+352. Agus an P2G agus an P2G-LR deiridh á gcinneadh, ba cheart d'údaráis inniúla na fachtóirí seo a …
|
352. Agus an P2G agus an P2G-LR deiridh á gcinneadh, ba cheart d'údaráis inniúla na fachtóirí seo a …
Agus an P2G agus an P2G-LR deiridh á gcinneadh, ba cheart d'údaráis inniúla na fachtóirí seo a leanas a mheas, i gcás inarb ábhartha agus i gcás ina bhfuil siad ar fáil: - a. an bhliain a dtarlaíonn an t-uastionchar struis i ndáil le túsphointe agus tréimhse ama na gcásanna a úsáidtear sna tástálacha struis;
- b. toradh tástála struis iontaofa institiúide, agus sainmhínithe agus toimhdí cásanna sonracha á gcur san áireamh, go háirithe i gcás ina meastar go bhfuil siad níos ábhartha do shamhail ghnó agus do phróifíl riosca na hinstitiúide nó i gcás ina bhfuil na cásanna inmheánacha níos déine ná na cásanna maoirseachta;
- c. athruithe a tharlaíonn tar éis dháta scoite an chleachtaidh tástála struis a mbeadh tionchar ábhartha acu ar phróifíl riosca nó ar shuíomh caipitil na n-institiúidí (e.g. iasachtaí neamhthuillmheacha a dhíol). Féadfar a áireamh sna hathruithe sin athruithe eatramhacha ar an bpróifíl riosca lena n-áirítear athruithe struchtúracha ar ghníomhaíocht nó ar chlár comhardaithe na n-institiúidí;
- d. gníomhaíochtaí maolaitheacha bainistíochta ábhartha na hinstitiúide a mheastar a bheith inchreidte agus thar a bheith cinnte tar éis a measúnú maoirseachta;
- e. faisnéis agus tuairimí maoirseachta maidir le hábharthacht na tástála struis maoirseachta do straitéis, do phleananna airgeadais agus do shamhail ghnó na hinstitiúide;
- f. cinnteacht laghdaithe maidir le híogaireacht iarbhír na hinstitiúide do chásanna díobhálacha;
- g. aon fhorluí féideartha leis an P2R nó P2R-LR;
- h. cumas aisghabhála foriomlán na hinstitiúide mar a shonraítear i dTreoirlínte an ÚBE maidir le cumas téarnaimh foriomlán i bpleanáil téarnaimh43 ;
- i. cáilíocht (comhdhéanamh) chistí dílse na hinstitiúide atá ar fáil, lena n-áirítear an bhliain is measa den strus;
- j. cibé acu atá nó nach bhfuil an institiúid faoi athstruchtúrú nó faoi réiteach.
43 Treoirlínte an ÚBE maidir le hacmhainneacht téarnaimh fhoriomlán i bpleanáil téarnaimh (ÚBE/GL/2023/06) – Rannóg II. Measúnú ar ORC – ‘ORC coigeartaithe’
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|