+(viii) Leasuithe ar Threoirlíne 9: Treoirlíne Earnála do bhainc mhiondíola
---+24. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.3: '9.3. Ba chóir do na bainc na fachtóirí …
---+25. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.16: ‘9.16 I gcás ina n-osclóidh custaiméir …
---+26. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.17: ‘9.17 I gcás inar chinn banc, bunaithe …
---+27. I dTreoirlíne 9.18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: ‘9.18. Mar …
---+28. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Threoirlínte 9.20 go 9.24: ‘Custaiméirí a …
---+29. Scriostar Treoirlínte 9.20 go 9.23.
---+30. Cuirtear isteach na Treoirlínte 9.20 agus 9.21 seo a leanas: ‘9.20 Agus tús á chur le caidreamh …
|
(viii) Leasuithe ar Threoirlíne 9: Treoirlíne Earnála do bhainc mhiondíola
(viii) Leasuithe ar Threoirlíne 9: Treoirlíne Earnála do bhainc mhiondíola
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
24. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.3: '9.3. Ba chóir do na bainc na fachtóirí …
|
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.3: '9.3. Ba chóir do na bainc na fachtóirí riosca agus na bearta seo a leanas a mheas in éineacht leo siúd a leagtar amach i dTeideal I de na Treoirlínte seo. Ba chóir do bhainc a sholáthraíonn seirbhísí bainistithe rachmais tagairt a dhéanamh freisin do Threoirlíne earnála 12, seirbhísí tionscanta íocaíochta, nó ba chóir do sheirbhísí faisnéise cuntais tagairt a dhéanamh freisin do Threoirlíne earnála 18 agus ba chóir dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhísí criptea-shócmhainní tagairt a dhéanamh do Threoirlíne earnála 21.’
|
|
25. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.16: ‘9.16 I gcás ina n-osclóidh custaiméir …
|
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.16: ‘9.16 I gcás ina n-osclóidh custaiméir bainc ‘cuntas comhthiomsaithe/ollchuntas’ chun cistí nó criptea-shócmhainní ar le cliaint an chustaiméara féin iad a riar, ba chóir don bhanc bearta CDD iomlána a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear caitheamh le cliaint an chustaiméara mar úinéirí tairbhiúla na gcistí arna sealbhú sa chuntas comhthiomsaithe agus a gcéannachtaí a fhíorú.’
|
|
26. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.17: ‘9.17 I gcás inar chinn banc, bunaithe …
|
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 9.17: ‘9.17 I gcás inar chinn banc, bunaithe ar a mheasúnú riosca ML/TF a rinneadh i gcomhréir leis na Treoirlínte seo, go bhfuil leibhéal ard riosca ML/TF a bhaineann leis an gcaidreamh gnó, ba chóir dó na bearta EDD a leagtar amach in Airteagal 18 de Threoir (AE) 2015/849 a chur i bhfeidhm de réir mar is iomchuí.’
|
|
27. I dTreoirlíne 9.18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: ‘9.18. Mar …
|
I dTreoirlíne 9.18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: ‘9.18. Mar sin féin, a mhéid a cheadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta, i gcás, de réir mheasúnú riosca aonair ML/TF an chustaiméara, ina bhfuil an riosca a bhaineann leis an gcaidreamh gnó íseal, féadfaidh banc bearta simplithe díchill chuí (SDD) a chur i bhfeidhm, ar choinníoll an mhéid seo a leanas:’
|
|
28. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Threoirlínte 9.20 go 9.24: ‘Custaiméirí a …
|
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Threoirlínte 9.20 go 9.24: ‘Custaiméirí a thairgeann seirbhísí a bhaineann le criptea-shócmhainní’
|
|
29. Scriostar Treoirlínte 9.20 go 9.23.
|
Scriostar Treoirlínte 9.20 go 9.23.
|
|
30. Cuirtear isteach na Treoirlínte 9.20 agus 9.21 seo a leanas: ‘9.20 Agus tús á chur le caidreamh …
|
Cuirtear isteach na Treoirlínte 9.20 agus 9.21 seo a leanas: ‘9.20 Agus tús á chur le caidreamh gnó le custaiméir ar soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní é, seachas CASP a rialaítear faoi Rialachán (AE) 2023/11145 , d’fhéadfadh bainc a bheith neamhchosanta ar riosca méadaithe ML/TF. Féadfar an riosca a laghdú i gcásanna ina ndéantar an soláthraí sin a rialáil agus a mhaoirsiú faoi chreat rialála atá cosúil leis an gcreat a leagtar amach i Rialachán (AE) 2023/1114 nó i dTreoir (AE) 2015/849. Ba chóir do bhainc measúnú riosca ML/TF a dhéanamh ar na custaiméirí sin sula mbunóidh siad caidreamh gnó leo. Mar chuid de sin, ba chóir do bhainc breithniú a dhéanamh freisin ar an riosca ML/TF a bhaineann leis an gcineál sonrach criptea-shócmhainní a sholáthraíonn na soláthraithe sin nó a ndéanann na soláthraithe sin seirbhísiú orthu.’ ‘9.21 Chun a áirithiú go maolófar leibhéal an riosca ML/TF a bhaineann le custaiméirí a dtugtar tuairisc orthu i dTreoirlíne 9.20, ba chóir do bhainc, mar chuid dá mbearta CDD, an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh: - a) dul i mbun idirphlé leis an gcustaiméir chun cineál an ghnó agus na rioscaí ML/TF a bhfuil sé neamhchosanta orthu a thuiscint;
- b) chomh maith le céannacht úinéirí tairbhiúla an chustaiméara a fhíorú, dícheall cuí a dhéanamh ar an mbainistíocht shinsearach a mhéid atá siad éagsúil, lena n-áirítear aon fhaisnéis dhíobhálach a bhreithniú;
- c) tuiscint a fháil ar a mhéid a chuireann na custaiméirí sin a mbearta CDD féin i bhfeidhm ar a gcliaint, cé acu faoi oibleagáid dhlíthiúil nó ar bhonn deonach;
- d) cinneadh a dhéanamh an bhfuil an custaiméir cláraithe nó ceadúnaithe i mBallstát AE/LEE nó i dtír nach Ballstát den AE í, agus, i gcás tír nach Ballstát den AE í, tuairim a ghlacadh maidir le leordhóthanacht chóras rialála agus maoirseachta AML/CFT na tíre sin nach bhfuil san AE i gcomhréir le Treoirlíne 2.11;
- e) cinneadh a dhéanamh an dtagann na seirbhísí a sholáthraíonn an custaiméir faoi raon feidhme chlárú nó cheadúnas an chustaiméara;
- f) cinneadh a dhéanamh an bhfuil an custaiméir ag soláthar seirbhísí seachas seirbhísí a bhfuil sé cláraithe nó ceadúnaithe mar fhoras creidmheasa nó airgeadais ina leith;
- g) i gcás ina mbaineann gnó an chustaiméara le criptea-shócmhainní a eisiúint chun cistí a thiomsú, amhail Tairiscintí Tosaigh Bonn, ba chóir do na bainc a chinneadh an ndéantar an gnó sin i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana agus, i gcás inarb infheidhme, an bhfuil sé á rialáil chun críocha AML/CFT de réir caighdeáin a chomhaontaítear go hidirnáisiúnta, amhail caighdeáin arna bhfoilsiú ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais.’
5 Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|