|
+Airteagal 64 Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE |
Airteagal 64 Leasuithe ar Threoir 2014/65/AEAirteagal 64 Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:
(1)
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
“(c)
ní chomhlíonfaidh sé a thuilleadh na coinníollacha faoinar tugadh an t‐údarú, amhail comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *14 );
(2)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15: “Airteagal 15 Caipiteal tosaigh a dhearlacadh Áiritheoidh na Ballstáit nach dtabharfaidh na húdaráis inniúla údarú ach amháin má bhíonn caipiteal tosaigh leordhóthanach ag an ngnólacht infheistíochta i gcomhréir le ceanglais Airteagal 9 de Threoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *15 ), ag féachaint do chineál na seirbhíse nó na gníomhaíochta infheistíochta i gceist.
(3)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41: “Airteagal 41 An t‐údarú a thabhairt
1.
Ní thabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar bhunaigh gnólacht tríú tír brainse nó ina bhfuil sé beartaithe ag gnólacht tríú tír brainse a bhunú údarú ach amháin i gcás ina mbeidh an t‐údarás inniúil sásta:
(a)
go bhfuil na coinníollacha faoi Airteagal 39 comhlíonta; agus
(b)
go mbeidh brainse an ghnólachta tríú tír ábalta na forálacha a chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3. Cuirfidh an t‐údarás inniúil in iúl don ghnólacht tríú tír, laistigh de shé mhí ó cuireadh isteach iarratas críochnaithe, cé acu a tugadh nó nár tugadh an t‐údarú.
2.
Comhlíonfaidh brainse an ghnólachta tríú tír a bheidh údaraithe i gcomhréir le mír 1 na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 16 go 20, Airteagail 23, 24, 25 agus 27, Airteagal 28(1), agus Airteagail 30, 31 agus 32 den Treoir seo agus in Airteagail 3 go 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus na bearta arna nglacadh dá mbun sin agus beidh sé faoi réir mhaoirseacht an údaráis inniúil sa Bhallstát inar tugadh an t‐údarú. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon cheanglais bhreise maidir le heagrú agus le hoibriú an bhrainse i dtaca leis na nithe atá cumhdaithe ag an Treoir seo agus ní chaithfidh siad le haon bhrainse de chuid gnólachtaí tríú tír níos fabhraí ná mar a chaitheann siad le gnólachtaí Aontais. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM ar bhonn bliantúil faoi liosta na mbrainsí de chuid gnólachtaí tríú tír atá ag feidhmiú ina gcríoch. Foilseoidh ÚEUM ar bhonn bliantúil liosta brainsí tríú tír atá gníomhach san Aontas, lena n‐áirítear ainm an ghnólachta tríú tír a mbaineann an brainse leis.
3.
Déanfaidh an brainse de chuid an ghnólachta tríú tír atá údaraithe i gcomhréir le mír 1 an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú ar bhonn bliantúil don údarás inniúil dá dtagraítear i mír 2:
(a)
scála agus raon feidhme na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann an brainse sa Bhallstát sin;
(b)
i gcás gnólachtaí tríú tír a dhéanann an ghníomhaíocht a liostaítear i bpointe (3) de Roinn A d'Iarscríbhinn I, a neamhchosaint íosta, mheánach agus uasta mhíosúil ar chontrapháirtithe AE;
(c)
i gcás gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn ceann amháin nó an dá ceann de na seirbhísí a liostaítear i bpointe (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I, luach iomlán na n‐ionstraimí airgeadais arna dtionscnamh ó chontrapháirtithe AE a frithghealladh nó a cuireadh ar bhonn ceangaltais dhaingin i rith na tréimhse 12 mhí roimhe sin;
(d)
láimhdeachas agus luach comhiomlán na sócmhainní a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a);
(e)
tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe cosanta infheisteoirí atá ar fáil do chliaint an bhrainse, lena n‐áirítear cearta na gcliant sin a thagann as an scéim cúitimh d'infheisteoirí dá dtagraítear i bpointe (f) d'Airteagal 39(2);
(f)
a mbeartas agus a socruithe bainistíochta riosca a chuireann an brainse i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a);
(g)
na socruithe rialachais, lena n‐áirítear na príomhfheidhmeannaigh maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse;
(h)
aon fhaisnéis eile a measann an t‐údarás inniúil gur gá í chun gur féidir faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an bhrainse.
4.
