Airteagal 325l 6.
Beidh ionstraimí fiachais a bhaineann le híocaíochtaí in airgeadraí difriúla faoi réir freisin ag
►C12
riosca ◄ trasairgeadra-bhunaithe idir na hairgeadraí sin. Chun críocha an mhodha íogaireacht-bhunaithe, is éard a bheidh sna fachtóirí
►C12
riosca ◄ a bheidh le cur i bhfeidhm ag na hinstitiúidí na
►C12
riosca ◄ trasairgeadra-bhunaithe ar bhonn de réir dollar SAM nó ar bhonn de réir euro. Déanfaidh institiúidí boinn thrasairgeadra nach mbaineann le bonn de réir USD nó bonn de réir euro a ríomh ‘ar bhonn de réir dollar SAM nó “ar bhonn de réir euro”. Is éard a bheidh sna fachtóirí ar bhonn trasairgeadra sin veicteoir amháin de rátaí boilscithe intuigthe ón margadh ag a bhfuil aibíochtaí difriúla acu in aghaidh an airgeadra. Maidir le gach ionstraim fiachais, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil de bhoinn thrasairgeadra ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála don ionstraim sin. Buicéad difriúil a bheidh i ngach airgeadra. Déanfaidh institiúidí íogaireacht na hionstraime ar an bhfachtóir ar bhonn trasairgeadra a ríomh mar athrú ar luach na hionstraime, i gcomhréir lena samhail phraghsála, mar thoradh ar athrú 1 phointe boinn amháin i ngach ceann de chomhpháirteanna an veicteora. Buicéad ar leith a bheidh i ngach airgeadra. Laistigh de gach buicéad beidh dhá fhachtóir
►C12
riosca ◄ fhéideartha éagsúla: bonn de réir euro agus bonn de réir dollar SAM, gan beann ar an líon comhpháirteanna a bhíonn i ngach veicteoir lena bhfuil bonn trasairgeadra. Ní bheidh níos mó ná dhá ghlaníogaireacht i ngach buicéad.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|