+43. Ba cheart d'institiúidí a n-inghlacthacht riosca le haghaidh IRRBB a shoiléiriú i dtéarnaí an …

43. Ba cheart d'institiúidí a n-inghlacthacht riosca le haghaidh IRRBB a shoiléiriú i dtéarnaí an …

Ba cheart d'institiúidí a n-inghlacthacht riosca le haghaidh IRRBB a shoiléiriú i dtéarnaí an riosca do bhearta IRRBB go háirithe:

  • (a) Ba cheart go mbeadh ráitis shoiléire maidir le hinghlacthacht riosca bunaithe ag institiúidí atá formheasta ag a gcomhlacht bainistíochta agus curtha chun feidhme trí chreataí cuimsitheacha maidir le hinghlacthacht riosca – i.e., beartais agus nósanna imeachta chun IRRBB a theorannú agus a rialú.
  • (b) Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh ina gcreataí maidir le hinghlacthacht rioscaí:
  • a. ba cheart cumhachtaí tarmligthe, línte freagrachta agus cuntasacht i ndáil le cinntí bainistíochta IRRBB a léiriú; agus
  • b. ba cheart na hionstraimí, straitéisí fálaithe agus deiseanna glactha rioscaí atá údaraithe le haghaidh IRRBB a liostú.
  • (c) Nuair a bhíonn a n-inghlacthacht rioscaí á míniú, ba cheart d'institiúidí cuntas a dhéanamh de rioscaí glanioncaim úis a d'fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar chur chuige cuntasaíochta idirbheart sa leabhar neamhthrádála. Ní gá go mbeadh an riosca teoranta d'ioncam úis agus costais: ba cheart éifeachtaí na n-athruithe ar rátaí úis ar mhargadhluach ionstraimí, a léirítear, ag brath ar an gcur chuige cuntasaíochta, tríd an gcuntas brabúis nó caillteanais nó go díreach i gcothromas (trí ioncam cuimsitheach eile), a chur san áireamh ar leithligh. Ba cheart d'institiúidí go háirithe cuntas a dhéanamh den tionchar a bhaineann le roghnaíochtaí leabaithe in ionstraimí cóirluacha atá ag déileáil le turraingí leanúnacha ráta úis agus cásanna struis. Ba cheart d'institiúidí cuntas a dhéanamh den tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag díorthaigh fálaithe ráta úis ar chuntais Bhrabúis agus Chaillteanais dá gcuirfeadh athruithe ar an ráta úis isteach orthu.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.