Arna iarraidh sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis a leanas in iúl do ÚEUM:
(a)
gach údarú maidir le brainsí arna n‐údarú i gcomhréir le mír 1 agus aon athruithe ina dhiaidh sin ar na húdaruithe sin;
(b)
scála agus raon feidhme na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a dhéanann brainse údaraithe sa Bhallstát;
(c)
láimhdeachas agus na sócmhainní iomlána a fhreagraíonn do na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b);
(d)
ainm an ghrúpa tríú tír a mbaineann brainse údaraithe leis.
5.
Oibreoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, údaráis inniúla eintiteas atá ina gcuid den ghrúpa céanna ina bhfuil brainsí de ghnólachtaí tríú tír atá údaraithe i gcomhréir le mír 1, agus ÚEUM agus ÚBE i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chuimsitheach chomhsheasmhach éifeachtach ar ghníomhaíochtaí uile an ghrúpa sin san Aontas i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh 575/2013, le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, le Rialachán (AE) 2019/2033, le Treoir 2013/36/AE agus le Treoir (AE) 2019/2033.
6.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an fhormáid a shonrú ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 le tuairisciú. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meán Fómhair 2020. Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.”;
(4)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 42: “Airteagal 42 Seirbhísí a sholáthar ar thionscain an chliaint amháin
1.
Cliant miondíola nó cliant gairmiúil de réir bhrí Roinn II d'Iarscríbhinn II agus atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas, i gcás ina dtionscnóidh sé, ar a thionscnamh eisiach féin, seirbhís nó gníomhaíocht infheistíochta a bheidh á soláthar ag gnólacht tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an gceanglas maidir le húdarú faoi Airteagal 39 maidir leis an tseirbhís nó leis an ngníomhaíocht sin a bheith á soláthar ag an ngnólacht tríú tír don duine sin, lena n‐áirítear caidreamh a bhaineann go sonrach le soláthar na seirbhíse nó na gníomhaíochta sin. Gan dochar don chaidreamh inghrúpa, i gcás ina ndéanfaidh gnólacht tríú tír, lena n‐áirítear trí bhíthin eintiteas a ghníomhaíonn thar a cheann nó a bhfuil dlúthnaisc aige leis an ngnólacht tríú tír sin nó le haon duine eile a ghníomhaíonn thar ceann an eintitis sin, cliaint nó cliaint ionchasacha a shireadh san Aontas, ní mheasfar gur seirbhís í sin a soláthraíodh ar thionscnamh eisiach an chliaint féin.
2.
Ní dhéanfar, le tionscnamh ó chliant dá dtagraítear i mír 1, teideal a thabhairt do ghnólacht tríú tír catagóirí nua táirgí infheistíochta nó seirbhísí infheistíochta a mhargú don chliant sin ar shlí eile seachas tríd an mbrainse, i gcás ina gceanglaítear brainse a bheith ann i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.”;
(5)
in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na margaí rialáilte córais mhéid an tic a ghlacadh i dtaobh scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile dá samhail agus i dtaobh aon ionstraim airgeadais eile ar ina leith a dhéantar caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt i gcomhréir le mír 4. Le cur i bhfeidhm na méideanna ticeanna, ní chuirfear cosc ar mhargaí rialáilte orduithe ar mórscála a mheaitseáil ag lárphointe laistigh de na praghsanna tairgthe agus tairisceana reatha.”;
(6)
in Airteagal 81(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
“(a)
a sheiceáil an bhfuil na coinníollacha maidir le gnó gnólachtaí infheistíochta a ghlacadh comhlíonta agus an faireachán ar dhéanamh an ghnó sin, ar nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta agus ar shásraí rialúcháin inmheánaigh a éascú;”;
(7)
cuirtear an t‐airteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 95a Foráil idirthréimhseach maidir le hinstitiúid creidmheasa dá dtagraítear i bpointe (1)(b) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a údarú Cuirfidh údaráis inniúla an t‐údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2013/36/AE ar an eolas i gcás inarb ionann agus EUR 30 billiún, nó inar mó ná EUR 30 billiún, sócmhainní beartaithe iomlána gnóthais a rinne iarratas ar údarú de bhun Theideal II den Treoir seo roimh an 25 Nollaig 2019 chun na gníomhaíochtaí a dhéanamh dá dtagraítear i bpointí (3) agus (6) de Roinn A d'Iarscríbhinn I, agus tabharfaidh siad fógra don iarratasóir faoi sin.”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|