mar chuid den fhaisnéis ar thréimhse an chonartha do sheirbhísí cuachta agus ar na coinníollacha maidir leis an gconradh a athnuachan agus a fhoirceannadh, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha chun an chuach nó eilimintí di a fhoirceannadh;
(4)
gan dochar d'Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679, faisnéis faoi cé na sonraí pearsanta a sholáthrófar sula ndéanfar an tseirbhís nó a bhaileofar i gcomhthéacs sholáthar na seirbhíse;
(5)
mionsonraí maidir le táirgí agus seirbhísí atá ceaptha d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus conas is féidir nuashonruithe ar an eolas sin a fháil;
(6)
na modhanna maidir le tús a chur le nósanna imeachta chun díospóidí a réiteach, lena n-áirítear díospóidí náisiúnta agus trasteorann, i gcomhréir le hAirteagal 25;
II.
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A agus faoi Phointe I, déanfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe atá ar fáil go poiblí an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil freisin:
(1)
aon srianta ar rochtain ar sheirbhísí éigeandála nó ar fhaisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora mar thoradh ar easpa indéantachta teicniúla a mhéid a ligeann an tseirbhís d'úsáideoirí deiridh glaonna ar uimhir a thionscnamh i bplean uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta;
(2)
ceart an úsáideora deiridh chun cinneadh a dhéanamh a shonraí/sonraí pearsanta a chur ar fáil in eolaire, agus na cineálacha sonraí lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2002/58/CE;
III.
De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i gCuid A agus faoi Phointe I, soláthróidh soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2015/2120.
|
|
IARSCRÍBHINN IX FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 103 (TRÉDHEARCACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE)
|
IARSCRÍBHINN IX
FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 103 (TRÉDHEARCACHT AGUS FOILSIÚ FAISNÉISE)
Tá freagracht ar an údarás inniúil, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis an údarás rialála náisiúnta, a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis san Iarscríbhinn seo, i gcomhréir le hAirteagal 103. Déanfaidh an t-údarás inniúil, nuair is ábhartha, i gcomhordú, leis an údarás rialála náisiúnta an cinneadh i dtaca le cén fhaisnéis atá ábhartha chun a foilsithe ag soláthraithe seirbhísí rochtana idirlín nó seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá ar fáil go poiblí, agus cén fhaisnéis atá le foilsiú ag an údarás inniúil é féin, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis an údarás rialála náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh na húsáideoirí deiridh uile in ann roghanna eolasacha a dhéanamh. Má mheastar sin a bheith iomchuí, féadfaidh na húdaráis inniúla, nuair is ábhartha, i gcomhordú leis na húdaráis rialála náisiúnta bearta féinrialála nó comhrialála a chur chun cinn sula bhforchuirfear aon oibleagáid.
1. Sonraí teagmhála an ghnóthais
2. Tuairisc ar na seirbhísí atá á dtairiscint
2.1. Raon feidhme na seirbhísí atá á dtairiscint agus príomhghnéithe gach ceann de na seirbhísí atá á soláthar, lena n-áirítear leibhéil íosta cáilíochta seirbhíse i gcás ina dtairgtear iad agus aon srianta a fhorchuireann an soláthraí ar úsáid trealaimh teirminéil atá á sholáthar.
2.2. Taraifí na seirbhísí atá á dtairiscint, lena n-áirítear faisnéis maidir le méideanna cumarsáide (amhail srianta ar úsáid sonraí, ar líon na nóiméad gutha, ar líon na dteachtaireachtaí) de phleananna taraife sonracha agus na taraifí is infheidhme maidir le haonaid chumarsáide bhreise, le huimhreacha breise nó le seirbhísí breise faoi réir coinníollacha praghsála ar leith, muirir rochtana agus chothabhála, gach cineál muirir úsáide, scéimeanna taraife speisialta agus spriocdhírithe agus aon mhuirir bhreise, chomh maith le costais i leith trealamh teirminéil.
2.3. Seirbhísí iardhíola, cothabhála agus cúnaimh custaiméara a thairgtear agus a sonraí teagmhála.
2.4. Coinníollacha caighdeánacha conartha, lena n-áirítear ré an chonartha, muirir is dlite i gcás conradh a fhoirceannadh go luath, cearta a bhaineann le tairiscintí cuachta nó eilimintí díobh a fhoirceannadh, agus nósanna imeachta agus muirir dhíreacha maidir le hinaistritheacht uimhreacha agus aitheantóirí eile, más ábhartha.
