+11.2 Measúnú caipitil SREP agus ceanglais stuamachta a bhaineann go sonrach le gnólachtaí infheistíochta
---+423. Is cuid den phlé laistigh de choláiste na maoirseoirí é an cinneadh maidir le leordhóthanacht …
---+424. Ba cheart feidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus bearta maoirseachta a dhéanamh, lena …
---+425. I gcomhthéacs an phlé maidir le leordhóthanacht leibhéal na gcistí dílse agus lena gcinntear …
---+426. Ba cheart an ceanglas caipitil agus bearta caipitil eile, más cuí, a shonrú ag leibhéil …

11.2 Measúnú caipitil SREP agus ceanglais stuamachta a bhaineann go sonrach le gnólachtaí infheistíochta

11.2 Measúnú caipitil SREP agus ceanglais stuamachta a bhaineann go sonrach le gnólachtaí infheistíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
423. Is cuid den phlé laistigh de choláiste na maoirseoirí é an cinneadh maidir le leordhóthanacht …

Is cuid den phlé laistigh de choláiste na maoirseoirí é an cinneadh maidir le leordhóthanacht agus ceanglais chaipitil de réir an phróisis a bhfuil cur síos déanta air i dTeideal 7 le haghaidh grúpaí gnólachtaí infheistíochta trasteorann.

424. Ba cheart feidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus bearta maoirseachta a dhéanamh, lena …

Ba cheart feidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus bearta maoirseachta a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil le cistí dílse breise a fhorchur de bhua Airteagal 39(2)(a) de Threoir (AE) 2019/2034 ag leibhéal comhdhlúite nó eintitis aonair mar atá sonraithe i dTeideal 7 a phlé i gcoláiste na maoirseoirí.

425. I gcomhthéacs an phlé maidir le leordhóthanacht leibhéal na gcistí dílse agus lena gcinntear …

I gcomhthéacs an phlé maidir le leordhóthanacht leibhéal na gcistí dílse agus lena gcinntear an ceanglas maidir le cistí dílse breise, ba cheart d’údaráis inniúla an méid seo a leanas a bhreithniú:

  • a. measúnú ar ábharthacht na rioscaí agus na n-easnamh arna sainaithint ar leibhéal na n-eintiteas comhdhlúite agus aonair araon (i.e. cé na rioscaí atá ábhartha don ghrúpa ina iomláine agus atá ábhartha d'eintiteas amháin) agus leibhéal na gcistí dílse a theastaíonn chun rioscaí den sórt sin a chlúdach;
  • b. i gcás ina bhfuil easnaimh arna sainaithint sna heintitis go léir, an measúnú agus an fhreagairt mhaoirseachta a chomhordú, agus go háirithe, cinneadh a dhéanamh maidir le cibé ar cheart nó nár cheart bearta a fhorchur ag leibhéal comhdhlúite nó go comhréireach ag leibhéal an eintitis i gcás na n-eintiteas ina bhfuil easnaimh choiteanna le tabhairt faoi deara;
  • c. torthaí na ríomhanna tagarmharcála maoirseachta a úsáidtear chun ceanglais cistí dílse breise a chinneadh le haghaidh na n-eintiteas uile laistigh den ghrúpa agus ag leibhéal comhdhlúite;

132

  • d. ceanglais maidir le cistí dílse breise atá le forchur ar eintitis agus ag leibhéal comhdhlúite chun a áirithiú go bhfuil comhsheasmhacht idir ceanglais na gcistí dílse críochnaitheacha agus cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le cistí dílse a aistriú ó leibhéal comhdhlúite go leibhéal eintitis; agus
  • e. cinneadh maidir le P2G le haghaidh máthairghnólacht infheistíochta nó fo-ghnólacht infheistíochta, nó ag leibhéal comhdhlúite.
426. Ba cheart an ceanglas caipitil agus bearta caipitil eile, más cuí, a shonrú ag leibhéil …

Ba cheart an ceanglas caipitil agus bearta caipitil eile, más cuí, a shonrú ag leibhéil chomhdhlúite agus aonair. Maidir leis an leibhéal fo-chomhdhlúite, níor cheart go gcumhdódh an riachtanas caipitil agus bearta caipitil eile ach máthairghnóthas an ghrúpa fho-chomhdhlúite chun comhaireamh dúbailte na gceanglas maidir le cistí dílse breise arna mbreithniú ag údaráis inniúla le haghaidh fochuideachtaí i mBallstáit eile a sheachaint.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.