|
+Airteagal 30 2. |
Airteagal 30 2.Is mar a leanas a chinnfear luach na comhthaobhachta:
(a)
chun críocha phointí (a), (e) agus (g) d'Airteagal 25(1), leis an méid comhthaobhachta a fhaigheann an gnólacht infheistíochta óna chontrapháirtí agus é laghdaithe i gcomhréir le Tábla 4;
(b)
i dtaca leis na hidirbhearta dá dtagraítear i bpointí (b), (c), (d) agus (f) d'Airteagal 25(1), le suim CMV na coda slándála agus le glanmhéid na comhthaobhachta arna bhreacadh nó arna fháil ag an ngnólacht infheistíochta. Maidir le hidirbhearta maoinithe urrús, i gcás inarb urrúis iad an dá chuid den idirbheart, is le CMV an urrúis arna iasachtú ag an ngnólacht infheistíochta a chinnfear an chomhthaobhacht. I gcás ina bhfuil an t-urrús á cheannach ag an ngnólacht infheistíochta nó inar iasachtaigh sé an t-urrús, láimhseálfar CMV an urrúis mar mhéid diúltach agus laghdófar é, go méid diúltach níos mó, ag baint úsáid as an gcoigeartú luaineachta i dTábla 4. I gcás ina bhfuil an t-urrús á cheannach ag an ngnólacht infheistíochta nó ina bhfuair sé an t-urrús ar iasacht, láimhseálfar CMV an urrúis mar mhéid dearfach agus laghdófar é ag baint úsáid as an gcoigeartú luaineachta i dTábla 4. I gcás ina bhfuil cineálacha éagsúla idirbheart faoi chumhdach ag comhaontú glanluachála conarthach, cuirfear na coigeartuithe luaineachta is infheidhme maidir le “idirbhearta eile” i dTábla 4, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 31, cuirfear i bhfeidhm iad ar na méideanna arna ríomh faoi phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír faoi seach ar bhonn eisitheora laistigh de gach aicme sócmhainne. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|