2.5. Más soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe é an gnóthas, faisnéis maidir le rochtain ar sheirbhísí éigeandála agus faisnéis faoi shuíomh an ghlaoiteora, nó aon teorannú ar an rochtain sin. Más soláthraí seirbhísí cumarsáide idirphearsanta é an gnóthas, ar seirbhísí iad atá neamhspleách ar uimhreacha, faisnéis maidir lena mhéid a fhéadfar tacú nó gan tacú le rochtain ar sheirbhísí éigeandála.
2.6. Mionsonraí táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear aon fheidhmeanna, chleachtais, bheartais agus nósanna imeachta agus athruithe ar oibriú na seirbhíse atá ceaptha go sonrach d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas i gcomhréir leis an gcuid sin de dhlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais rochtana do tháirgí agus seirbhísí.
3. Sásraí maidir le réiteach díospóidí, lena n-áirítear iad siúd a d'fhorbair an gnóthas.
|
|
IARSCRÍBHINN X PARAIMÉADAIR I LEITH CÁILÍOCHT SEIRBHÍSE
|
IARSCRÍBHINN X
PARAIMÉADAIR I LEITH CÁILÍOCHT SEIRBHÍSE
Paraiméadair i leith Cáilíocht Seirbhíse, Sainmhínithe agus Modhanna Tomhais dá dtagraítear in Airteagal 104
Do sholáthraithe na rochtana ar líonra cumarsáide leictreonaí poiblí
|
PARAIMÉADAR
(Nóta 1)
|
SAINMHÍNIÚ
|
MODH TOMHAIS
|
|
Tréimhse ama do sholáthar ceangail tosaigh
|
ETSI EG 202 057
|
ETSI EG 202 057
|
|
Lochtráta de réir líne rochtana
|
ETSI EG 202 057
|
ETSI EG 202 057
|
|
Tréimhse ama chun locht a dheisiú
|
ETSI EG 202 057
|
ETSI EG 202 057
|
Do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta a dhéanann rialú ar eilimintí áirithe den líonra ar a laghad nó a rinne comhaontú ar leibhéal seirbhíse chuige sin le gnóthais a thugann rochtain ar an líonra
|
PARAIMÉADAR
(Nóta 2)
|
SAINMHÍNIÚ
|
MODH TOMHAIS
|
|
Tréimhse ama chun glao a shocrú
|
ETSI EG 202 057
|
ETSI EG 202 057
|
|
Gearáin maidir le cruinneas bille
|
ETSI EG 202 057
|
ETSI EG 202 057
|
|
Cáilíocht ceangail gutha
|
ETSI EG 202 057
|
ETSI EG 202 057
|
|
Cóimheas glaonna idirbhriste
|
ETSI EG 202 057
|
ETSI EG 202 057
|
|
Cóimheas glaonna mírathúla
(Nóta 2)
|
ETSI EG 202 057
|
ETSI EG 202 057
|
|
Dóchúlacht teipe
|
|
|
|
Moilleanna comharthaíochta glao
|
|
|
Is é 1.3.1 (Iúil 2008) uimhir leagain ETSI EG 202 057-1
Do sholáthraithe seirbhísí rochtana idirlín
|
PARAIMÉADAR
|
SAINMHÍNIÚ
|
MODH TOMHAIS
|
|
Aga folaigh (moill)
|
ITU-T Y.2617
|
ITU-T Y.2617
|
|
Giodam
|
ITU-T Y.2617
|
ITU-T Y.2617
|
|
Caillteanas paicéid
|
ITU-T Y.2617
|
ITU-T Y.2617
|
Nóta 1
Ba cheart go lamhálfaí sna paraiméadair go ndéanfaí anailís ar fheidhmíocht ar leibhéal réigiúnach (eadhon leibhéal nach lú ná leibhéal 2 in Ainmníocht na nAonad Críche maidir le Staidreamh (NUTS) arna bunú ag Eurostat).
