|
+Airteagal 36 1. |
Airteagal 36 1.Athbhreithneoidh na húdaráis inniúla, a mhéad is ábhartha agus is gá, agus méid, próifíl riosca agus samhail ghnó an ghnólachta infheistíochta á gcur san áireamh, na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí arna gcur chun feidhme ag na gnólachtaí infheistíochta chun an Treoir seo agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 a chomhlíonadh agus déanfaidh siad meastóireacht ar na nithe seo a leanas de réir mar is iomchuí agus is ábhartha, chun a áirithiú go mbainisteofar agus go gcumhdófar a rioscaí go fónta:
(a)
na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 29;
(b)
suíomh geografach neamhchosaintí an ghnólachta infheistíochta;
(c)
samhail ghnó an ghnólachta infheistíochta;
(d)
an measúnú ar riosca sistéamach, agus sainaithint agus tomhas an riosca shistéamaigh faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó moltaí ó ÚEUM á gcur san áireamh;
(e)
na rioscaí atá ann do shlándáil líonraí agus chórais faisnéise na ngnólachtaí infheistíochta chun rúndacht, sláine agus inrochtaineacht phróisis, shonraí agus shócmhainní na ngnólachtaí infheistíochta sin a áirithiú;
(f)
neamhchosaint na ngnólachtaí infheistíochta ar an riosca ráta úis a thiocfaidh as gníomhaíochtaí leabhair neamhthrádála;
(g)
socruithe rialachais na ngnólachtaí infheistíochta agus cumas chomhaltaí an bhoird bainistíochta a ndualgais a dhéanamh. Chun críocha na míre seo, tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar cé acu atá nó nach bhfuil árachas slánaíochta gairmiúla ag gnólachtaí infheistíochta. Chun críoch na chéad fhomhíre, pointe (a), déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú agus faireachán ar fhorbairtí i gcleachtais gnólachtaí infheistíochta maidir le bainistiú a riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí i leith contrapháirtithe lárnacha, lena n-áirítear na pleananna a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 29(1) den Treoir seo, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta le linn a samhlacha gnó a oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|