+470. Ba cheart d'údaráis inniúla an méid seo a leanas a phlé agus a chomhordú faoi chuimsiú …
|
470. Ba cheart d'údaráis inniúla an méid seo a leanas a phlé agus a chomhordú faoi chuimsiú …
Ba cheart d'údaráis inniúla an méid seo a leanas a phlé agus a chomhordú faoi chuimsiú choláistí na maoirseoirí: - a. pleanáil, lena n-áirítear minicíocht, agus amlínte chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla SREP don ghrúpa comhdhlúite agus dá eintitis chun ullmhú na dtuarascálacha ar riosca grúpa agus riosca leachtachta a cheanglaítear do na cinntí comhpháirteacha mar a shonraítear in Airteagal 113 de Threoir 2013/36/AE agus in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún agus an chomhréireacht agus an rannpháirtíocht maoirseachta atá leagtha amach i dTeideal 2 á gcur san áireamh;
- b. sonraí maidir le cur i bhfeidhm na dtagarmharcanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe SREP;
- c. cur chuige maidir le measúnú agus scóráil a dhéanamh ar fhochatagóirí rioscaí ina n-aonar, i gcás inar sainaithníodh fochatagóirí den sórt sin mar fhochatagóirí ábhartha;
- d. ionchuir a theastaíonn ón institiúid ar leibhéal comhdhlúite agus ar leibhéal eintitis chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe SREP, lena n-áirítear iad siúd ón ICAAP agus ón ILAAP;
- e. torthaí an mheasúnaithe, lena n-áirítear na scóir SREP a sannadh do ghnéithe éagsúla, agus an measúnú SREP iomlán agus an scór SREP foriomlán ag leibhéal comhdhlúite agus ag leibhéal eintitis. Nuair a bhíonn an measúnú ar rioscaí aonair do chaipiteal agus leachtacht á bplé, ba cheart d’údaráis inniúla díriú ar na rioscaí a shainaithnítear mar rioscaí ábhartha do na heintitis faoi seach;
- f. impleachtaí stuamachta trasteorann na rioscaí SCM/CF, rioscaí neamhchur chun feidhme agus seachaint smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe agus imní; agus
- g. bearta pleanáilte maoirseachta agus luath-idirghabhála, más ábhartha.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|