+Airteagal 49 Ceanglais maidir le comhar
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 4.
---+Airteagal 49 5.
|
Airteagal 49 Ceanglais maidir le comhar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 49 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an maoirseoir grúpa agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 48(5) dá chéile an fhaisnéis ábhartha uile de réir mar is gá, lena n‐áirítear an méid seo a leanas:
(a)
sainaithint struchtúr dlíthiúil agus rialachais an ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, lena n‐áirítear an struchtúr eagrúcháin, ina gcuimsítear na heintitis rialáilte agus neamhrialáilte, na fochuideachtaí neamhrialáilte agus na máthairghnóthais uile, agus struchtúr dlíthiúil agus rialachais údaráis inniúla na n‐eintiteas rialáilte sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta;
(b)
nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhailiú ó na gnólachtaí infheistíochta i ngrúpa gnólachtaí infheistíochta, agus na nósanna imeachta maidir leis an bhfaisnéis sin a fhíorú;
(c)
aon drochfhorbairtí i ngnólachtaí infheistíochta nó in eintitis eile de chuid grúpa gnólachtaí infheistíochta, a d'fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do na gnólachtaí infheistíochta sin;
(d)
aon smachtbhannaí suntasacha agus aon bhearta eisceachtúla a rinne na húdaráis inniúla i gcomhréir le forálacha náisiúnta lenar trasuíodh an Treoir seo;
(e)
ceanglas sonrach cistí dílse a fhorchur faoi Airteagal 39 den Treoir seo.
|
|
Airteagal 49 2.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla agus an maoirseoir grúpa cás a chur faoi bhráid ÚBE, i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, i gcás nár cuireadh in iúl faisnéis ábhartha de bhun mhír 1 gan moill mhíchuí nó i gcás inar diúltaíodh iarraidh ar chomhoibriú, go háirithe chun faisnéis ábhartha a mhalartú, nó i gcás nach ndearnadh aon bheart ina leith laistigh de thréimhse réasúnta. Féadfaidh ÚBE, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus ar a thionscnamh féin cúnamh a thabhairt d'údaráis inniúla agus iad ag forbairt cleachtais chomhoibriúcháin chomhsheasmhacha.
|
|
Airteagal 49 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit sula nglacfaidh siad cinneadh a d'fhéadfadh a bheith tábhachtach i leith cúraimí maoirseachta údarás inniúil eile go rachaidh údaráis inniúla i gcomhairle le chéile faoi na nithe seo a leanas:
(a)
athruithe i struchtúr scairshealbhóirí, eagrúcháin nó bainistíochta gnólachtaí infheistíochta sa ghrúpa gnólachtaí infheistíochta, ar gá faomhadh nó údarú ó údaráis inniúla chun iad a dhéanamh;
(b)
smachtbhannaí suntasacha a d'fhorchuir údaráis inniúla ar ghnólachtaí inniúla nó aon bhearta eisceachtúla eile a rinne na húdaráis sin; agus
(c)
ceanglais shonracha cistí dílse a forchuireadh i gcomhréir le hAirteagal 39.
|
|
Airteagal 49 4.
|
Rachfar i gcomhairle leis an maoirseoir grúpa i gcás ina mbeidh smachtbhannaí suntasacha le forchur nó ina mbeidh bearta eisceachtúla eile le déanamh ag údaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3.
|
|
Airteagal 49 5.
|
De mhaolú ar mhír 3, níl oibleagáid ar údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis inniúla eile i gcásanna práinne nó i gcás inar féidir go gcuirfeadh an comhairliúchán sin éifeachtacht a chinnidh i mbaol agus sa chás sin cuirfidh an t‐údarás inniúil na húdaráis inniúla eile lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh gan dul i gcomhairle gan aon mhoill.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2034
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|