+Article 76 2.

Article 76 2.

Member States shall ensure that the management body devotes sufficient time to consideration of risk issues. The management body shall be actively involved in and ensure that adequate resources are allocated to the management of all material risks addressed in this Directive and in Regulation (EU) No 575/2013 as well as in the valuation of assets, the use of external credit ratings and internal models relating to those risks. The institution shall establish reporting lines to the management body that cover all material risks and risk management policies and changes thereof.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhforbróidh an comhlacht bainistíochta pleananna sonracha agus spriocanna inchainníochtaithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 chun faireachán a dhéanamh ar an riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha a thairgeann seirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach shuntasach leo don Aontas nó do cheann amháin nó níos mó dá Bhallstáit agus chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhforbróidh an comhlacht bainistíochta pleananna sonracha agus go ndéanann sé faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna sonracha sin ina bhfuil spriocanna inchainníochtaithe agus próisis chun faireachán a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma as tosca CSR, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as an bpróiseas coigeartaithe agus as na treochtaí aistrithe i gcomhthéacs chuspóirí rialála agus gníomhartha dlíthiúla ábhartha an Aontais agus na mBallstát i ndáil leis na tosca CSR, go háirithe an cuspóir an aeráidneodracht a bhaint amach, agus, i gcás inarb ábhartha d’institiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, cuspóirí dlíthiúla agus rialála tríú tíortha.

Maidir leis na spriocanna agus na próisis inchainníochtaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí CSR a áirítear sna pleananna dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, cuirfear san áireamh lena n-aghaidh na tuarascálacha agus na bearta is déanaí arna bhforordú ag an mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, go háirithe i ndáil le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. I gcás ina nochtann an institiúid faisnéis maidir le hábhair CSR i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 29 ), beidh na pleananna dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo comhsheasmhach leis na pleananna dá dtagraítear in Airteagal 19a nó 29a den Treoir sin agus áireoidh siad, go háirithe, gníomhaíochtaí maidir le samhail ghnó agus straitéis na hinstitiúide atá comhsheasmhach sa dá phlean.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an dara fomhír agus an tríú fomhír i bhfeidhm go comhréireach maidir le comhlachtaí bainistíochta institiúidí beaga agus neamhchasta, agus tabharfaidh siad le fios cad iad na réimsí ina bhféadfar tarscaoileadh nó nós imeachta simplithe a chur i bhfeidhm.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.