|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fheidhmiú de bhun phointe (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcás gnólacht infheistíochta a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i gcás inarb ionann agus EUR 5 bhilliún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite an ghnólachta infheistíochta nó ar mó ná EUR 5 bhilliún an luach iomlán sin, arna ríomh mar mheán na 12 mhí roimhe sin, agus ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:
(a)
déanann an gnólacht infheistíochta na gníomhaíochtaí sin ar scála ar a bhféadfaí riosca sistéamach a bheith mar thoradh ar mhainneachtain nó ar anás gnólachta infheistíochta;
(b)
is comhalta imréitigh é gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/2033;
(c)
measann an t‐údarás inniúil go bhfuil bonn cirt leis i bhfianaise méid, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí an ghnólachta infheistíochta lena mbaineann, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh agus ag féachaint do cheann amháin nó níos mó de na tosca seo a leanas:
(i)
tábhacht an ghnólachta infheistíochta do gheilleagar an Aontais nó don Bhallstát ábhartha;
(ii)
tábhacht ghníomhaíochtaí trasteorann an ghnólachta infheistíochta;
(iii)
idirnascacht an ghnólachta infheistíochta leis an gcóras airgeadais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|