+Airteagal 52 Beartas infheistíochta
---+Airteagal 52 1.
---+Airteagal 52 2.
---+Airteagal 52 3.
|
Airteagal 52 Beartas infheistíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 52 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na gnólachtaí infheistíochta nach bhfuil na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034 á gcomhlíonadh acu an méid seo a leanas a nochtadh i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán seo:
(a)
cion na gceart vótála a bhaineann leis na scaireanna atá i seilbh, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an ngnólacht infheistíochta, arna mhiondealú de réir an Bhallstáit agus na hearnála;
(b)
tuairisc iomlán ar iompraíocht vótála i gcruinnithe ginearálta na gcuideachtaí a bhfuil a scaireanna i seilbh i gcomhréir le mír 2, míniúchán ar na vótaí, agus cóimheas na dtograí arna gcur chun tosaigh ag comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá formheasta ag an ngnólacht infheistíochta; agus
(c)
míniúchán ar an úsáid a bhaintear as gnólachtaí comhairleoirí seachvótála;
(d)
na treoirlínte vótála i ndáil leis na cuideachtaí a bhfuil a scaireanna i seilbh i gcomhréir le mír 2.
An ceanglas nochta dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige mura ndéantar le socrúcháin chonarthacha na ngeallsealbhóirí uile a ndéanann an gnólacht infheistíochta ionadaíocht orthu ag cruinniú na ngeallsealbhóirí an gnólacht infheistíochta a údarú chun vótáil ar a son mura dtugann na geallsealbhóirí orduithe vótála sainráite tar éis dóibh clár oibre an chruinnithe a fháil.
|
|
Airteagal 52 2.
|
An gnólacht infheistíochta dá dtagraítear i mír 1, ní chomhlíonfaidh sé an mhír sin ach amháin i dtaca le gach cuideachta a ligtear a scaireanna isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte agus nach bhfuil cearta vótála ag baint leis na scaireanna sin ach i gcás inar mó cion na gceart vótála atá i seilbh an ghnólachta infheistíochta, go díreach nó go hindíreach, ná an tairseach de 5 % de na cearta vótála uile a bhaineann leis na scaireanna a eisíonn an chuideachta. Ríomhfar na cearta vótála ar bhonn na scaireanna uile a bhfuil cearta vótála ag baint leo fiú má chuirtear feidhmiú na gceart vótála sin ar fionraí.
|
|
Airteagal 52 3.
|
Ceapfaidh ÚBE, i gcomhairle le ÚEUM, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun teimpléid maidir le nochtadh faoi mhír 1 a shonrú. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 26 Meitheamh 2021. Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún chun an Rialachán a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2033
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|