+4.1. Cuspóir
---+14. Ba cheart d’institiúidí cuir chuige réamhbhreathnaitheacha a fhorbairt agus anailís ar chásanna …
---+15. Agus anailís ar chásanna á déanamh, ba cheart d’institiúidí soiléireacht a áirithiú maidir le …
---+16. Ón tús, ba cheart d’institiúidí insint inchreidte agus chomhleanúnach a shainiú ina gcuirtear …
---+17. Ba cheart d’institiúidí anailís ar chásanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme de réir a …
|
4.1. Cuspóir
4.1. Cuspóir
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
14. Ba cheart d’institiúidí cuir chuige réamhbhreathnaitheacha a fhorbairt agus anailís ar chásanna …
|
Ba cheart d’institiúidí cuir chuige réamhbhreathnaitheacha a fhorbairt agus anailís ar chásanna a dhéanamh chun rioscaí comhshaoil a bhainistiú agus chun bonn eolais a chur faoi chinntí straitéiseacha. Go sonrach: - a. Ba cheart d’institiúidí anailís ar chásanna a úsáid chun críocha rioscaí agus deiseanna gnó a shainaithint, measúnú a dhéanamh ar leochaileachtaí a bpunann i leith rioscaí fisiceacha agus aistrithe, agus tástáil a dhéanamh ar a n athléimneacht i leith tion chair dhiúltacha fhéideartha na bhfachtóirí comhshaoil, ag tosú leis an athrú aeráide. -
- b. Ba cheart d’institiúidí anailís ar chásanna a úsáid chun tacú le forbairt a straitéise agus a bpróisis pleanála aistrithe mar a leagtar amach i dTreoirlínte ÚBE maidir le rioscaí ESG a bhainistiú agus á samhail ghnó a fhiosrú maidir le hathléimneacht in aghaidh tosca comhshaoil, lena n- áirítear sa tréimhse fhadtéarmach.
- c. Féadfaidh institiúidí anailís ar chásanna a úsáid freisin chun feasacht a mhúscailt agus chun tacú le rioscaí comhshaoil a leabú ina gcultúr corparáideach.
|
|
15. Agus anailís ar chásanna á déanamh, ba cheart d’institiúidí soiléireacht a áirithiú maidir le …
|
Agus anailís ar chásanna á déanamh, ba cheart d’institiúidí soiléireacht a áirithiú maidir le cuspóir, ionchais agus teorainneacha na hanailíse.
|
|
16. Ón tús, ba cheart d’institiúidí insint inchreidte agus chomhleanúnach a shainiú ina gcuirtear …
|
Ón tús, ba cheart d’institiúidí insint inchreidte agus chomhleanúnach a shainiú ina gcuirtear síos ar a bhfís den éabhlóid is dóchúla ar an timpeallacht ghnó ina bhfeidhmíonn siad. Ba cheart go mbeadh an insint seo mar bhunús le cás tagartha na hinstitiúid e dá dtagraítear i roinn 4.2. Ba cheart don bhainistíocht shinsearach é sin a fhormhuiniú agus a úsáid go comhsheasmhach (i.e. an insint chéanna a chur san áireamh) ar fud na heagraíochta ar fad.
|
|
17. Ba cheart d’institiúidí anailís ar chásanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme de réir a …
|
Ba cheart d’institiúidí anailís ar chásanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme de réir a chéile, agus é mar aidhm í a leabú ina gcreat bainistíochta ar fad (i.e. straitéis, rialachas, bainistiú riosca agus oibríochtaí). Agus anailís ar chásanna á húsáid chun tástáil a dhéanamh ar an athléimneacht in aghaidh tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag tosca comhshaoil, ba cheart d’institiúidí an dá uirlis chomhlántacha seo a leanas a mheas i gcomhréir le Roinn 5: - a. An tástáil struis a d’fhéadfadh cabhrú le hinstitiúidí measúnú a dhéanamh ar a n - athléimneacht airgeadais (idir chaipiteal agus leachtacht) in aghaidh suaití comhshaoil sa ghearrthéarma.
- b. An anailís athléimneachta a d’fhéadfadh a bheith ina cuidiú le hinstitiúidí measúnú a dhéanamh ar a samhail ghnó agus, i gcás inar gá, í a oiriúnú chun a hathléimneacht a áirithiú i bhfianaise athruithe comhshaoil meántéarmacha agus fadtéarmacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|