Nóta 2
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan a éileamh go gcoinneofaí faisnéis cothrom le dáta maidir le feidhmíocht an dá pharaiméadar sin má tá fianaise ar fáil a thaispeánann go bhfuil feidhmíocht shásúil sa dá réimse sin.
|
|
IARSCRÍBHINN XI IDIR-INOIBRITHEACHT GHLACADÓIRÍ RAIDIÓ CAIRR AGUS TREALAMH TEILIFÍSE DIGITÍ DO THOMHALTÓIRÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 113
|
IARSCRÍBHINN XI
IDIR-INOIBRITHEACHT GHLACADÓIRÍ RAIDIÓ CAIRR AGUS TREALAMH TEILIFÍSE DIGITÍ DO THOMHALTÓIRÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 113
1. Algartam coiteann um scrobhadh agus glacadh saorchraolta
Gach trealamh do thomhaltóirí atá ceaptha do ghlacadh comharthaí teilifíse digiteacha (eadhon ag craoladh trí tharchur trastíre, cábla nó satailíte), lena dhíol, lena chur ar cíos, nó a bheidh ar fáil ar bhealach eile san Aontas, agus atá in ann comharthaí teilifíse digiteacha a dhíscrobhadh, ní mór go mbeidh ar a chumas:
(a)
díscrobhadh comharthaí den sórt sin a cheadú i gcomhréir le halgartam coiteann Eorpach um scrobhadh mar atá á riaradh ag eagraíocht caighdeán Eorpach aitheanta, Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (IECT faoi láthair),
(b)
comharthaí taispeána a tarchuireadh gan locht a thaispeáint ar choinníoll, sa chás go bhfuil an trealamh ar cíos, go bhfuil an comhaontú cíosa ábhartha á chomhlíonadh ag an gcíosaí.
2. Idir-inoibritheacht do theilifíseáin dhigiteacha
Déanfar aon teilifíseán digiteach le scáileán iomlán de thrasnán feicéalach níos mó ná 30 cm a chuirtear ar an margadh ar díol nó ar cíos san Aontas a fheistiú le soicéad comhéadain oscailte amháin ar a laghad (arna chaighdeánú ag, caighdeán arna ghlacadh ag, eagraíocht caighdeán Eorpach aitheanta, nó a chomhlíonann an caighdeán sin, nó atá i gcomhréir le sonraíocht atá sa tionscal ar fad) a cheadaíonn ceangal simplí ar fhorimeallaithe, agus a bhfuil eilimintí ábhartha chomhartha teilifíse digití ar fad in ann dul tríd, lena n-áirítear faisnéis maidir le seirbhísí idirghníomhacha agus seirbhísí ar a bhfuil rochtain choinníollach.
▼C2
3. Idir-inoibritheacht Ghlacadóirí raidió cairr
Aon ghlacadóir raidió cairr arna chomhtháthú i bhfeithicil nua de chatagóir M a chuirtear ar an margadh lena dhíol lena chur ar cíos san Aontas ón 21 Nollaig 2020, beidh ann glacadóir a bheidh in ann seirbhísí arna soláthar trí bhíthin craoltóireacht raidió dhigiteach talún, ar a laghad, a ghlacadh agus a atáirgeadh. Na glacadóirí sin, atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó le codanna de na caighdeáin sin, measfar go bhfuil siad i gcomhréir leis an gceanglas sin atá faoi chumhdach na gcaighdeán sin nó codanna díobh.
▼B
|
|
IARSCRÍBHINN XII
|
IARSCRÍBHINN XII
Cuid A
Treoracha Aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh orthu
(dá dtagraítear in Airteagal 125)
|
Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 108, 24.4.2002, lch. 33)
|
|
|
|
Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 337, 18.12.2009, lch. 37)
|
Airteagal 1
|
|
|
Rialachán (CE) 544/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 167, 29.6.2009, lch. 12)
|
Airteagal 2
|
|
|
Rialachán (CE) 717/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 171, 29.6.2007, lch. 32)
|
Airteagal 10
|
|
Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 108, 24.4.2002, lch. 21)
|
|
|
|
Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 337, 18.12.2009, lch. 37)
|
Airteagal 3 agus Iarscríbhinn
|
|
Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 108, 24.4.2002, lch. 7)
|
|
|
|
Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 337, 18.12.2009, lch. 37)
|
Airteagal 2
|
|
Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 108, 24.4.2002, lch. 51)
|
|
|
|
Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 337, 18.12.2009, lch. 11)
|
Airteagal 1 agus Iarscríbhinn I
|
|
|
Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(IO L 310, 26.11.2015, lch. 1)
|
Airteagal 8
|
Cuid B
Teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus dátaí chur i bhfeidhm
(dá dtagraítear in Airteagal 125)
|
Treoir
|
Teorainn ama don trasuí
|
Dáta chur i bhfeidhm
|
|
2002/19/CE
|
24 Iúil 2003
|
25 Iúil 2003
|
|
2002/20/CE
|
24 Iúil 2003
|
25 Iúil 2003
|
|
2002/21/CE
|
24 Iúil 2003
|
25 Iúil 2003
|
|
2002/22/CE
|
24 Iúil 2003
|
25 Iúil 2003
|
|
|
IARSCRÍBHINN XIII TÁBLA COMHGHAOIL
|
IARSCRÍBHINN XIII
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Treoir 2002/21/CE
|
Treoir 2002/20/CE
|
Treoir 2002/19/CE
|
Treoir 2002/22/CE
|
An Treoir seo
|
|
Airteagail 1(1), (2) agus (3)
|
|
|
|
Airteagail 1(1), (2) agus (3)
|
|
Airteagal 1(3a)
|
|
|
|
Airteagal 1(4)
|
|
Airteagal 1(4) agus (5)
|
|
|
|
Airteagal 1(5) agus (6)
|
|
Pointe (a) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 1 d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe 2 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (b) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 3 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (c) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 4 d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe 5 d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe 6 d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe 7 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (d) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 8 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (da) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 9 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (e) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 10 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (ea) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 11 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (f) d'Airteagal
|
|
|
|
Pointe 12 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (g) d'Airteagal 2
|
|
|
|
—
|
|
Pointe (h) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 13 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (i) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 14 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (j) d'Airteagal 2
|
|
|
|
—
|
|
Pointe (k) d'Airteagal 2
|
|
|
|
—
|
|
Pointe (l) d'Airteagal 2
|
|
|
|
2
|
|
Pointe (m) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 15 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (n) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 16 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (o) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 17 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (p) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 18 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (q) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 19 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (r) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 20 d'Airteagal 2
|
|
Pointe (s) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe 21 d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe 22 d'Airteagal 2
|
|
Airteagal 3(1)
|
|
|
|
Airteagal 5(1)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 5(2)
|
|
Airteagal 3(2)
|
|
|
|
Airteagal 6(1)
|
|
Airteagal 3(3)
|
|
|
|
Airteagal 6(2)
