+b) Corporate planning assumptions for own equity capital for the purpose of IRRBB
---+113. Sa chás go gcinneann institiúidí glacadh le beartas a bhfuil sé mar aidhm leis tuilleamh a …
---+114. Nuair a bhíonn cinneadh maidir le toimhdí an téarma infheistíochta a bhaineann le caipiteal …
---+115. Ba cheart na toimhdí maidir le téarma infheistíochta a úsáidtear chun na rioscaí a bhaineann …
---+116. Sa chás nach bhfuil toimhdí sainráite sonraithe ag institiúid do théarma infheistíochta an …
|
b) Corporate planning assumptions for own equity capital for the purpose of IRRBB
b) Corporate planning assumptions for own equity capital for the purpose of IRRBB
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
113. Sa chás go gcinneann institiúidí glacadh le beartas a bhfuil sé mar aidhm leis tuilleamh a …
|
Sa chás go gcinneann institiúidí glacadh le beartas a bhfuil sé mar aidhm leis tuilleamh a eascraíonn as cothromas dílse a chobhsaí, ba cheart dóibh an méid seo a leanas a áirithiú: - (a) Tá modheolaíocht oiriúnach forbartha acu chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na gnéithe de chaipiteal cothromais ba cheart glacadh leo mar ghnéithe atá incháilithe chomh fada is a bhaineann le cur chuige mar sin;
- (b) Cinneadh a dhéanamh maidir le céard é próifíl aibíochta infheistíochta stuama don chaipiteal cothromais incháilithe a áirithíonn go bhfuil cothromaíocht idir buntáistí an chobhsaithe ioncaim ag eascairt as suíomhanna seasta toraidh níos fadtéarmaí i ndáil le híogaireacht bhreise luach eacnamaíoch na suíomhanna seo faoi strus ráta úis, agus an riosca a bhaineann le tearcfheidhmíocht tuillimh má ardaíonn rátaí;
- (c) Doiciméid chuí maidir leis na toimhdí seo a choimeád ina mbeartais agus nósanna imeachta, agus próiseas a bhunú chun athbhreithniú leanúnach a dhéanamh orthu;
- (d) Teacht ar thuiscint ar thionchar na próifíle aibíochta roghnaithe ar na haschuir tomhais riosca atá roghnaithe ag an institiúid, lena n-áirítear trí ríomh rialta na mbeart gan caipiteal cothromais a chur san áireamh chun na héifeachtaí ar pheirspictíochtaí beart difriúil IRRBB a leithlisiú; agus
- (e) Tástáil struis a dhéanamh chun íogaireacht na mbeart riosca d'athruithe ar phríomhthoimhdí a bhaineann le caipiteal cothromais a thuiscint, agus torthaí a leithéid de thástálacha a chur san áireamh i gcinntí inmheánacha maidir le leithdháileadh caipitil IRRBB.
|
|
114. Nuair a bhíonn cinneadh maidir le toimhdí an téarma infheistíochta a bhaineann le caipiteal …
|
Nuair a bhíonn cinneadh maidir le toimhdí an téarma infheistíochta a bhaineann le caipiteal cothromais á dhéanamh, ba cheart d'institiúidí suíomhanna cobhsaíochta ioncaim a sheachaint a laghdaíonn a gcumas dul in oiriúint d'athruithe suntasacha ar an timpeallacht bhunúsach eacnamaíoch agus ghnó.
|
|
115. Ba cheart na toimhdí maidir le téarma infheistíochta a úsáidtear chun na rioscaí a bhaineann …
|
Ba cheart na toimhdí maidir le téarma infheistíochta a úsáidtear chun na rioscaí a bhaineann le híogaireachtaí beart difriúil IRRBB a eascraíonn as caipiteal cothromais a bhreithniú mar chuid den ghnáth-thimthriall pleanála corparáidí, agus níor cheart a leithéid de thoimhdí a leasú chun athrú ar ionchais na hinstitiúide maidir le conair rátaí úis na todhchaí a léiriú. Ba cheart aon úsáid a bhaintear as punanna díorthach nó sócmhainní chun an phróifíl infheistíochta inmhianaithe a bhaint amach a dhoiciméadú agus a thaifeadadh go soiléir.
|
|
116. Sa chás nach bhfuil toimhdí sainráite sonraithe ag institiúid do théarma infheistíochta an …
|
Sa chás nach bhfuil toimhdí sainráite sonraithe ag institiúid do théarma infheistíochta an chaipitil cothromais nó go bhfuil na toimhdí atá sonraithe gearrthéarma go sainráite, ba cheart don institiúid a áirithiú go bhfuil ar chumas a chóras agus eolas bainistíochta impleachtaí an chur chuige roghnaithe ar luaineacht an ioncaim úis agus luach eacnamaíoch a shainaithint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|