|
+Airteagal 40 6. |
Airteagal 40 6.Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú conas atá na rioscaí agus eilimintí de rioscaí, dá dtagraítear i mír 2, lena n‐áirítear rioscaí nó eilimintí de rioscaí a eisiatar go sainráite ó na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033, le tomhas. Áiritheoidh ÚBE go mbeidh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála méadrachtaí cáilíochtúla táscacha maidir leis an méid cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2), ag cur san áireamh raon na samhlacha gnó éagsúla agus foirmeacha dlí ar féidir le gnólachtaí infheistíochtaí a ghlacadh, agus go mbeidh siad comhréireach i bhfianaise na nithe seo a leanas:
(a)
an t‐ualach cur chun feidhme ar ghnólachtaí infheistíochta agus údaráis inniúla;
(b)
an fhéidearthacht go mbeadh an leibhéal níos airde de cheanglais cistí dílse a bhfuil feidhm acu i gcás nach n‐úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta samhlacha inmheánacha, go mbeadh an leibhéal sin ina údar le forchur ceanglas caipitil níos ísle agus rioscaí agus eilimintí rioscaí á meas i gcomhréir le mír 2. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|