+Airteagal 40 Ceanglas cistí dílse breise
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.
---+Airteagal 40 5.
---+Airteagal 40 6.
---+Airteagal 40 7.
|
Airteagal 40 Ceanglas cistí dílse breise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 40 1.
|
Ní fhorchuirfidh na húdaráis inniúla an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) ach amháin i gcás ina bhfaighidh siad amach, ar bhonn na n‐athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagail 36 agus 37, aon cheann de na cásanna seo a leanas i leith gnólacht infheistíochta:
(a)
tá an gnólacht infheistíochta ar neamhchosaint ar rioscaí nó eilimintí de rioscaí, nó tá sé ina bhaol dóibh siúd eile is ábhartha agus nach bhfuil cumhdaithe go leordhóthanach leis an gceanglas cistí dílse, agus go háirithe ceanglais de réir K‐fhachtóir, a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033;
(b)
ní chomhlíonann an gnólacht infheistíochta na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 24 agus 26 agus ní dócha go bhfeabhsóidh bearta maoirseachta eile na socruithe, na próisis, na sásraí agus na straitéisí go leordhóthanach laistigh de thréimhse iomchuí;
(c)
ní leor na coigeartuithe maidir le luacháil stuama an leabhair trádála chun é a chur ar chumas an ghnólachta infheistíochta a shuíomhanna a dhíol nó a fhálú amach laistigh de thréimhse ghairid gan caillteanais ábhartha a thabhú faoi ghnáthdhálaí margaidh;
(d)
léirítear leis an athbhreithniú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 37 gur dócha go mbeidh leibhéil chaipitil neamh-leordhóthanacha ann de dheasca neamh‐chomhlíonadh na gceanglas maidir leis na samhlacha inmheánacha ceadaithe a chur i bhfeidhm;
(e)
mainníonn an gnólacht infheistíochta rís agus arís eile leibhéal leordhóthanach cistí dílse a bhunú nó a choimeád ar bun mar a leagtar amach in Airteagal 41.
|
|
Airteagal 40 2.
|
Chun críocha phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, ní mheasfar nach bhfuil rioscaí nó eilimintí de rioscaí cumhdaithe nó go bhfuil siad cumhdaithe go neamh‐leordhóthanach ag na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí agus a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcás inarb airde ná ceanglas cistí dílse an ghnólachta infheistíochta a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 na méideanna, na cineálacha agus an dáileachán caipitil a mheasann an t‐údarás inniúil atá leordhóthanach tar éis an athbhreithnithe maoirseachta ar an measúnú a rinne gnólachtaí infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 24(1) den Treoir seo. Chun críocha na chéad fhomhíre, maidir leis an gcaipiteal sin a mheastar a bheith leordhóthanach, féadfar rioscaí nó eilimintí de rioscaí a eisiatar go sainráite ón gceanglas caipitil a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 a bheith san áireamh.
|
|
Airteagal 40 3.
|
Socróidh na húdaráis inniúla leibhéal na gcistí dílse breise is gá de bhun phointe (a) d'Airteagal 39(2) mar an difríocht idir an caipiteal a mheastar a bheith leordhóthanach de bhun mhír 2 den Airteagal seo agus an ceanglas cistí dílse a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE). 2019/2033.
|
|
Airteagal 40 4.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) a chomhlíonadh le cistí dílse faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a)
baintear amach trí cheathrú ar a laghad den cheanglas cistí dílse breise le caipiteal Leibhéal 1;
(b)
is caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 atá i dtrí cheathrú ar a laghad de chaipiteal Leibhéal 1;
(c)
ní úsáidtear na cistí dílse sin chun aon cheann de na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 40 5.
|
Suífidh na húdaráis inniúla i scríbhinn an cinneadh ceanglas caipitil breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2) a fhorchur trí chuntas soiléir a thabhairt ar an measúnú iomlán ar na heilimintí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo. San áireamh ansin tá, sa chás a leagtar amach i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, ráiteas sonrach faoi cén fáth a meastar nach leor a thuilleadh an leibhéal caipitil a socraíodh i gcomhréir le hAirteagal 41(1).
|
|
Airteagal 40 6.
|
Forbróidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú conas atá na rioscaí agus eilimintí de rioscaí, dá dtagraítear i mír 2, lena n‐áirítear rioscaí nó eilimintí de rioscaí a eisiatar go sainráite ó na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCuid a Trí nó a Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033, le tomhas. Áiritheoidh ÚBE go mbeidh sna dréachtchaighdeáin theicniúla rialála méadrachtaí cáilíochtúla táscacha maidir leis an méid cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 39(2), ag cur san áireamh raon na samhlacha gnó éagsúla agus foirmeacha dlí ar féidir le gnólachtaí infheistíochtaí a ghlacadh, agus go mbeidh siad comhréireach i bhfianaise na nithe seo a leanas:
(a)
an t‐ualach cur chun feidhme ar ghnólachtaí infheistíochta agus údaráis inniúla;
(b)
an fhéidearthacht go mbeadh an leibhéal níos airde de cheanglais cistí dílse a bhfuil feidhm acu i gcás nach n‐úsáidfidh gnólachtaí infheistíochta samhlacha inmheánacha, go mbeadh an leibhéal sin ina údar le forchur ceanglas caipitil níos ísle agus rioscaí agus eilimintí rioscaí á meas i gcomhréir le mír 2.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 40 7.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla ceanglas cistí dílse breise a fhorchur, i gcomhréir le míreanna 1 go 6, ar ghnólachtaí infheistíochta a chomhlíonann na coinníollacha chun cáiliú mar ghnólachtaí beaga neamh-idirnasctha a leagtar amach in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn measúnú de réir an cháis agus i gcás ina measann an t‐údarás inniúil go bhfuil údar cuí leis.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|