|
+Airteagal 15 5. |
Airteagal 15 5.Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus chun forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, déanfaidh ÚBÉ, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun:
(a)
an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na modhanna a leagan síos chun na K‐fhachtóirí faoi Theideal II de Chuid a Trí a thomhas;
(b)
coincheap na gcuntas neamh-leithscartha a shonrú chun críocha an Rialacháin seo do na coinníollacha trína n-áirithítear go ndéanfar airgead cliant a chosaint i gcás cliseadh gnólachta infheistíochta;
(c)
coigeartuithe a shonrú ar chomhéifeachtaí K-DTF dá dtagraítear i dTábla 1 de mhír 2 den Airteagal seo i gcás inar cosúil, i ndálaí struis sa mhargadh, dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2017/578 ón gCoimisiún ( 9 ), go bhfuil ceanglais K-DTF róshriantach agus díobhálach don chobhsaíocht airgeadais. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|