+40. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus CASPanna measúnú nó athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht …

40. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus CASPanna measúnú nó athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht …

Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna agus CASPanna measúnú nó athmheasúnú a dhéanamh ar oiriúnacht an chomhlachta bainistíochta, agus ar oiriúnacht a chomhaltaí:

  • a. nuair a dhéantar iarratas ar údarú sula gcuirtear tús leis na gníomhaíochtaí a bhfuil údarú ag teastáil ina leith;
  • b. nuair a tharlaíonn athruithe ábhartha ar chomhdhéanamh an chomhlachta bainistíochta, lena n-áirítear:
  • i. nuair a bhíonn comhaltaí nua den chomhlacht bainistíochta á gceapadh, lena n-áirítear i gcomhthéacs d’fháil dhíreach nó indíreach sealúchais cháilithigh nó i gcomhthéacs de mhéadú ar shealúchas cáilitheach in eisitheoir ARTanna nó CASP. Ba cheart an measúnú sin a theorannú do chomhaltaí nuacheaptha agus d’oiriúnacht chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta;
  • ii. agus comhaltaí den chomhlacht bainistíochta á n-athcheapadh, má tá athrú tagtha ar riachtanais an phoist nó má cheaptar an comhalta chuig post eile laistigh den chomhlacht bainistíochta. Ba cheart an measúnú sin a theorannú do na comhaltaí sin a bhfuil athrú tagtha ar a bpost agus don anailís ar na gnéithe ábhartha, agus aon cheanglas breise maidir leis an bpost agus oiriúnacht chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta á gcur san áireamh;
  • c. i gcás inar tharla athruithe ábhartha ar an tsamhail ghnó agus ar na gníomhaíochtaí gnó, ar fhorálacha bunúsacha dlí nó ar theicneolaíochtaí a úsáidtear;
  • d. ar bhonn leanúnach, i bhfianaise aon fhíorais nó staide ábhartha nua. Go háirithe, ba cheart athmheasúnú a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:
  • i. nuair atá ábhair imní ann maidir le hoiriúnacht aonair nó chomhchoiteann chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta;
  • ii. i gcás ina bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith ar chlú comhalta den chomhlacht bainistíochta, nó ar chlú eisitheora ARTanna nó CASPanna, lena n-áirítear cásanna nach gcomhlíonann comhaltaí beartas an ghnólachta maidir le coinbhleacht leasa;
  • e. i gcás ina bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go ndearnadh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó go bhfuil siad á ndéanamh nó go bhfuil iarracht á déanamh ina leith, lena mbaineann eisitheoir ARTanna nó CASP sin, nó i gcás ina bhfuarthas amach go bhfuil a oibleagáidí AML/CFT á sárú aige sa Bhallstát baile nó sa Bhallstát óstach nó i dtríú tír in aon teagmhas a d’fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh ar shlí eile d’oiriúnacht an chomhalta den chomhlacht bainistíochta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.