+Teideal VII – trédhearcacht
---+208. Ba cheart na straitéisí, beartais agus nósanna imeachta a chur in iúl do gach comhalta foirne …
---+209. Dá réir sin, ba cheart don chomhlacht bainistíochta na comhaltaí foirne ábhartha a chur ar an …
---+210. I gcás ina gceanglaíonn na húdaráis inniúla ar mháthairghnóthais faoi Airteagal 44 de Threoir …
---+211. Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas, ar a laghad, san fhoilseachán: a. forbhreathnú ar …
|
Teideal VII – trédhearcacht
Teideal VII – trédhearcacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
208. Ba cheart na straitéisí, beartais agus nósanna imeachta a chur in iúl do gach comhalta foirne …
|
Ba cheart na straitéisí, beartais agus nósanna imeachta a chur in iúl do gach comhalta foirne ábhartha sa ghnólacht infheistíochta. Ba cheart d’fhoireann an ghnólachta infheistíochta beartais agus nósanna imeachta a bhaineann lena ndualgais agus lena bhfreagrachtaí a thuiscint agus cloí leo.
|
|
209. Dá réir sin, ba cheart don chomhlacht bainistíochta na comhaltaí foirne ábhartha a chur ar an …
|
Dá réir sin, ba cheart don chomhlacht bainistíochta na comhaltaí foirne ábhartha a chur ar an eolas agus a thabhairt cothrom le dáta maidir le straitéisí agus beartais an ghnólachta infheistíochta ar bhealach soiléir agus comhsheasmhach, ar a laghad go dtí an leibhéal is gá chun a ndualgais féin a chur i gcrích. Féadfar é seo a dhéanamh trí threoirlínte scríofa, lámhleabhair nó ar bhealaí eile.
|
|
210. I gcás ina gceanglaíonn na húdaráis inniúla ar mháthairghnóthais faoi Airteagal 44 de Threoir …
|
I gcás ina gceanglaíonn na húdaráis inniúla ar mháthairghnóthais faoi Airteagal 44 de Threoir (AE) 2019/2034 tuairisc a fhoilsiú go bliantúil ar a struchtúr dlíthiúil agus ar a rialachas agus ar struchtúr eagraíochtúil an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis sin gach eintiteas de struchtúr an ghrúpa mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2013/3430 , de réir tíre.
30 Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19)
|
|
211. Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas, ar a laghad, san fhoilseachán: a. forbhreathnú ar …
|
Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas, ar a laghad, san fhoilseachán: - a. forbhreathnú ar eagrú inmheánach an ghnólachta infheistíochta agus ar struchtúr an ghrúpa mar a shainmhínítear é i dTreoir (AE) 2013/34 agus ar na hathruithe a rinneadh air sin, lena n-áirítear na príomhlínte tuairiscithe agus na príomhfhreagrachtaí tuairiscithe;
- b. aon athruithe ábhartha ón uair a foilsíodh é roimhe seo agus dáta an athraithe ábhartha;
- c. struchtúir dhlíthiúla, rialachais nó eagrúcháin nua;
- d. faisnéis faoi struchtúr, eagrú agus comhaltaí an chomhlachta bainistíochta, lena n-áirítear líon na gcomhaltaí agus líon na gcomhaltaí atá cáilithe mar chomhaltaí neamhspleácha, agus lena sonraítear inscne agus fad shainordú gach comhalta den chomhlacht bainistíochta;
- e. príomhfhreagrachtaí an chomhlachta bainistíochta;
- f. liosta de choistí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta agus a gcomhdhéanamh;
- g. forléargas ar an mbeartas coinbhleachtaí leasa is infheidhme maidir leis an ngnólacht infheistíochta agus maidir leis an gcomhlacht bainistíochta;
- h. forléargas ar an gcreat rialaithe inmheánaigh; agus
- i. forléargas ar an gcreat bainistíochta leanúnachais gnó.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|