|
+Airteagal 52 1. |
Airteagal 52 1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034 á gcomhlíonadh acu an méid seo a leanas a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán seo:
(a)
cion na gceart vótála a bhaineann leis na scaireanna atá i seilbh, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an ngnólacht infheistíochta, arna mhiondealú de réir an Bhallstáit agus na hearnála;
(b)
tuairisc iomlán ar iompraíocht vótála i gcruinnithe ginearálta na gcuideachtaí a bhfuil a scaireanna i seilbh i gcomhréir le mír 2, míniúchán ar na vótaí, agus cóimheas na dtograí arna gcur chun tosaigh ag comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá formheasta ag an ngnólacht infheistíochta; agus
(c)
míniúchán ar an úsáid a bhaintear as gnólachtaí comhairleoirí seachvótála;
(d)
na treoirlínte vótála i ndáil leis na cuideachtaí a bhfuil a scaireanna i seilbh i gcomhréir le mír 2. An ceanglas nochta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige mura ndéantar le socrúcháin chonarthacha na ngeallsealbhóirí uile a ndéanann an gnólacht infheistíochta ionadaíocht orthu ag cruinniú na ngeallsealbhóirí an gnólacht infheistíochta a údarú chun vótáil ar a son mura dtugann na geallsealbhóirí orduithe vótála sainráite tar éis dóibh clár oibre an chruinnithe a fháil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|