+Airteagal 5 Lánrogha na n‐údarás inniúil gnólachtaí infheistíochta áirithe a chur faoi réir cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
|
Airteagal 5 Lánrogha na n‐údarás inniúil gnólachtaí infheistíochta áirithe a chur faoi réir cheanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fheidhmiú de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcás gnólacht infheistíochta a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás inarb ionann agus EUR 5 bhilliún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnólachta infheistíochta nó ar mó ná EUR 5 bhilliún an luach iomlán sin, arna ríomh mar mheán na 12 mhí roimhe sin, agus ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
(a)
déanann an gnólacht infheistíochta na gníomhaíochtaí sin ar scála ar a bhféadfaí riosca sistéamach a bheith mar thoradh ar mhainneachtain nó ar anás gnólachta infheistíochta;
(b)
is comhalta imréitigh é gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;
(c)
measann an t‐údarás inniúil go bhfuil bonn cirt leis i bhfianaise méid, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh agus ag féachaint do cheann amháin nó níos mó de na tosca seo a leanas:
(i)
tábhacht an ghnólachta infheistíochta do gheilleagar an Aontais nó don Bhallstát ábhartha;
(ii)
tábhacht ghníomhaíochtaí trasteorann an ghnólachta infheistíochta;
(iii)
idirnascacht an ghnólachta infheistíochta leis an gcóras airgeadais.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le déileálaithe tráchtearraí agus lamháltas astaíochta, gnóthais chomh-infheistíochta nó gnóthais árachais.
|
|
Airteagal 5 3.
|
I gcás ina gcinneann údarás inniúil ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fheidhmiú i gcás gnólacht infheistíochta i gcomhréir le mír 1, déanfar maoirseacht ar an ngnólacht infheistíochta sin maidir le comhlíonadh na gceanglas stuamachta faoi Theideal VII agus Teideal VIII de Threoir 2013/36/AE.
|
|
Airteagal 5 4.
|
I gcás ina gcinneann údarás inniúil cinneadh a glacadh i gcomhréir le mír 1 a chúlghairm, cuirfidh sé sin in iúl don ghnólacht infheistíochta gan mhoill. Maidir le haon chinneadh a ghlacann údarás inniúil i gcomhréir le mír 1, scoirfidh an cinneadh sin d'fheidhm a bheith aige i gcás nach mbaineann gnólacht infheistíochta an tairseach dá dtagraítear sa mhír sin amach a thuilleadh, arna ríomh thar thréimhse 12 mí as a chéile.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla aon chinneadh a ghlacfar de bhun mhíreanna 1, 3 agus 4 in iúl do ÚBE gan mhoill.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 a shonrú tuilleadh, agus áiritheoidh sé go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh tuilleadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|