+Airteagal 18 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
|
Airteagal 18 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Gan dochar do na cumhachtaí maoirseachta dá dtagraítear i Roinn 4 de Chaibidil 2 de Theideal IV den Treoir seo, lena n‐áirítear cumhachtaí imscrúdaitheachta agus cumhachtaí na n‐údarás inniúil leigheasanna a fhorchur, agus ceart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile agus áiritheoidh siad go mbeidh an chumhacht ag a n‐údaráis inniúla smachtbhannaí agus bearta den sórt sin a fhorchur i dtaca le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus ar Rialachán (AE) 2019/2033, lena n‐áirítear i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir le gnólacht infheistíochta:
(a)
mainníonn sé socruithe rialachais inmheánacha a leagtar amach in Airteagal 26 a chur ar bun;
(b)
mainníonn sé faisnéis a thuairisciú do na húdaráis inniúla faoi chomhlíonadh na hoibleagáide maidir le ceanglais cistí dílse a shásamh a leagtar amach in Airteagal 11 de Rialachán 2019/2033, nó soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn faoin méid sin dóibh, de shárú ar phointe (b) d'Airteagal 54(1) den Rialachán sin;
(c)
mainníonn sé, de shárú ar Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/2033, faisnéis a thuairisciú do na húdaráis inniúla faoi riosca comhchruinnithe nó soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn dóibh;
(d)
téann sé faoi riosca comhchruinnithe os cionn na dteorainneacha a leagtar amach in Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2019/2033, gan dochar d'Airteagail 38 agus 39 den Rialachán sin;
(e)
mainníonn sé go rialta nó ar bhonn leanúnach sócmhainní leachtacha a shealbhú de shárú ar Airteagal 43 de Rialachán (AE) 2019/2033, gan dochar d'Airteagal 44 den Rialachán sin;
(f)
mainníonn sé faisnéis a nochtadh, nó soláthraíonn sé faisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn, de shárú ar na forálacha a leagtar amach i gCuid a Sé de Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033;
(g)
déanann sé íocaíochtaí le sealbhóirí ionstraimí atá ar áireamh i gcistí dílse an ghnólachta infheistíochta i gcás ina gcuirtear toirmeasc le hAirteagal 28, 52 nó 63 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar íocaíochtaí den sórt sin le sealbhóirí ionstraimí atá ar áireamh i gcistí dílse;
(h)
faightear faoi dhliteanas é i leith sárú tromchúiseach ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
);
(i)
ceadaíonn sé do dhuine amháin nó níos mó nach gcomhlíonann Airteagal 91 de Threoir 2013/36/AE éirí ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht bainistíochta nó fanacht ina chomhalta nó ina comhalta de.
Na Ballstáit nach leagfaidh síos rialacha maidir le smachtbhannaí riaracháin i leith sáruithe atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta, cuirfidh siad forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún. Beidh na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Ar na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, beidh an méid seo a leanas:
(a)
ráiteas poiblí ina saineofar an duine nádúrtha nó dlítheanach, an gnólacht infheistíochta, an chuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá freagrach agus cineál an tsáraithe;
(b)
ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;
(c)
cosc sealadach ar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta nó aon daoine nádúrtha eile, a chinntear a bheith freagrach, feidhmeanna a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta;
(d)
i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le 10 % den ghlanláimhdeachas bliantúil, lena n‐áirítear an t‐ollioncam arb éard atá ann an t‐ús infhála agus ioncam comhchosúil, ioncam ó scaireanna agus urrúis athraitheacha nó toraidh sheasta eile, agus coimisiúin nó táillí de chuid an ghnóthais a fuarthas an bhliain ghnó roimhe sin;
(e)
i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú i gcás inar féidir na caillteanais agus na brabúis sin a chinneadh;
(f)
i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le EUR 5 000 000 nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 25 Nollaig 2019.
I gcás inar fochuideachta an gnóthas dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír, is éard a bheidh san ollioncam ábhartha an t‐ollioncam de réir chuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sa bhliain ghnó roimhe sin. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina sáraíonn gnólacht infheistíochta forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo nó ina sáraíonn sé forálacha Rialachán (AE) 2019/2033, go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil smachtbhannaí riaracháin a ghearradh ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar dhaoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú de réir an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 18 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta, agus iad ag socrú chineál na smachtbhannaí riaracháin nó na mbeart riaracháin eile dá dtagraítear i mír 1 agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin airgid, go gcuirfidh siad san áireamh na himthosca ábhartha uile, lena n‐áirítear, más iomchuí:
(a)
tromchúis an tsáraithe agus a fhad a mhair sé;
(b)
méid freagrachta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú;
(c)
acmhainn airgeadais na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú, lena n‐áirítear láimhdeachas iomlán daoine dlítheanacha nó ioncam bliantúil daoine nádúrtha;
(d)
a thábhachtaí atá na brabúis a ghnóthaigh nó na caillteanais a sheachain na daoine dlítheanacha atá freagrach as an sárú;
(e)
aon chaillteanais a thabhaigh tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe;
(f)
leibhéal an chomhoibrithe leis na húdaráis inniúla ábhartha;
(g)
sáruithe a rinne na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú roimhe sin;
(h)
aon iarmhairtí sistéamacha féideartha de thoradh an tsáraithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|