+Airteagal 22 Sáruithe a thuairisciú
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.

Airteagal 22 Sáruithe a thuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 22 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh údaráis inniúla sásraí éifeachtacha iontaofa chun tuairisciú pras do na húdaráis inniúla a chumasú maidir le sáruithe a rinneadh nó a d'fhéadfaí a dhéanamh ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus ar Rialachán (AE) 2019/2033.

Áireofar an méid seo a leanas sna sásraí sin:

(a) 

nósanna imeachta sonracha maidir le tuarascálacha den sórt sin a fháil, a láimhseáil agus obair leantach a dhéanamh ina leith, lena n‐áirítear bealaí slána cumarsáide a bhunú;

(b) 

cosaint iomchuí ar fhrithbheartaíocht, idirdhealú nó cineálacha eile beart éagórach a dhéanann an gnólacht infheistíochta ar fhostaithe gnólachtaí infheistíochta a thuairiscíonn sáruithe a rinneadh laistigh den ghnólacht infheistíochta;

(c) 

cosaint shonraí pearsanta an duine a thuairiscigh an sárú agus an duine nádúrtha a líomhnaítear a bheith freagrach as an sárú sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679;

(d) 

rialacha soiléire a áiritheoidh go ráthófar an rúndacht i ngach cás i ndáil leis an duine a thuairiscigh na sáruithe a rinneadh laistigh den ghnólacht infheistíochta, mura gceanglófar an nochtadh de réir an dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe breise nó imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha ina dhiaidh sin.

Airteagal 22 2.
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta nósanna imeachta iomchuí a bheith i bhfeidhm dá gcuid fostaithe chun a bheith in ann sáruithe a thuairisciú go hinmheánach trí bhealach sonrach neamhspleách. Féadfaidh na comhpháirtithe sóisialta foráil a dhéanamh maidir leis na nósanna imeachta sin ar choinníoll go mbeidh an chosaint chéanna dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 1 le fáil trí na nósanna imeachta sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.