|
+Airteagal 18 2. |
Airteagal 18 2.Ar na smachtbhannaí riaracháin agus na bearta riaracháin eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1, beidh an méid seo a leanas:
(a)
ráiteas poiblí ina saineofar an duine nádúrtha nó dlítheanach, an gnólacht infheistíochta, an chuideachta sealbhaíochta infheistíochta nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha atá freagrach agus cineál an tsáraithe;
(b)
ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;
(c)
cosc sealadach ar chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta nó aon daoine nádúrtha eile, a chinntear a bheith freagrach, feidhmeanna a fheidhmiú i ngnólachtaí infheistíochta;
(d)
i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le 10 % den ghlanláimhdeachas bliantúil, lena n‐áirítear an t‐ollioncam arb éard atá ann an t‐ús infhála agus ioncam comhchosúil, ioncam ó scaireanna agus urrúis athraitheacha nó toraidh sheasta eile, agus coimisiúin nó táillí de chuid an ghnóthais a fuarthas an bhliain ghnó roimhe sin;
(e)
i gcás duine dlítheanach, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú i gcás inar féidir na caillteanais agus na brabúis sin a chinneadh;
(f)
i gcás duine nádúrtha, smachtbhannaí riaracháin airgid suas le EUR 5 000 000 nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 25 Nollaig 2019. I gcás inar fochuideachta an gnóthas dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír, is éard a bheidh san ollioncam ábhartha an t‐ollioncam de réir chuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sa bhliain ghnó roimhe sin. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina sáraíonn gnólacht infheistíochta forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo nó ina sáraíonn sé forálacha Rialachán (AE) 2019/2033, go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil smachtbhannaí riaracháin a ghearradh ar chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus ar dhaoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú de réir an dlí náisiúnta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|