+Articolul 19 Raportarea grevării cu sarcini a activelor pe bază individuală și pe bază consolidată
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.

Articolul 19 Raportarea grevării cu sarcini a activelor pe bază individuală și pe bază consolidată

1. Prezentare generală

,
Titlu Reglementare
Airteagal 19 1.
Chun faisnéis ar ualú sócmhainní a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (g) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 19 2.

Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 leis an minicíocht a leanas:

(a) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Codanna A, B agus D, le minicíocht ráithiúil;

(b) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Cuid C, le minicíocht bhliantúil;

(c) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Cuid C, le minicíocht leathbhliantúil.

Airteagal 19 3.

Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

(a) 

déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Cuid A a chur isteach;

(b) 

déanfaidh institiúidí móra an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Codanna B, C agus E a chur isteach;

(c) 

déanfaidh institiúidí nach institiúidí móra ná institiúidí beaga agus neamhchasta iad an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Codanna B, C agus E a chur isteach i gcás inar cothrom le 15 % nó os a chionn leibhéal ualaithe sócmhainní na hinstitiúide, de réir mar a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn XVII, pointe 1.6, fophointe 9;

(d) 

maidir leis bhfaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XVI, Cuid D, ní thuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis sin ach i gcás ina n-eisíonn siad bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4), an chéad fhomhír, de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus sa chás in amháin ( 3 ).

Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).

1.1 Referințe

1.2 Cerințe identificate

1.3 Standarde asociate

2. Cerințe identificate

Cerințe
Sursă Cerință

3. Standarde asociate

Standarde
Sursă Cerință
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_GA -

    EULAW_GA