|
+Airteagal 62 Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE |
Airteagal 62 Leasuithe ar Threoir 2013/36/AEAirteagal 62 Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE Leasaítear Treoir 2013/36/AE mar a leanas:
(1)
cuirtear an méid a seo a leanas in ionad an teidil: “Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‐aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE”;
(2)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: “Airteagal 1 Ábhar Leis an Treoir seo, leagtar rialacha síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa;
(b)
cumhachtaí maoirseachta agus uirlisí le haghaidh maoirseacht stuamachta a dhéanann údaráis inniúla ar institiúidí creidmheasa;
(c)
an mhaoirseacht stuamachta a dhéanann údaráis inniúla ar institiúidí creidmheasa ar bhealach atá comhsheasmhach leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(d)
ceanglais foilseacháin maidir le húdaráis inniúla i réimse an rialaithe stuamachta agus na maoirseachta ar institiúidí creidmheasa.”;
(3)
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a)
scriostar míreanna 2 agus 3;
(b)
i mír 5, scriostar pointe (1);
(c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
“6.
Caithfear leis na heintitis dá dtagraítear i bpointí (3) go (24) de mhír 5 den Airteagal seo mar institiúidí airgeadais chun críocha Airteagal 34 agus Theideal VII, Caibidil 3.”;
(4)
in Airteagal 3(1), scriostar pointe (4);
(5)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: “Airteagal 5 Comhordú laistigh de na Ballstáit Déanfaidh na Ballstáit ag a bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin le haghaidh na maoirseachta stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais na bearta is gá chun comhordú a eagrú idir údaráis den sórt sin.”;
(6)
cuirtear an t‐airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 8a Ceanglais shonracha maidir le húdarú institiúidí creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
1.
Ceanglóidh na Ballstáit ar na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fuair údarú cheana de bhun Theideal II de Threoir 2014/65/AE iarratas ar údarú a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 8, an lá a tharlaíonn ceachtar den dá imeacht seo a leanas ar a dhéanaí:
(a)
is ionann meán na sócmhainní iomlána míosúla, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile, agus EUR 30 billiún nó is mó an meán sin ná EUR 30 billiún; nó
(b)
is lú meán na sócmhainní iomlána míosúla, arna ríomh thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile, ná EUR 30 billiún, agus tá an gnóthas ina chuid de ghrúpa inarb ionann agus EUR 30 billiún nó inar mó ná EUR 30 billiún luach iomlán shócmhainní comhdhlúite na ngnóthas uile sa ghrúpa ar lú ná EUR 30 billiún na sócmhainní iomlána atá ag gach ceann acu ar bhonn aonair agus a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, agus an dá cheann á ríomh mar mheán thar thréimhse 12 mhí tar éis a chéile.
2.
Féadfaidh na gnóthais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leanúint de bheith ag déanamh na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go dtí go bhfaighidh siad an t‐údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na gnóthais dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheidh, an 24 Nollaig 2019, ag déanamh gníomhaíochtaí mar ghnólachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE, déanfaidh siad iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo faoin 27 Nollaig 2020.
4.
I gcás ina gcinnfidh an t‐údarás inniúil, tar éis dó an fhaisnéis a fháil i gcomhréir le hAirteagal 95a de Threoir 2014/65/EU go bhfuil nach mór gnóthas a údarú mar institiúid creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir seo, tabharfaidh sé fógra don ghnóthas agus don údarás inniúil mar a shainmhínítear é i bpointe (26) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus glacfaidh sé an nós imeachta údarúcháin air féin ó dháta an fhógra sin.
5.
I gcásanna ina ndéanfar ath-údarú, áiritheoidh an t‐údarás inniúil údarúcháin go ndéanfar an próiseas a chuíchóiriú a mhéid is féidir agus go gcuirfear san áireamh an fhaisnéis ó na húdaruithe atá ann cheana.
6.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
an fhaisnéis a bheidh le tabhairt ag an ngnóthas do na húdaráis inniúla san iarratas ar an údarú, lena n‐áirítear clár na n‐oibríochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 10;
(b)
an mhodheolaíocht chun na tairseacha a ríomh dá dtagraítear i mír 1. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020.”;
(7)
in Airteagal 18, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
“(aa)
úsáideann sí a údarú chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus na gníomhaíochtaí sin amháin, a dhéanamh agus bhí meán a sócmhainní iomlána faoi bhun na dtairseach a leagtar amach san Airteagal sin ar feadh cúig bliana as a chéile;”;
(8)
leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Déanfaidh ÚBE liosta ainmneacha na n‐institiúidí creidmheasa uile a bhfuil údarú tugtha dóibh a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ar a laghad.”;
(b)
cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
“3a.
