|
+Airteagal 22 1. |
Airteagal 22 1.Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh údaráis inniúla sásraí éifeachtacha iontaofa chun tuairisciú pras do na húdaráis inniúla a chumasú maidir le sáruithe a rinneadh nó a d'fhéadfaí a dhéanamh ar fhorálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus ar Rialachán (AE) 2019/2033. Áireofar an méid seo a leanas sna sásraí sin:
(a)
nósanna imeachta sonracha maidir le tuarascálacha den sórt sin a fháil, a láimhseáil agus obair leantach a dhéanamh ina leith, lena n‐áirítear bealaí slána cumarsáide a bhunú;
(b)
cosaint iomchuí ar fhrithbheartaíocht, idirdhealú nó cineálacha eile beart éagórach a dhéanann an gnólacht infheistíochta ar fhostaithe gnólachtaí infheistíochta a thuairiscíonn sáruithe a rinneadh laistigh den ghnólacht infheistíochta;
(c)
cosaint shonraí pearsanta an duine a thuairiscigh an sárú agus an duine nádúrtha a líomhnaítear a bheith freagrach as an sárú sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679;
(d)
rialacha soiléire a áiritheoidh go ráthófar an rúndacht i ngach cás i ndáil leis an duine a thuairiscigh na sáruithe a rinneadh laistigh den ghnólacht infheistíochta, mura gceanglófar an nochtadh de réir an dlí náisiúnta i gcomhthéacs imscrúduithe breise nó imeachtaí riaracháin nó breithiúnacha ina dhiaidh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|