+10.1. SREP a chur i bhfeidhm ar ghrúpaí trasteorann
---+464. Agus SREP agus na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm maidir le grúpaí trasteorann, ba cheart …
---+465. Nuair a chuirtear na treoirlínte seo i bhfeidhm ar fhochuideachtaí grúpa trasteorann, ba …
---+466. Ba cheart go mbeadh torthaí aon mheasúnaithe tosaigh den sórt sin ar ghnéithe den SREP, lena …
---+467. I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún …
---+468. Tar éis na bpléití laistigh de na coláistí maoirseoirí agus thorthaí an phróisis mheasúnaithe …
---+469. I gcás inar nocht measúnú tosaigh údaráis inniúil easnaimh shonracha a bhaineann le suíomhanna …
---+470. Ba cheart d'údaráis inniúla an méid seo a leanas a phlé agus a chomhordú faoi chuimsiú …
---+471. Agus an achoimre ar an measúnú SREP foriomlán don ghrúpa trasteorann agus dá eintitis á …

10.1. SREP a chur i bhfeidhm ar ghrúpaí trasteorann

10.1. SREP a chur i bhfeidhm ar ghrúpaí trasteorann

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
464. Agus SREP agus na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm maidir le grúpaí trasteorann, ba cheart …

Agus SREP agus na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm maidir le grúpaí trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht an ghrúpa ina iomláine, agus ar a eintitis aonair. Ba cheart do mhaoirseoirí comhdhlúthaithe an luacháil tosaigh a dhéanamh ar an máthairghnóthas agus ar an ngrúpa institiúidí ar leibhéal comhdhlúite, agus ba cheart d'údaráis inniúla eile an measúnú tosaigh a dhéanamh ar na heintitis atá faoina maoirseacht (ina n-aonair, nó ar leibhéal fochomhdhlúite, más ábhartha).

465. Nuair a chuirtear na treoirlínte seo i bhfeidhm ar fhochuideachtaí grúpa trasteorann, ba …

Nuair a chuirtear na treoirlínte seo i bhfeidhm ar fhochuideachtaí grúpa trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla d’fhochuideachtaí, agus a measúnú tosaigh á dhéanamh acu, institiúidí a mheas ar bhonn aonair go príomha, mar a dhéanfaidís le hinstitiúid neamhspleách. Ba cheart go n-áireofaí sna torthaí ó mheasúnuithe tosaigh den sórt sin, i gcás inarb ábhartha, sainaithint na bpríomhleochaileachtaí sa chomhthéacs trasteorann nó grúpa, agus ba cheart go léireofaí leo láidreachtaí agus tosca maolaitheacha a bhaineann leis an eintiteas a bheith mar chuid den ghrúpa.

466. Ba cheart go mbeadh torthaí aon mheasúnaithe tosaigh den sórt sin ar ghnéithe den SREP, lena …

Ba cheart go mbeadh torthaí aon mheasúnaithe tosaigh den sórt sin ar ghnéithe den SREP, lena n‑áirítear, má shainaithnítear iad, tuairimí maidir le príomhspleáchais ar an máthairghnóthas/ngrúpa, mar ionchur sa phróiseas measúnaithe agus cinnidh comhpháirteach de bhun cheanglais Airteagal 113 de Threoir 2013/36/AE. Dá bhrí sin, ba cheart d'údaráis inniúla na torthaí sin a phlé laistigh de chreat na gcoláistí maoirseoirí a bunaíodh de bhun Airteagal 116 de Threoir 2013/36/AE.

467. I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún …

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún, sula gcuirtear tús leis an bpróiseas cinnteoireachta comhpháirtí, ní mór don mhaoirseoir comhdhlúthaithe agus d'údaráis inniúla ábhartha teacht ar chomhaontú maidir le tráthchlár cinnteoireachta comhpháirtí ina leagtar amach na céimeanna atá le leanúint sa phróiseas agus cloí leis an amchlár comhaontaithe i rith an phróisis.