Áireofar ar an liosta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo ainmneacha na ngnóthas dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus sainaithneofar ann na hinstitiúidí creidmheasa sin dá réir. Tabharfar breac-chuntas sa liosta sin freisin ar athrú ar bith i gcomparáid leis an leagan den liosta a bhí ann roimhe sin.”;
(9)
in Airteagal 21b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5.
Chun críocha an Airteagail seo:
(a)
is é suim na nithe seo a leanas luach iomlán sócmhainní an ghrúpa tríú tír san Aontas:
(i)
luach iomlán na sócmhainní atá ag gach institiúid den ghrúpa tríú tír san Aontas a thiocfaidh as a clár comhardaithe comhdhlúite, nó a thiocfaidh as a cláir chomhardaithe aonair, i gcás nach gcomhdhlúthaítear clár comhardaithe de chuid institiúide; agus
(ii)
luach iomlán na sócmhainní atá ag gach brainse den ghrúpa tríú tír a údaraítear le bheith ag oibriú san Aontas i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *8 ) nó le Treoir 2014/65/AE.
(b)
cuimseofar gnólachtaí infheistíochta freisin faoin téarma “institiúid”.
(10)
scriostar Teideal IV;
(11)
in Airteagal 51(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“1.
Féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit óstaigh a iarraidh ar an maoirseoir comhdhlúthaithe, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 112(1), nó ar údaráis inniúla an Bhallstáit baile, go measfar go bhfuil brainse institiúide creidmheasa suntasach.”;
(12)
in Airteagal 53, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Ní chuirfidh mír 1 cosc ar na húdaráis inniúla faisnéis a mhalartú le chéile nó faisnéis a tharchur chuig BERS, ÚBE nó chuig an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) (“ÚEUM”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*9
) i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*10
), le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010, le hAirteagail 31, 35 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus le hAirteagail 31 agus 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, le Treoir (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*11
) agus le treoracha eile is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa. Beidh an fhaisnéis sin faoi réir mhír 1.”
(13)
in Airteagal 66(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
“(aa)
ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1)(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a dhéanamh agus an tairseach a leagtar síos san Airteagal sin a bhaint amach gan a bheith údaraithe mar institiúid creidmheasa;”;
(14)
in Airteagal 76(5), scriostar an séú fomhír;
(15)
in Airteagal 86, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:
“11.
Áiritheoidh údaráis inniúla go mbeidh pleananna téarnamh chun leachtachta i bhfeidhm ag institiúidí ina mbeidh straitéisí leordhóthanacha agus bearta cur chun feidhme cearta leagtha amach chun dul i ngleic le heasnaimh leachtachta fhéideartha, lena n‐áirítear i leith brainsí atá bunaithe i mBallstát eile. Áiritheoidh údaráis inniúla go dtástálfaidh na hinstitiúidí na pleananna sin uair sa bhliain ar a laghad, go nuashonróidh siad iad ar bhonn thoradh na gcásanna malartacha a leagtar amach i mír 8, go mbeidh siad tuairiscithe don lucht bainistíochta sinsearach agus faofa acu, sa chaoi gur féidir beartais agus próisis inmheánacha a choigeartú dá réir. Tabharfaidh na hinstitiúidí na céimeanna oibríochtúla is gá roimh réidh chun a áirithiú gur féidir pleananna téarnamh chun leachtachta a chur chun feidhme láithreach. Ar na céimeanna oibríochtúla sin, beidh sealbhú comhthaobhachta a bheidh ar fáil láithreach le haghaidh cistiú banc ceannais. San áireamh ansin, tá sealbhú comhthaobhachta in airgeadra Ballstáit eile más gá, nó in airgeadra tríú tír a bhfuil neamhchosaintí uirthi ag an institiúid, agus más gá ó thaobh oibríochta laistigh de chríoch Ballstáit óstaigh nó tríú tír a bhfuil sí neamhchosanta uirthi.”;
(16)
in Airteagal 110, scriostar mír 2;
(17)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 111: “Airteagal 111 An maoirseoir comhdhlúthaithe a chinneadh
1.
