+72. Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta breise (lena n-áirítear bearta cainníochtúla i …
|
72. Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta breise (lena n-áirítear bearta cainníochtúla i …
Féadfaidh údaráis inniúla bearta maoirseachta breise (lena n-áirítear bearta cainníochtúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1)(a) den Treoir 2013/36/AE) nó teaglaim díobh a chur i bhfeidhm más é an tuairim atá ann go bhfuil siad níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh. Tábla 3. Liosta féideartha agus neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta a eascraíonn ón BMA Bearta maoirseachta féideartha d'údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1)(b), (d), (e), (f), (m), (n) den Treoir 2013/36/AE – Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid: A. an plean airgeadais atá sonraithe sa straitéis a choigeartú, mura bhfuil pleanáil caipitil inmheánach nó toimhdí inchreidte ag tacú leis; B. a cheangal go ndéanfaí athruithe ar struchtúir eagraíochtúla, go mbeidh feidhmeanna agus socruithe bainistíochta agus rialaithe á dtreisiú chun tacú le cur i bhfeidhm na samhla nó na straitéise gnó; C. a cheangal go gcuirfí athruithe i bhfeidhm ar agus go dtreiseofar córais TF chun tacú le cur i bhfeidhm na samhla nó na straitéise gnó; D. athruithe a dhéanamh ar an tsamhail nó ar an straitéis ghnó; E. an riosca a bhaineann leis na táirgí a fhorbraíonn/a dháileann siad a laghdú, lena n-áirítear athruithe a éileamh ar na rioscaí a bhaineann le tairiscintí táirgí áirithe; agus/nó feabhsuithe a éileamh ar na socruithe rialachais agus rialaithe maidir le forbairt agus cothabháil táirgí; F. an riosca a bhaineann go dlúth lena chórais a laghdú, lena n-áirítear feabhsuithe ar na córais a éileamh, nó an leibhéal infheistíochta a mhéadú nó dlús a chur le cur i bhfeidhm córas nua; agus/nó feabhsuithe ar na socruithe rialachais agus rialaithe maidir le forbairt agus cothabháil an chórais a éileamh; G. an riosca a bhaineann go dlúth lena ngníomhaíochtaí a laghdú, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí seachfhoinsithe agus athruithe ar ghníomhaíochtaí áirithe nó laghdú ar ghníomhaíochtaí áirithe a éileamh d’fhonn a riosca bunúsach a laghdú; agus/nó feabhsuithe ar shocruithe rialachais agus rialaithe agus maoirseacht ar ghníomhaíochtaí seachfhoinsithe a éileamh; H. rioscaí ESG a laghdú, go háirithe rioscaí comhshaoil, trí choigeartuithe ar a straitéis ghnó, a bhféadfaí, ar a shon, treisiú na spriocanna, na mbeart agus na ngníomhartha atá san áireamh i bplean na hinstitiúide atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 76(2) den Treoir 2013/36/AE a iarraidh.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|