+Airteagal 15 Ceanglas de réir K-fhachtóirí agus comhéifeachtaí infheidhme
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.

Airteagal 15 Ceanglas de réir K-fhachtóirí agus comhéifeachtaí infheidhme

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.

Chun críocha phointe (c) d'Airteagal 11(1), is éard a bheidh sa cheanglas de réir K-fhachtóirí suim an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

K-fhachtóirí maidir leis an riosca don chliant (RtC) arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 2;

(b) 

K-fhachtóirí maidir leis an riosca don mhargadh (RtM) arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 3;

(c) 

K-fhachtóirí maidir leis an riosca don ghnólacht (RtF) arna ríomh i gcomhréir le Caibidil 4;

Airteagal 15 2.

Beidh feidhm ag na comhéifeachtaí seo a leanas maidir leis na K-fhachtóirí comhfhreagracha:



Tábla 1

K-FHACHTÓIRÍ

COMHÉIFEACHT

Sócmhainní faoi bhainistiú de réir bainistiú punainne lánroghnach agus socruithe neamh-lánroghnacha comhairleacha de chineál leanúnach

K-AUM

0,02%

Airgead cliant atá ar seilbh

K-CMH (ar chuntais leithscartha)

0,4%

K-CMH (ar chuntais neamh-leithscartha)

0,5%

Sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar

K-ASA

0,04%

Orduithe cliaint arna láimhseáil

Trádálacha in airgead tirim K‐COH

0,1%

 

Díorthaigh K‐COH

0,01%

Sreabhadh trádála laethúil

Trádálacha in airgead tirim K‐DTF

0,1%

 

Díorthaigh K‐DTF

0,01%

Airteagal 15 3.
Déanfaidh gnólachtaí infheistíochta faireachán ar luach a K-fhachtóirí i dtaca le haon treochtaí a d'fhéadfadh a fhágáil go mbeadh ceanglas cistí dílse a bheadh éagsúil go hábhartha chun críocha Airteagal 11 acu le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile faoi Chuid a Seacht agus tabharfaidh siad fógra dá n-údarás inniúla faoin gceanglas cistí dílse sin atá éagsúil go hábhartha.
Airteagal 15 4.
I gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar ghníomhaíochtaí gnó an ghnólachta infheistíochta a dhéanann difear do mhéid K-fhachtóra ábhartha, féadfaidh siad an méid comhfhreagrach a choigeartú i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 39(2) de Threoir (AE) 2019/2034.
Airteagal 15 5.

Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus chun forbairtí sna margaí airgeadais a chur san áireamh, déanfaidh ÚBÉ, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun:

(a) 

an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na modhanna a leagan síos chun na K‐fhachtóirí faoi Theideal II de Chuid a Trí a thomhas;

(b) 

coincheap na gcuntas neamh-leithscartha a shonrú chun críocha an Rialacháin seo do na coinníollacha trína n-áirithítear go ndéanfar airgead cliant a chosaint i gcás cliseadh gnólachta infheistíochta;

(c) 

coigeartuithe a shonrú ar chomhéifeachtaí K-DTF dá dtagraítear i dTábla 1 de mhír 2 den Airteagal seo i gcás inar cosúil, i ndálaí struis sa mhargadh, dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2017/578 ón gCoimisiún ( 9 ), go bhfuil ceanglais K-DTF róshriantach agus díobhálach don chobhsaíocht airgeadais.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Nollaig 2020.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.