468. Tar éis na bpléití laistigh de na coláistí maoirseoirí agus thorthaí an phróisis mheasúnaithe …

Tar éis na bpléití laistigh de na coláistí maoirseoirí agus thorthaí an phróisis mheasúnaithe chomhpháirtigh, ba cheart d'údaráis inniúla a measúnuithe SREP faoi seach a thabhairt chun críche, agus na coigeartuithe is gá a dhéanamh bunaithe ar thorthaí na bpléití coláiste.

469. I gcás inar nocht measúnú tosaigh údaráis inniúil easnaimh shonracha a bhaineann le suíomhanna …

I gcás inar nocht measúnú tosaigh údaráis inniúil easnaimh shonracha a bhaineann le suíomhanna laistigh de ghrúpa a bhfuil tionchar diúltach acu ar inmharthanacht iomlán an eintitis ar bhonn aonair, ba cheart d’údaráis inniúla, faoi chuimsiú na gcoláistí maoirseoirí, plé a dhéanamh maidir le cibé ar cheart nó nár cheart an measúnú deiridh ar eintiteas a athrú agus gné fhoriomlán an ghrúpa á gcur san áireamh, lena n-áirítear samhail ghnó an ghrúpa chomhdhlúite, straitéis agus cibé an ann do shocruithe tacaíochta airgeadais inghrúpa agus gnéithe sonracha na socruithe sin.

470. Ba cheart d'údaráis inniúla an méid seo a leanas a phlé agus a chomhordú faoi chuimsiú …

Ba cheart d'údaráis inniúla an méid seo a leanas a phlé agus a chomhordú faoi chuimsiú choláistí na maoirseoirí:

  • a. pleanáil, lena n-áirítear minicíocht, agus amlínte chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla SREP don ghrúpa comhdhlúite agus dá eintitis chun ullmhú na dtuarascálacha ar riosca grúpa agus riosca leachtachta a cheanglaítear do na cinntí comhpháirteacha mar a shonraítear in Airteagal 113 de Threoir 2013/36/AE agus in Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún agus an chomhréireacht agus an rannpháirtíocht maoirseachta atá leagtha amach i dTeideal 2 á gcur san áireamh;
  • b. sonraí maidir le cur i bhfeidhm na dtagarmharcanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe SREP;
  • c. cur chuige maidir le measúnú agus scóráil a dhéanamh ar fhochatagóirí rioscaí ina n-aonar, i gcás inar sainaithníodh fochatagóirí den sórt sin mar fhochatagóirí ábhartha;
  • d. ionchuir a theastaíonn ón institiúid ar leibhéal comhdhlúite agus ar leibhéal eintitis chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe SREP, lena n-áirítear iad siúd ón ICAAP agus ón ILAAP;
  • e. torthaí an mheasúnaithe, lena n-áirítear na scóir SREP a sannadh do ghnéithe éagsúla, agus an measúnú SREP iomlán agus an scór SREP foriomlán ag leibhéal comhdhlúite agus ag leibhéal eintitis. Nuair a bhíonn an measúnú ar rioscaí aonair do chaipiteal agus leachtacht á bplé, ba cheart d’údaráis inniúla díriú ar na rioscaí a shainaithnítear mar rioscaí ábhartha do na heintitis faoi seach;
  • f. impleachtaí stuamachta trasteorann na rioscaí SCM/CF, rioscaí neamhchur chun feidhme agus seachaint smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe agus imní; agus
  • g. bearta pleanáilte maoirseachta agus luath-idirghabhála, más ábhartha.
471. Agus an achoimre ar an measúnú SREP foriomlán don ghrúpa trasteorann agus dá eintitis á …

Agus an achoimre ar an measúnú SREP foriomlán don ghrúpa trasteorann agus dá eintitis á hullmhú acu, ba cheart d’údaráis inniúla í a struchtúrú ar bhealach a éascóidh líonadh na dteimpléad le haghaidh thuarascáil SREP, tuarascáil an riosca ghrúpa, na teimpléid tuarascála don mheasúnú ar an riosca leachtachta agus riosca leachtachta grúpa is gá don chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 113 de Threoir 2013/36/AE mar a shonraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 710/2014 ón gCoimisiún.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.