|
|
Airteagal 3(3a), an chéad fhomhír
|
|
|
|
Airteagal 8(1)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 8(2)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 7(1)
|
|
Airteagal 3(3a), an dara fomhír
|
|
|
|
Airteagal 7(2) agus (3)
|
|
Airteagal 3(3a), an tríú fomhír
|
|
|
|
Airteagal 9(1) agus (3)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 9(2)
|
|
Airteagal 3(3b)
|
|
|
|
Airteagal 10(1)
|
|
Airteagal 3(3c)
|
|
|
|
Airteagal 10(2)
|
|
Airteagal 3(4)
|
|
|
|
Airteagal 5(3)
|
|
Airteagal 3(5)
|
|
|
|
Airteagal 11
|
|
Airteagal 3(6)
|
|
|
|
Airteagal 5(4)
|
|
Airteagal 4
|
|
|
|
Airteagal 31
|
|
Airteagal 5
|
|
|
|
Airteagal 20
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 22
|
|
Airteagal 6
|
|
|
|
Airteagal 23
|
|
Airteagal 7
|
|
|
|
Airteagal 32
|
|
Airteagal 7a
|
|
|
|
Airteagal 33
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe (c) d'Airteagal 33(5)
|
|
Airteagal 8(1) agus (2)
|
|
|
|
Airteagal 3(1) agus (2)
|
|
Airteagal 8(5)
|
|
|
|
Airteagal 3(3)
|
|
Airteagal 8a(1) agus (2)
|
|
|
|
Airteagal 4(1) agus (2)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 4(3)
|
|
Airteagal 8a(3)
|
|
|
|
Airteagal 4(4)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 29
|
|
Airteagal 9(1) agus (2)
|
|
|
|
Airteagal 45(1) agus (2)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 45(3)
|
|
Airteagal 9(3)
|
|
|
|
Airteagal 45(4)
|
|
Airteagal 9(4) agus (5)
|
|
|
|
Airteagal 45(5) agus (6)
|
|
Airteagal 9(6) agus (7)
|
|
|
|
—
|
|
Airteagal 9a
|
|
|
|
—
|
|
Airteagal 9b(1) agus (2)
|
|
|
|
Airteagal 51(1) agus (2)
|
|
Airteagal 9b(3)
|
|
|
|
Airteagal 51(4)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 51(3)
|
|
Airteagal 10(1)
|
|
|
|
Airteagal 95(1)
|
|
Airteagal 10(2)
|
|
|
|
Airteagal 95(3)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 95(2)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 95(4)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 95(5)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 95(6)
|
|
Airteagal 10(3)
|
|
|
|
Airteagal 95(7)
|
|
Airteagal 10(4)
|
|
|
|
Airteagal 95(8)
|
|
Airteagal 10(5)
|
|
|
|
—
|
|
Airteagal 11
|
|
|
|
Airteagal 43
|
|
Airteagal 12(1)
|
|
|
|
Airteagal 44(1)
|
|
Airteagal 12(2)
|
|
|
|
—
|
|
Airteagal 12(3)
|
|
|
|
Airteagal 61(2)
|
|
Airteagal 12(4)
|
|
|
|
—
|
|
Airteagal 12(5)
|
|
|
|
Airteagal 44(2)
|
|
Airteagal 13
|
|
|
|
Airteagal 17
|
|
Airteagal 13a(1), (2) agus (3)
|
|
|
|
Airteagal 40(1), (2) agus (3)
|
|
Airteagal 13a(4)
|
|
|
|
—
|
|
—
|
|
|
|
Airteagal 40(5)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 40(4)
|
|
Airteagal 13b(1), (2) agus (3)
|
|
|
|
Airteagal 41(1), (2) agus (3)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 41(4)
|
|
Airteagal 13b(4)
|
|
|
|
Airteagal 41(7)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 41(5)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 41(6)
|
|
Airteagal 14
|
|
|
|
Airteagal 63
|
|
Airteagail 15(1),(2),(3)
|
|
|
|
Airteagal 64(1), (2), (3)
|
|
Airteagal 15(4)
|
—
|
—
|
—
|
—
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 66
|
|
Airteagal 16
|
|
|
|
Airteagal 67
|
|
Airteagal 17
|
|
|
|
Airteagal 39
|
|
Airteagal 18
|
|
|
|
—
|
|
Airteagal 19
|
|
|
|
Airteagal 38
|
|
Airteagal 20
|
|
|
|
Airteagal 26
|
|
Airteagal 21(1)
|
|
|
|
Airteagal 27(1)
|
|
Airteagal 21(2) an chéad fhomhír agus an dara fomhír
|
|
|
|
Airteagal 27(2)
|
|
Airteagal 21(2) an tríú fomhír
|
|
|
|
Airteagal 27(3)
|
|
Airteagal 21(2) an ceathrú agus cúigiú fomhír
|
|
|
|
Airteagal 27(4)
|
|
—
|
|
|
|
Airteagal 27(5)
|
|
Airteagal 21(3)
|
|
|
|
—
