+Airteagal 15 2
|
Airteagal 15 2
2. Ar bhonn débhliantúil, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar institiúidí creidmheasa a aistríonn chuig ceannaitheoir creidmheasa cearta creidiúnaí faoi chomhaontú creidmheasa neamhthuillmheach, nó an comhaontú creidmheasa neamhthuillmheach féin, údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 21(3) den Treoir seo, agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 4(5) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), a chur ar an eolas faoin méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI) an cheannaitheora creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19, nó i gcás nach ann d’aitheantóir den sórt sin:
|
(i)
|
céannacht an cheannaitheora creidmheasa nó céannacht chomhaltaí orgán bainistíochta agus riaracháin an cheannaitheora creidmheasa agus na ndaoine a bhfuil sealúchais cháilitheacha sa cheannaitheoir creidmheasa ina seilbh acu de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (36), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; agus
|
|
(ii)
|
seoladh an cheannaitheora creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, seoladh a ionadaí atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 19;
|
|
|
(b)
|
iarmhéid comhiomlán gan íoc chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó iarmhéid comhiomlán gan íoc na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;
|
|
(c)
|
líon agus méid chearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha nó líon agus méid na gcomhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha arna n-aistriú;
|
|
(d)
|
an bhfuil cearta an chreidiúnaí faoi na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha, nó na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha iad féin, a tugadh i gcrích le tomhaltóirí agus na cineálacha sócmhainní lena n-urraítear na comhaontuithe creidmheasa neamhthuillmheacha san áireamh san aistriú, nuair is infheidhme.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.12.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021L2167
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|