+Airteagal 10 Caidreamh leis an iasachtaí, cumarsáid maidir leis an aistriú agus cumarsáid a dhéantar ina dhiaidh sin
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
|
Airteagal 10 Caidreamh leis an iasachtaí, cumarsáid maidir leis an aistriú agus cumarsáid a dhéantar ina dhiaidh sin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Cuirfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas de cheangal ar cheannaitheoirí creidmheasa agus seirbhíseoirí creidmheasa, sa chaidreamh a bhíonn acu le hiasachtaithe:
|
(a)
|
gníomhú de mheon macánta, go cothrom agus go gairmiúil;
|
|
(b)
|
faisnéis a sholáthar d’iasachtaithe nach bhfuil míthreorach, doiléir nó bréagach;
|
|
(c)
|
faisnéis phearsanta agus príobháideachas iasachtaithe a urramú agus a chosaint;
|
|
(d)
|
cumarsáid a dhéanamh le hiasachtaithe ar bhealach nach ann do chiapadh, do chomhéigean nó do thionchar míchuí.
|
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Áiritheoidh na Ballstáit, tar éis aon aistriú ar chearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó aistriú an chomhaontaithe creidmheasa neamhthuillmhigh féin, chuig ceannaitheoir creidmheasa, agus roimh an gcéad bhailiú fiachais i gcónaí, ach freisin aon uair arna iarraidh sin ag an iasachtaí, go ndéanfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, nuair a cheapfar é chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó an seirbhíseoir creidmheasa, cumarsáid a sheoladh chuig an iasachtaí ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile, ina n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
faisnéis faoin aistriú a tharla, lena n-áirítear dáta an aistrithe;
|
|
(b)
|
céannacht agus sonraí teagmhála an cheannaitheora creidmheasa;
|
|
(c)
|
nuair a cheapfar é, céannacht agus sonraí teagmhála an tseirbhíseora creidmheasa nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii);
|
|
(d)
|
nuair a cheapfar é, fianaise maidir le húdarú seirbhíseora creidmheasa arna dheonú de bhun Airteagal 7;
|
|
(e)
|
i gcás inarb ábhartha, céannacht agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhísí creidmheasa;
|
|
(f)
|
agus an méid sin á chur in iúl ar bhealach feiceálach, pointe tagartha teagmhála ag an gceannaitheoir creidmheasa nó, nuair a cheapfar é chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, ag an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó ag an seirbhíseoir creidmheasa agus, i gcás inarb ábhartha, ag an soláthraí seirbhísí creidmheasa, óna bhfaighfear faisnéis nuair is gá;
|
|
(g)
|
faisnéis faoi na méideanna atá dlite ag an iasachtaí tráth na cumarsáide, ina sonraítear cad atá dlite mar chaipiteal, mar ús, mar tháillí agus mar mhuirir cheadaithe eile;
|
|
(h)
|
ráiteas ina gcuirtear in iúl go bhfuil feidhm i gcónaí ag dlí ábhartha uile an Aontais agus ag an dlí náisiúnta ábhartha uile a bhaineann go háirithe le conarthaí a fhorfheidhmiú, le cosaint tomhaltóirí, le cearta iasachtaithe agus leis an dlí coiriúil;
|
|
(i)
|
ainm, seoladh agus sonraí teagmhála údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an iasachta, nó ina bhfuil a oifig chláraithe suite nó, mura bhfuil aon oifig chláraithe aige faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig suite agus lenar féidir leis an iasachtaí gearán a dhéanamh.
|
Beidh an chumarsáid dá bhforáiltear sa chéad fhomhír scríofa i dteanga atá soiléir agus intuigthe don phobal i gcoitinne.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit, i ngach cumarsáid a dhéanfar leis an iasachtaí ina dhiaidh sin, go ndéanfaidh an ceannaitheoir creidmheasa nó, nuair a cheapfar é chun gníomhaíochtaí seirbhísithe creidmheasa a dhéanamh, an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(5), pointe (a)(i) nó (iii), nó an seirbhíseoir creidmheasa, an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2, pointe (f), den Airteagal seo a áireamh, ach amháin i gcás inarb í an chéad chumarsáid í tar éis seirbhíseoir creidmheasa nua a cheapadh, agus sa chás sin áireofar freisin an fhaisnéis a leagtar amach i mír 2, pointe (c) agus pointe (d), den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Ní dochar míreanna 2 agus 3 d’aon cheanglais bhreise maidir le cumarsáid dá bhforáiltear i ndlí eile an Aontais is infheidhme nó sa dlí náisiúnta eile is infheidhme.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|