|
|
Airteagal 21(4)
|
|
|
|
Airteagal 27(6)
|
|
Airteagal 21a
|
|
|
|
Airteagal 29
|
|
Airteagal 22(1)
|
|
|
|
Airteagal 118(1)
|
|
Airteagal 22(2)
|
|
|
|
Airteagal 118(3)
|
|
Airteagal 22(3)
|
|
|
|
Airteagal 118(4)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 11(2)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 118(5)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 117
|
|
Airteagal 23
|
|
|
|
Airteagal 119
|
|
Airteagal 24
|
|
|
|
Airteagal 120(1) agus (2)
|
|
Airteagal 25
|
|
|
|
Airteagal 122(1)
|
|
Airteagal 26
|
|
|
|
Airteagal 125
|
|
Airteagal 28
|
|
|
|
Airteagal 124
|
|
Airteagal 29
|
|
|
|
Airteagal 127
|
|
Airteagal 30
|
|
|
|
Airteagal 128
|
|
Iarscríbhinn II
|
|
|
|
—
|
|
|
Airteagal 1
|
|
|
Airteagal 1(1)
|
|
|
Airteagal 2(1)
|
|
|
—
|
|
|
Airteagal 2(2)
|
|
|
Pointe (22) d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe (23) d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe (24) d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe (25) d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe (26) d'Airteagal 2
|
|
|
Airteagal 3(1)
|
|
|
Airteagal 12(1)
|
|
|
Airteagal 3(2), an chéad abairt
|
|
|
Airteagal 12(2)
|
|
|
Airteagal 3(2), an 2ú, 3ú agus 4ú habairt
|
|
|
Airteagal 12(3)
|
|
|
Airteagal 3(3)
|
|
|
Airteagal 12(4)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
|
|
|
Airteagal 4
|
|
|
Airteagal 15
|
|
|
Airteagal 5(1)
|
|
|
Airteagal 46(1)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 46(2) agus (3)
|
|
|
Airteagal 5(2) an chéad fhomhír
|
|
|
Airteagal 48(1)
|
|
|
Airteagal 5(2) an dara fomhír an chéad abairt
|
|
|
Airteagal 48(2)
|
|
|
Airteagal 5(2) an tríú fomhír
|
|
|
Airteagal 48(5)
|
|
|
Airteagal 5(2) an dara fomhír an dara habairt
|
|
|
Airteagal 48(3)
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 48(4)
|
|
|
Airteagal 5(3)
|
|
|
Airteagal 48(6)
|
|
|
Airteagal 5(4) agus (5)
|
|
|
Airteagal 93(4) agus (5)
|
|
|
Airteagal 5(6)
|
|
|
Airteagal 52
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 93
|
|
|
Airteagal 6(1),(2),(3) agus (4)
|
|
|
Airteagal 13
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 47
|
|
|
Airteagal 7
—
|
|
|
—
Airteagal 55
|
|
|
Airteagal 8
|
|
|
Airteagal 36
|
|
|
Airteagal 9
|
|
|
Airteagal 14
|
|
|
Airteagal 10
|
|
|
Airteagal 30
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
|
|
|
Airteagal 11
|
|
|
Airteagal 21
|
|
|
Airteagal 12
|
|
|
Airteagal 16
|
|
|
Airteagal 13
|
|
|
Airteagal 42
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 94
|
|
|
Airteagal 14(1)
|
|
|
Airteagal 18
|
|
|
Airteagal 14(2)
|
|
|
Airteagal 19
|
|
|
Airteagal 15
|
|
|
Airteagal 120(3) agus (4)
|
|
|
Airteagal 16
|
|
|
—
|
|
|
Airteagal 17
|
|
|
—
|
|
|
Airteagal 18
|
|
|
—
|
|
|
Airteagal 19
|
|
|
—
|
|
|
Airteagal 20
|
|
|
—
|
|
|
Iarscríbhinn
|
|
|
Iarscríbhinn I
|
|
|
|
Airteagal 1 (1 agus 2)
|
|
Airteagal 1(2) agus (3)
|
|
|
|
Pointe (a) d'Airteagal 2
|
|
Pointe (27) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe (b) d'Airteagal 2
|
|
Pointe (28) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe (c) d'Airteagal 2
|
|
Pointe (29) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Pointe (d) d'Airteagal 2
|
|
—
|
|
|
|
Pointe (e) d'Airteagal 2
|
|
Pointe (30) d'Airteagal 2
|
|
|
|
Airteagal 3
|
|
Airteagal 59
|
|
|
|
Airteagal 4
|
|
Airteagal 60
|
|
|
|
Airteagal 5
|
|
Airteagal 61
|
|
|
|
Airteagal 6
|
|
Airteagal 62
|
|
|
|
|
|
—
|
|
|
|
Airteagal 8
|
|
Airteagal 68
|
|
|
|
Airteagal 9
|
|
Airteagal 69
|
|
|
|
Airteagal 10
|
|
Airteagal 70
|
|
|
|
Airteagal 11
|
|
Airteagal 71
