|
+Airteagal 18 1. |
Airteagal 18 1.Gan dochar do na cumhachtaí maoirseachta dá dtagraítear i Roinn 4 de Chaibidil 2 de Theideal IV den Treoir seo, lena n‐áirítear cumhachtaí imscrúdaitheachta agus cumhachtaí na n‐údarás inniúil leigheasanna a fhorchur, agus ceart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile agus áiritheoidh siad go mbeidh an chumhacht ag a n‐údaráis inniúla smachtbhannaí agus bearta den sórt sin a fhorchur i dtaca le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus ar Rialachán (AE) 2019/2033, lena n‐áirítear i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir le gnólacht infheistíochta:
(a)
mainníonn sé socruithe rialachais inmheánacha a leagtar amach in Airteagal 26 a chur ar bun;
(b)
mainníonn sé faisnéis a thuairisciú do na húdaráis inniúla faoi chomhlíonadh na hoibleagáide maidir le ceanglais cistí dílse a shásamh a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán 2019/2033, nó soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn faoin méid sin dóibh, de shárú ar phointe (b) d'Airteagal 54(1) den Rialachán sin;
(c)
mainníonn sé, de shárú ar Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/2033, faisnéis a thuairisciú do na húdaráis inniúla faoi riosca comhchruinnithe nó soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn dóibh;
(d)
téann sé faoi riosca comhchruinnithe os cionn na dteorainneacha a leagtar amach in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2019/2033, gan dochar d'Airteagail 38 agus 39 den Rialachán sin;
(e)
mainníonn sé go rialta nó ar bhonn leanúnach sócmhainní leachtacha a shealbhú de shárú ar Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2019/2033, gan dochar d'Airteagal 44 den Rialachán sin;
(f)
mainníonn sé faisnéis a nochtadh, nó soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn, de shárú ar na forálacha a leagtar amach i gCuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;
(g)
déanann sé íocaíochtaí le sealbhóirí ionstraimí atá ar áireamh i gcistí dílse an ghnólachta infheistíochta i gcás ina gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 28, 52 nó 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar íocaíochtaí den sórt sin le sealbhóirí ionstraimí atá ar áireamh i gcistí dílse;
(h)
faightear faoi dhliteanas é i leith sárú tromchúiseach ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 );
(i)
ceadaíonn sé do dhuine amháin nó níos mó nach gcomhlíonann Airteagal 91 de Threoir 2013/36/AE éirí ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht bainistíochta nó fanacht ina chomhalta nó ina comhalta de. Na Ballstáit nach leagfaidh síos rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin i leith sáruithe atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta, cuirfidh siad forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún. Beidh na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|