+Airteagal 36 Athbhreithniú maoirseachta agus meastóireachta
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.
---+Airteagal 36 4.
|
Airteagal 36 Athbhreithniú maoirseachta agus meastóireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 36 1.
|
Athbhreithneoidh na húdaráis inniúla, a mhéad is ábhartha agus is gá, agus méid, próifíl riosca agus samhail ghnó an ghnólachta infheistíochta á gcur san áireamh, na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí arna gcur chun feidhme ag na gnólachtaí infheistíochta chun an Treoir seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 a chomhlíonadh agus déanfaidh siad meastóireacht ar na nithe seo a leanas de réir mar is iomchuí agus is ábhartha, chun a áirithiú go mbainisteofar agus go gcumhdófar a rioscaí go fónta:
(a)
na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 29;
(b)
suíomh geografach neamhchosaintí an ghnólachta infheistíochta;
(c)
samhail ghnó an ghnólachta infheistíochta;
(d)
an measúnú ar riosca sistéamach, agus sainaithint agus tomhas an riosca shistéamaigh faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó moltaí ó ÚEUM á gcur san áireamh;
(e)
na rioscaí atá ann do shlándáil líonraí agus chórais faisnéise na ngnólachtaí infheistíochta chun rúndacht, sláine agus inrochtaineacht phróisis, shonraí agus shócmhainní na ngnólachtaí infheistíochta sin a áirithiú;
(f)
neamhchosaint na ngnólachtaí infheistíochta ar an riosca ráta úis a thiocfaidh as gníomhaíochtaí leabhair neamhthrádála;
(g)
socruithe rialachais na ngnólachtaí infheistíochta agus cumas chomhaltaí an bhoird bainistíochta a ndualgais a dhéanamh.
Chun críocha na míre seo, tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar cé acu atá nó nach bhfuil árachas slánaíochta gairmiúla ag gnólachtaí infheistíochta. Chun críoch na chéad fhomhíre, pointe (a), déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú agus faireachán ar fhorbairtí i gcleachtais gnólachtaí infheistíochta maidir le bainistiú a riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha, lena n-áirítear na pleananna a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 29(1) den Treoir seo, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta le linn a samhlacha gnó a oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
|
Airteagal 36 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go leagfaidh na húdaráis inniúla síos minicíocht agus déine an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 ag féachaint do mhéid, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, dá dtábhacht shistéamach, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh acu. Cinnfidh na húdaráis inniúla, de réir an cháis, cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t‐athbhreithniú agus an mheastóireacht, agus cén leagan amach a bheidh orthu, i dtaca le gnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, ach ní chinnfidh siad amhlaidh ach amháin sa chás ina measann siad go bhfuil gá leis sin mar gheall ar mhéid, cineál, scála agus castacht ghníomhaíochtaí na ngnólachtaí infheistíochta sin. Chun críocha na chéad fhomhíre, tabharfar aird ar an dlí náisiúnta lena rialaítear leithscaradh is infheidhme d'airgead an chliaint.
|
|
Airteagal 36 3.
|
Agus iad ag déanamh an athbhreithnithe agus na meastóireachta dá dtagraítear i bpointe (g) de mhír 1, beidh rochtain ag na húdaráis inniúla ar chláir oibre, miontuairiscí agus doiciméid tacaíochta chruinnithe an chomhlachta bainistíochta agus a choistí, agus ar thorthaí na meastóireachta inmheánaí nó seachtraí ar fheidhmíocht an chomhlachta bainistíochta.
|
|
Airteagal 36 4.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 58 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun a áirithiú go n‐áiritheofar le socruithe, straitéisí, próisis agus sásraí na ngnólachtaí infheistíochta go mbainisteofar agus go gcumhdófar a rioscaí go fónta. Ar an dóigh sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí sna margaí airgeadais, agus, go háirithe, teacht chun cinn táirgí airgeadais nua, forbairtí sna caighdeáin chuntasaíochta agus forbairtí a éascóidh cóineasú na gcleachtas maoirseachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|