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 72
|
|
|
|
Airteagal 12
|
|
Airteagal 73
|
|
|
|
Airteagal 13
|
|
Airteagal 74
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 75
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 76
|
|
|
|
Airteagal 13a
|
|
Airteagal 77
|
|
|
|
Airteagal 13b
|
|
Airteagal 78
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 80
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 81
|
|
|
|
Airteagal 14
|
|
—
|
|
|
|
Airteagal 15
|
|
Airteagal 120(5)
|
|
|
|
Airteagal 16(1)
|
|
—
|
|
|
|
Airteagal 16(2)
|
|
Airteagal 121(4)
|
|
|
|
Airteagal 17
|
|
—
|
|
|
|
Airteagal 18
|
|
—
|
|
|
|
Airteagal 19
|
|
—
|
|
|
|
Airteagal 20
|
|
—
|
|
|
|
Iarscríbhinn I
|
|
Iarscríbhinn II
|
|
|
|
Iarscríbhinn II
|
|
—
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Iarscríbhinn III
|
|
|
|
|
Airteagal 1
|
Airteagal 1(4) agus (5)
|
|
|
|
|
Pointe (a) d'Airteagal 2
|
—
|
|
|
|
|
Pointe (c) d'Airteagal 2
|
Pointe (32) d'Airteagal 2
|
|
|
|
|
Pointe (d) d'Airteagal 2
|
Pointe (33) d'Airteagal 2
|
|
|
|
|
Pointe (f) d'Airteagal 2
|
Pointe (34) d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe (35) d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe (37) d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe (38) d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Pointe (39) d'Airteagal 2
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 84
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 85
|
|
|
|
|
Airteagal 3
|
Airteagal 86(1) agus (2)
|
|
|
|
|
Airteagal 4
|
—
|
|
|
|
|
Airteagal 5
|
—
|
|
|
|
|
Airteagal 6
|
—
|
|
|
|
|
Airteagal 7
|
—
|
|
|
|
|
Airteagal 8(1)
|
Airteagal 86(3)
|
|
|
|
|
Airteagal 8(2)
|
Airteagal 86(4)
|
|
|
|
|
Airteagal 8(3)
|
Airteagal 86(5)
|
|
|
|
|
Airteagal 9
|
—
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 87
|
|
|
|
|
Airteagal 10
|
Airteagal 88
|
|
|
|
|
Airteagal 11
|
—
|
|
|
|
|
Airteagal 12
|
Airteagal 89
|
|
|
|
|
Airteagal 13
|
Airteagal 90
|
|
|
|
|
Airteagal 14
|
Airteagal 91
|
|
|
|
|
Airteagal 15
|
Airteagal 122(2) agus (3)
|
|
|
|
|
Airteagal 17
|
—
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 99
|
|
—
|
—
|
—
|
—
|
Airteagal 101
|
|
|
|
|
Airteagal 20(1)
|
Airteagal 102
|
|
|
|
|
Airteagal 20(2)
|
Airteagal 105(3)
|
|
|
|
|
Airteagal 21
|
Airteagal 103
|
|
|
|
|
Airteagal 22
|
Airteagal 104
|
|
|
|
|
Airteagal 23
|
Airteagal 108
|
|
|
|
|
Airteagal 23a
|
Airteagal 111
|
|
|
|
|
Airteagal 24
|
Airteagal 113
|
|
|
|
|
Airteagal 25
|
Airteagal 112
|
|
|
|
|
Airteagal 26
|
Airteagal 109
|
|
|
|
|
Airteagal 27
|
—
|
|
|
|
|
Airteagal 27a
|
Airteagal 96
|
|
|
|
|
Airteagal 28
|
Airteagal 97
|
|
|
|
|
Airteagal 29
|
Airteagal 115
|
|
|
|
|
Airteagal 30(1)
|
Airteagal 106(2)
|
|
|
|
|
Airteagal 30(2)
|
Airteagal 106(4)
|
|
|
|
|
Airteagal 30(3)
|
Airteagal 106(4)
|
|
|
|
|
Airteagal 30(4)
|
Airteagal 106(5)
|
|
|
|
|
Airteagal 30(5)
|
Airteagal 105(1)
|
|
|
|
|
Airteagal 31
|
Airteagal 114
|
|
|
|
|
Airteagal 32
|
Airteagal 92
|
|
|
|
|
Airteagal 33
|
Airteagal 24
|
|
|
|
|
Airteagal 34
|
Airteagal 25
|
|
|
|
|
Airteagal 35
|
Airteagal 116
|
|
|
|
|
Airteagal 36
|
Airteagal 121
|
|
|
|
|
Airteagal 37
|
—
|
|
|
|
|
Airteagal 38
|
—
|
|
|
|
|
Airteagal 39
|
—
|
|
|
|
|
Airteagal 40
|
—
|
|
|
|
|
Iarscríbhinn I
|
Iarscríbhinn V
|
|
|
|
|
Iarscríbhinn II
|
Iarscríbhinn VII
|
|
|
|
|
Iarscríbhinn III
|
Iarscríbhinn IX
|
|
|
|
|
Iarscríbhinn IV
|
Iarscríbhinn VI
|
|
|
|
|
Iarscríbhinn V
|
—
|
|
|
|
|
Iarscríbhinn VI
|
Iarscríbhinn X
|
|
|
|
|
|
Iarscríbhinn IV
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|