I gcás inar máthairinstitiúid creidmheasa i mBallstát é nó inar máthairinstitiúid creidmheasa AE é máthairghnóthas, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar an máthairinstitiúid creidmheasa sin nó ar an máthairinstitiúid creidmheasa AE sin a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite. I gcás inar máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát é nó inar máthairghnólacht infheistíochta AE é máthairghnóthas, agus nach institiúid creidmheasa ceann ar bith dá fhochuideachtaí, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar an máthairghnólacht infheistíochta sin sa Bhallstát nó ar an máthairghnólacht infheistíochta AE sin ar bhonn aonair a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite. I gcás inar máthairghnólacht infheistíochta i mBallstát é nó inar máthairghnólacht infheistíochta AE é máthairghnóthas, agus nach institiúid creidmheasa ceann amháin ar a laghad dá fhochuideachtaí, is é údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa, nó i gcás ina bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa ann, is é údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa ar mó méid iomlán a cláir comhardaithe a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
2.
I gcás inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais i mBallstát é nó inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha i mBallstát é nó inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE é nó inar máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE é máthairghnóthas institiúide creidmheasa nó gnólachta infheistíochta, is é údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar an institiúid creidmheasa nó ar an ngnólacht infheistíochta ar bhonn aonair a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
3.
I gcás ina bhfuil an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais chéanna i mBallstát, an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha chéanna i mBallstát nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE chéanna nó an mháthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE chéanna ag dhá institiúid creidmheasa nó níos mó nó dhá ghnólacht infheistíochta nó níos mó atá údaraithe san Aontas, is iad na húdaráis seo a leanas a dhéanfaidh maoirseacht ar bhonn comhdhlúite:
(a)
údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa nach bhfuil ach institiúid creidmheasa amháin laistigh den ghrúpa;
(b)
údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa ar mó méid iomlán a cláir comhardaithe, i gcás ina bhfuil roinnt institiúidí creidmheasa laistigh den ghrúpa; nó
(c)
údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir comhardaithe, i gcás nach bhfuil aon institiúid creidmheasa laistigh den ghrúpa.
4.
I gcás ina gceanglaítear comhdhlúthú de bhun Airteagal 18(3) nó (6) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir chomhardaithe nó, i gcás nach bhfuil aon institiúid creidmheasa laistigh den ghrúpa, is é údarás inniúil an ghnólachta infheistíochta ar mó méid iomlán a chláir chomhordaithe a dhéanfaidh an mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite.
5.
De mhaolú ar an tríú fomhír de mhír 1, ar phointe (b) de mhír 3 agus ar mhír 4, i gcás ina ndéanann údarás inniúil maoirseacht ar bhonn aonair ar níos mó ná ceann amháin de na hinstitiúidí creidmheasa laistigh de ghrúpa, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar cheann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na hinstitiúidí creidmheasa laistigh den ghrúpa ar mó méid iomlán chláir chomhardaithe na n‐institiúidí creidmheasa sin a ndéantar maoirseacht orthu ná méid iomlán chláir chomhardaithe na n‐institiúidí creidmheasa a ndéanann aon údarás inniúil eile maoirseacht orthu ar bhonn aonair a bheidh ina mhaoirseoir comhdhlúthaithe. De mhaolú ar phointe (c) de mhír 3, i gcás ina ndéanann údarás inniúil maoirseacht ar bhonn aonair ar níos mó ná ceann amháin de na gnólachtaí infheistíochta laistigh de ghrúpa, is é an t‐údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar bhonn aonair ar cheann amháin nó níos mó de na gnólachtaí infheistíochta laistigh den ghrúpa ar mó méid iomlán chláir chomhardaithe an ghrúpa a bheidh ina mhaoirseoir comhdhlúthaithe.
6.
I gcásanna áirithe, déanfaidh na húdaráis inniúla, trí chomhaontú comhchoiteann, na critéir dá dtagraítear i míreanna 1, 3 agus 4 a tharscaoileadh agus údarás inniúil difriúil a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar bhonn comhdhlúite i gcás nach mbeadh sé iomchuí na critéir, dá dtagraítear iontu a chur i bhfeidhm, agus aird á tabhairt ar na hinstitiúidí creidmheasa nó na gnólachtaí infheistíochta lena mbaineann agus ar thábhacht chomparáideach a gcuid gníomhaíochtaí sna Ballstáit ábhartha, nó ar an ngá lena áirithiú go leanfaidh an t‐údarás inniúil céanna den mhaoirseacht ar bhonn comhdhlúite. I gcásanna den sórt sin, beidh an ceart éisteacht a fháil sula ndéanann na húdaráis inniúla an cinneadh ag máthairinstitiúid AE, máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais AE, máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha AE nó an institiúid creidmheasa nó an gnólacht infheistíochta ar mó méid iomlán a cláir comhardaithe nó a cláir comhardaithe, de réir mar is infheidhme.
7.
Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚBE faoi aon chomhaontú a thagann faoi raon feidhme mhír 6.”;
(18)
in Airteagal 114(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“1.
I gcás ina dtiocfaidh cás éigeandála chun cinn, lena n‐áirítear cás de réir na tuairisce in Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 nó cás drochfhorbairtí i margaí, cás is féidir a chuirfidh an leachtacht mhargaidh agus cobhsaíocht an chórais airgeadais i mbaol in aon cheann de na Ballstáit inar údaraíodh eintitis de chuid grúpa nó ina bhfuil brainsí suntasacha mar a thagraítear dóibh in Airteagal 51 bunaithe, déanfaidh an t‐oifigeach comhdhlúthaithe, faoi réir Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal VII den Treoir seo, agus más infheidhme, Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de [Threoir (AE) 2019/2034, foláireamh a thabhairt a luaithe is féidir do ÚBE agus do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 58(4) agus Airteagal 59 agus cuirfidh sé in iúl an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir leis an húdaráis inniúla uile.”;
(19)
leasaítear Airteagal 116 mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Oibreoidh na húdaráis inniúla a ghlacfaidh páirt sna coláistí maoirseoirí agus ÚBE i ndlúthchomhar le chéile. Ní chuirfidh na ceanglais rúndachta faoi Theideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de Threoir (AE) 2019/2034 cosc ar na húdaráis inniúla faisnéis rúnda a mhalartú laistigh de choláistí maoirseoirí. Ní dhéanfaidh bunú ná feidhmiú coláistí maoirseoirí difear do chearta agus freagrachtaí na n‐údarás inniúil faoin Treoir seo agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.”;
(b)
i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“6.
Féadfaidh na húdaráis inniúla ar a bhfuil sé de chúram maoirseacht a dhéanamh ar fhochuideachtaí de chuid máthairinstitiúide Aontais nó de chuid máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais Aontais nó de chuid máthairchuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha Aontais agus na húdaráis inniúla Ballstáit óstaigh i gcás ina mbeidh brainsí suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 51 bunaithe, bainc ceannais de chuid CEBC de réir mar is iomchuí, agus údaráis mhaoirseachta tríú tír de réir mar is iomchuí agus faoi réir ceanglais rúndachta atá coibhéiseach, de réir thuairim na n‐údarás inniúil uile, leis na ceanglais faoi Theideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, faoi Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de Threoir (AE).2019/2034, féadfaidh siad páirt a ghlacadh i gcoláistí maoirseoirí.”;
(c)
i mír 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
“9.
Faoi réir na gceanglas rúndachta faoi Theideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, faoi Roinn 2 de Chaibidil 1 de Theideal IV de Threoir (AE) 2019/2034, cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe ÚBE ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí an choláiste maoirseoirí, lena n‐airítear i gcásanna éigeandála, agus cuirfidh an té sin an fhaisnéis uile a bhfuil ábharthacht shonrach léi chun críocha an chóineasaithe maoirseachta in iúl do ÚBE.”;
(20)
in Airteagal 125, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Beidh faisnéis a fuarthas laistigh den chreat maoirseachta ar bhonn comhdhlúite, agus go háirithe aon mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla dá bhforáiltear sa Treoir seo, faoi réir ceanglais rúndachta gairmiúla a bheidh coibhéiseach, ar a laghad, leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 53(1) den Treoir seo maidir le hinstitiúidí creidmheasa nó faoi Airteagal 15 de Threoir (AE) 2019/2034.”;
(21)
in Airteagal 128, scriostar an cúigiú fomhír;
(22)
in Airteagal 129, scriostar míreanna 2, 3 agus 4;
(23)
in Airteagal 130, scriostar míreanna 2, 3 agus 4;
(24)
in Airteagal 143(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
“(d)
gan dochar do na forálacha a leagtar amach i dTeideal VII, Caibidil 1, Roinn II den Treoir seo agus, más infheidhme, na forálacha a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1, Roinn 2 de Threoir (AE) 2019/2034, sonraí staidrimh comhiomlána i ndáil le príomhghnéithe chur chun feidhme an chreata stuamachta i ngach Ballstát, lena n‐airítear líon agus cineál na mbeart maoirseachta a dhéanfar i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 102(1) den Treoir seo agus na bpionós riaracháin a fhorchuirfear i gcomhréir le hAirteagal 65 den Treoir seo.”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|